Is é an bronntanas againn é

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Éinne a d’fhéach ar An Bronntanas ar TG4 aréir fuair sé féirín ar a shon sin.

 

img1_darach-dubhain

Tá cad é bús faoin scannán/tsraith An Bronntanas (Déardaoin, TG4) le roinnt seachtainí anuas agus deineadh an goile a ghéarú a thuilleadh nuair a fógraíodh coicís ó shin go raibh an scannán curtha chun cinn le tabhairt faoi ainmniúchán Oscar sa rannóg do scannáin i dteangacha iasachta.

Deineadh an cinneadh cliste an scannán a bhriseadh i gcúig chuid le gur féidir leis an dá thrá a fhreastal.

Níorbh aon ábhar díomá an chéad ghála; a mhalairt ar fad, go deimhin, agus ón méid a chonac aréir, tá an mianach sa táirge seo a bheith ar cheann de bhuaicphointí drámaíochta TG4, ní hamháin i mbliana ach ó bunaíodh an stáisiún.

Thuigeas ós na teidil chreidiúna ghruama, thuarúla ag an tús (a chuir True Detective i gcuimhne dom ar chúis éigin) go raibh leathuair an chloig suaithinseach romham amach, rud is dócha ar cheart dom a bheith ag súil leis, óir is é an stiúrthóir/scríbhneoir Tom Collins an fear céanna a thug Kings (2007) dúinn.

In theannta sin, tagann An Bronntanas ón gceárta chéanna a sholáthraigh Cosa Nite (1998), An Leabhar (2000), Cré na Cille (2007) agus Na Cloigne (2010).

Scéinscéir chomhaimseartha atá faoi anáil scannáin noir na dtíortha Lochlannacha atá ann agus leagtar máithreacha an scéil sa chéad chlár.

Cítear an mac díobhlásach JJ (Dara Devaney) ag filleadh ó Cheanada nuair a chailltear a athair. Iarrann a mháthair air fanacht ag baile agus dul i bhfeighil monarcha an teaglaigh atá sna croití deireanacha.

Cuireann seo conach ar a liúdramán de dheartháir, Macdara (Pól Ó Gríofa). Is baill de bhád tarrthála an bheirt agus nuair a thagann siad ar lastas drugaí ar oíche stoirme, tuigmid go raghaidh siad ar bhóthar a n-aimhleasa.

Cé gur deacair léamh cuimsitheach a dhéanamh chomh luath seo, tá an  t-ámhabhar ar fad anseo le táirge den scoth a chur le chéile: scéal, script, carachtair agus aisteoirí.

Bhí an radharc farraige i rith na stoirme thar barr ar fad agus inchurtha le radharc aicsin a chifeá i sraitheanna a bhfuil i bhfad níos mó airgid acu.

Bheadh Dara Devaney molta agus an léirmheastóir seo ina thost. Thaitin Ó Gríofa liom riamh mar aisteoir, agus tá an ról seo an-oiriúnach dó.

Scéal thairis ach caithfear aitheantas a thabhairt don chaighdeán Gaeilge, cainteoirí líofa agus dúchais ar fad a bhí le cloisint, rud nach mbíonn amhlaidh i gcónaí ar TG4.

Is é tionscal na talamhaíochta ceann de bhunchlocha gheilleagar na tíre agus tá traidisiún an tionscail fréamhaithe go daingean i sícé roinnt mhaith de mhuintir na tíre.

Is cúis iontais mar sin nach mbíonn a thuilleadh cláracha ar stáisiúin na tíre a dhíríonn ar an talmhaíocht. Is é is dóichí ná go measann lucht déanta na gclár nach mbeidh an t-éileamh ar chláir dá leithéid agus go mbíonn an chuid den lucht féachana nach bhfuil baint dhíreach acu leis an talmhaíocht den tuairim nach mbainfidh siad taitneamh ná tairbhre astu.

Déanann Feirm (TG4, Déardaoin) an t-easnamh sa sceideal teilifíse a chúiteamh. Is sraith sé chlár atá anseo a thabharfaidh léargas ar thionscal talmhaíochta an lae inniu, gné na nuálaíochta go háirithe.

Leis na cuótaí bainne ag teacht chun deiridh in Aibreán 2015, tá sé tráthúil go ndíríonn an chéad chlár ar an deiríocht agus tá sé an-oiriúnach gurb é Jamie Costin, feirmeoir déiríochta ó Rinn Ó gCuanach agus siúlóir a ghlac páirt sna cluichí Oilimpeacha i mBeijing i 2008, a bhí, agus a bheidh, ár dtionlacan.

Cé nach raibh sé os cionn an bhuille ar uairibh i rith an chláir, is láithreoir mealltach é.

Le grafaicí cliste agus seatanna mealltacha d’fheirmeacha, bólachtaí agus tírdhreacha, cabhraíonn Jamie linn léargas a fháil ar dheiríocht an lae inniu.

Is fiú €3 billiún na hearraí agus táirgí déiríochta a tháirgeann an tír seo agus táimid ar thús cadhnaíochta i bhforbairt agus táirgeadh earraí cosúil le bainne foirmle do naíonáin. Is gnólacht an fheirm anois, gan aon agó.

Tugtar léargas dúinn ar thionchar na teicneolaíochta ar an earnáil agus bhain cuid de na forbairtí seo m’anáil díom; ó ghléas a sheolann téacs chuig an bhfeirmeoir nuair atá bó faoi dháir go bleánlann rothlach ar féidir leis 300 bó a chrú in uair go leith.

D’éirigh le lucht déanta an chláir rannpháirithe le Gaeilge a fháil agus cé gur chuaigh cuid den chaint theicniúil/eolaíoch sa bhfraoch orm, chuireadar go mór leis an gclár.

Tál breá eolais má chuireann tú an dua ort féin.

Tá an lasair sa bharrach in Love/Hate (Dé Domhnaigh, RTÉ 1) gan aon agó. Tá Fran faoi bhagairt sa phríosún agus Nidge i gcontúirt ag baile.

Ba é seo an clár ab fhearr i sraith a cúig go dtí seo agus ceann de na cúiseanna leis sin ná nár cuireadh aon am amú le radharcanna fánacha leis na Gardaí.

Cuireann na radharcanna sa phríosún go mór le réalachas agus scóp na sraithe. Ba dheas an rud é chomh maith go bhfuair Aido agus Elmo an deis greann agus téagair a gcarachtar a léiriú.

Fág freagra ar 'Is é an bronntanas againn é'