‘Is dócha gurbh é rún mór mo homaighnéasachais a spreag mo shuim sa Ghaeilge’ – Barry McCrea

Labhair Tuairisc.ie le Barry McCrea, Bleá Cliathach atá ina Ollamh in Ollscoil Notre Dame, faoina shaothar Languages of the Night a thuill duais mhór dó le déanaí

mccrea_web

Duais René Wellek ar an duais is mó gradam i réimse na litríochta comparáidí sna Stáit Aontaithe agus b’ábhar mór ceiliúrtha é nuair a fógraíodh le deireanaí gur bhain Barry McCrea, Bleá Cliathach atá ina Ollamh in Ollscoil Notre Dame, an duais mór le rá sin lena leabhar Languages of the Night. Is é seo an chéad uair ar bhuaigh leabhar a bhaineann le léann na hÉireann an duais iomráiteach sin agus, go deimhin, tá ceist na Gaeilge i gcroílár an tsaothair.

Agus é ag tagairt do mheath na Gaeilge i mBreac-Ghaeltacht Bhaile Bhuirne, dúirt Seán Ó Ríordáin go raibh an Ghaeilge, ‘ag cúladh isteach san oíche. Istoíche is ea is mó a chloisfeá Gaeilge na seandaoine, agus is leis an oíche a shamhlófaí an teanga…’ Ba é an ráiteas sin a spreag teideal leabhar McCrea, Languages of the Night.

Ach fiú más í meath na Gaeilge pointe tosaigh an leabhair, cuireann saothar McCrea i gcuimhne dúinn gur bhain an dúchinniúint chéanna do sciar mór mionteangacha agus canúintí ar fud na hEorpa le linn an fhichiú haois, agus gur imir an léirscrios a rinneadh ar na teangacha sin tionchar nach beag ar smaointeoireacht agus samhlaíocht liteartha na linne trí chéile.

Déanann McCrea scagadh ar scríbhneoirí áirithe, fearacht Sheáin Uí Ríordáin agus an file Iodálach Pier Paolo Pasolini, a bheartaigh scríobh i mionteanga nó canúint nárbh í a dteanga dhúchais í, agus an tionchar cliathánach a bhí ag meath na mionteangacha ar scríbhneoirí eile, dála James Joyce agus Marcel Proust, a raibh mórtheanga an náisiúin mar uirlis liteartha acu.

Ach bíodh is gur leabhar acadúil é Languages of the Night, tá ábhar an tsaothair fite fuaite le saol an údair féin.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt McCrea gurb é a spreag an leabhar ná an chuimhne a bhí aige ar a shin-seanmháthair ó oirthear Mhaigh Eo. Ní raibh mórán Gaeilge aici, ach bhí abairt amháin ar bharr a teanga aici, “coicís go mbeidh sí ag teacht”!

Seans nár thuig sí brí na habairte sin féin, ach ceaptar gur chuala sí bean chomharsan á rá arís is arís le teann uafáis mar gheall go raibh banchliamhain isteach le bheith ar aontíos léi taobh istigh de choicís. Dá bhrí sin, ba í an Ghaeilge teanga rúnda sheandaoine an phobail, agus is cosúil go raibh sí ceilte ar an nglúin óg.

“Bhí mé i gcónaí ag smaoineamh cad chuige nach raibh Gaeilge aici, ní raibh Gaeilge sna scoileanna ag an am, ach ag am éicint thuig mé go raibh sise an-chóngarach d’am a raibh an Ghaeilge mar theanga choitianta,” a deir McCrea.

Dar leis go raibh tionchar suntasach ag an athrú teanga sin ar scríbhneoirí ar nós Joyce agus Proust, fiú murar léir dúinn é sin ar an gcéad léamh.

“D’fhás Joyce suas i dtír a bhí ag dul i ngleic le cultúr na tuaithe agus ina raibh an náisiúnachas i réim. A mhalairt ar fad a bhí ann i gcás Proust, scríbhneoir cathrach a bhí ann, tháinig sé as cultúr nach raibh aon mheas aige ar mhionteangacha agus a leithéid, ach mar sin féin, is féidir na rianta féin agus an bhrionglóid féin a shonrú ina shaothar. Tá sé ceilte, ach tá sé ann.”

Ach ar an láimh eile, is liosta le háireamh iad na scríbhneoirí ar fud na hEorpa a thug cúl leis an mórtheanga agus a bheartaigh teanga mhionlaithe a tharraingt chucu féin mar mhodh liteartha.

“Tá an-chuid filí in Éirinn a bheadh oiriúnach do leabhar mar sin… Agus roinnt filí a scríobhann i gcanúintí na Gearmáine, a bhfuil an Ghearmáinis chaighdeánach mar mháthairtheanga ach a roghnaíonn scríobh i gcanúintí.”

Is minic a dhéantar talamh slán de go scríobhann údair agus filí i mionteanga ar mhaithe le caomhnú na teanga sin, ach dar le McCrea go mb’fhéidir go bhfuil cúiseanna eile ann go dtéann scríbhneoirí i mbun pinn i dteanga atá deoranta leo.

Déanann McCrea nasc idir an luí leis an nGaeilgea bhí ag Breandán Ó Beacháin (agus, b’fhéidir, Pádraig Mac Piarais) agus an homaighnéasachas. Baineann sé seo go dlúth le taithí an údair féin, a bhraith gur éan cuideáin é i saol an Bhéarla agus a chuaigh ar thóir saol eile sa nGaeilge.

“Nuair a bhí mé timpeall ceithre bliana déag d’aois bhí dúil aisteach, is dócha, agam sa nGaeilge. Nuair a smaoiním ar ais ar an am sin, ar na blianta inar spreagadh an tsuim sin ionam sa nGaeilge, is dócha go raibh baint ag an tsuim sin le mo homaighnéasachas, leis an rún mór a bhí agam.

“An rud a bhí sa nGaeilge dom, is dócha, ná samhail nó brionglóid éicint de theanga, nó fiú domhan, a bhí níos dúchasaí. Mar, nuair atá tú aerach, nó ar a laghad sna blianta áirithe sin, mothaíonn tú gur eachtrannach thú sa domhan.”

Is soiléire arís an toise sin i gcás an fhile Iodálaigh Pasolini, ar thug teanga na Friúilise deis dó scód a ligean lena chuid mianta homaighnéasacha. “Nuair a thosaigh mise ag léamh filíocht Phasolini i bhFriúilis, ní raibh mé in ann é a chreidiúint. Fianaise a bhí ann don rud a mhothaigh mé faoin nGaeilge.”

Ní hé McCrea an chéad duine le haird a tharraingt ar an tearmann a fhaigheann daoine aeracha áirithe sa nGaeilge. Tá taighde sochtheangeolaíochta déanta ag an Dr. John Walsh ar nuachainteoirí aeracha na Gaeilge, agus bhí nasc feiceálach idir an Ghaeilge agus an feachtas ar son an chomhionannais phósta i reifreann na bliana seo caite.

Ach dar le McCrea go raibh “an smaoineamh sin ann i gcónaí i ngluaiseacht na Gaeilge”.

“Tá nasc an-láidir aici le mionlaigh eile agus an tsaorsmaointeoireacht is dócha. Sin rud atá le sonrú ar an leabhar nua le Roy Foster, Vivid Faces. Nuair atá teanga faoi bhrú agus nuair a bhíonn tú ag iarraidh teanga a athbheochan nó saol nua nó fuinneamh nua a thabhairt don teanga, bíonn domhan nua á shamhlú agat. Bhí an smaoineamh Útóipeach sin i gcónaí laistigh de ghluaiseacht na Gaeilge. Is oth liom a rá go raibh tionchar an-mhór ag an Eaglais ar an ngluaiseacht ar feadh na mblianta agus, mar sin, bhí an chuid sin den ghluaiseacht ceilte nó curtha ar leataobh, ach bhí sí i gcónaí ann.

“Sin an chumhacht atá ag baint leis an nGaeilge, go dtugann sí an tsaoirse sin duit. Teanga leathrúnda atá inti; is féidir an-chuid rudaí a dhéanamh inti nach féidir a dhéanamh i dteangacha atá níos forleithne. Tá tú in ann tú féin is d’obair a chosaint ón gcuid eile den domhan. Tearmann atá sa teanga.”

Dar ndóigh, úrscéalaí é McCrea i dteannta a bheith ina scoláire. D’fhoilsigh sé a chéad úrscéal The First Verse in 2005. An bhfuil seans ar bith ann go mbeidh an chéad úrscéal eile a scríobhfaidh sé i nGaeilge, nó an teanga leathrúnda atá fós inti aige?

“Scríobhaim dialann phríobháideach ó am go chéile. Agus ó am go chéile scríobhaim dán as Gaeilge. Ó am go chéile tagann sé chugam agus breacaimse síos é, ach ní fhoilseoidh mé iad! Teanga fhíorphríobháideach í!”