‘Is deacair aon rud a scríobh faoi láthair…’ – an chéad eagrán den Chlaidheamh i ndiaidh Éirí Amach 1916

Níor foilsíodh ‘An Claiḋeaṁ Soluis’ ar feadh míosa i ndiaidh Éirí Amach na Cásca. Cuireadh an chéad eagrán i gcló ar an 3 Meitheamh 1916. Foilsítear anseo, le caoinchead Chonradh na Gaeilge, leathanach tosaithe an eagráin sin.

An Claíomh8.                 (Iomlán 945), Cláraithe mar pháipéar nuachta                 Meitheamh 3, 1916                 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Is deacair aon rud a scríobh faoi láthair. Deir cara linn gur binn béal ina thost agus is fíor dó an méid sin. Tá cathair seo Bhaile Átha Cliath bunoscionn agus tá an tír uile mar an gcéanna. Ní féidir an aigne a dhíriú ar chúis ar bith. Tá an saighdiúir ina rí sa tír agus fad is a bheidh sé ina rí beidh imní agus eagla agus trína chéile ar an bpobal.

Níl eolas cruinn againn fós ar an Éirí Amach ná ar an gCogadh. Ní heol dúinn céard a déarfaidh an scéalaí maith, an aimsir ina thaobh. Ní féidir an scéal go léir agus cúrsaí Sheachtain na Cásca a bhreathnú go fóill. Níl an t-eolas againn agus dá mbeadh an t-eolas againn bfhéidir nach mbeadh an cead againn gach taobh den scéal a nochtadh.

    Tugadh breith an bháis ar chúig fhear déag de na taoisigh agus cuireadh an bhreith i bhfeidhm. Deir na Sasanaigh féin nach cúis náire d’Éirinn an chaoi inar throid siad ná an chuma inar sheas siad os comhair na ngunnaí i ndeireadh na scríbe. Tá a gcrógacht á moladh ag an domhan mór agus pé acu go raibh an ceart acu nó nach raibh, is ábhar misnigh dúinn go bhfuil crógacht agus fearúlacht sa chine seo Gael go fóill.

Ní mór dúinn ábhar éigin misnigh a bheith againn agus a bhrónaí is atá an uair. Tá ábhar eile misnigh againn chomh maith. Tá níos mó daoine ar thaobh na Gaeilge faoi láthair ná mar a bhí roimh an Éirí Amach. Ní hamhlaidh atá an Rialtas blas níos fabhraí dúinn ach tá athrú mór tagtha ar aigne agus ar chroí an phobail. Nuair a chonacthas do na daoine a bhí ar nós cuma liomgur thug beagán fear a n-anam ar son na hÉireann dhúisigh an gníomh a ndílse féin agus tá na mílte anois ann agus iad go míshásta nuair nach bhfuil rud éigin á dhéanamh acu féin ar mhaithe leis an tír.

Dírímis ar ár ngnó féin chomh luath agus is féidir linn an imní agus an trí chéile a chur dínn. Tá Éire fós ann agus tá saol agus réim i ndán di. Is é gnó an Chonartha scéal na Gaeilge agus scéal na hÉireann a mheabhrú do mhuintir na tíre. Cothaíonn an dá rud, an Ghaeilge agus an stair, an náisiúntacht agus le cúnamh Dé, ní ligfear an náisiúntacht ar ceal.

Gabhadh go leor de mhuintir na Gaeilge agus níor cuireadh aon rud i leith a bhformhór go fóill. Tá súil againn go mbeidh Seán Ó Ceallaigh agus Peadar Ó hAnnracháin saor gan mhoill. Deir Sir John Maxwell nach ngabhfar aon duine feasta gan cruthúnas cinnte go raibh sé páirteach sa chogadh. Má dheonaíonn sé sin dúinn ba chóir dó na daoine atá gafa le tamall agus nach bhfuil aon fhianaise ina n-aghaidh a scaoileadh gan mhoill.

Maraíodh daoine sa chogadh nach ndearnadh aon trácht orthu. Duine acu sin ab ea Seán Ó Conghaile. Ba as Baile Átha Cliath dó agus bhí sean-aithne ag daoine ar fud na cathrach air mar bhí sé ina amhránaí agus ina chluicheoir [aisteoir] agus ina fhear grinn, agus bhí cáil mhór air le greann agus cluicheoireacht [aisteoireacht]. Bhí sé ina chluicheoir críochnaithe agus thaitin sé go mór le lucht stiúrtha [Amharclann] na Mainistreach. Dfhoghlaim sé an Ghaeilge agus thug sé cúnamh do Na Cluicheoirí [compántas aisteoirí an Chonartha a bunaíodh i 1913 ach a scaip i ndiaidh an Éirí Amach] go minic.