Is deacair a shamhlú go sárófar gaiscí Joe Henry, Heffo, Paul Hearty nó Mick Mackey

Bíonn tús áite an t-am seo bliana ag clubanna Chumann Lúthchleas Gael. Tugann ár gcolúnaí chun cuimhne ghaiscígh na ré atá thart…

Is deacair a shamhlú go sárófar gaiscí Joe Henry, Heffo, Paul Hearty nó Mick Mackey

Iarchúl báire Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin, Paul Hearty. Pictiúr: INPHO/Presseye/Russell Pritchard

Gnóthaí chlubanna Chumann Lúthchleas Gael a gheobhaidh tús áite anois go dtiocfaidh an athbhliain agus na Sraithchomórtais Náisiúnta – tá dlús curtha cheana féin le himirt na gcluichí ceannais contae agus an díol iontais ba mhó go dtí seo ná go bhfuil deireadh arís i mbliana le hiomaíocht Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin in Ard Mhacha, áit ar buadh orthu i mbabhta leathcheannais den dara séasúr as a chéile.

Imithe freisin tá curaidh iomána na bliana seo caite i Luimneach agus i gCiarraí, Cill Mocheallóg agus Cill Mhaoile mar aon le Baile Uí Aodha an Chláir a chuaigh chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann anuraidh.

Tá na ceithre chlub a bhuaigh Craobhacha Peile na gCúigí 2016 fós beo i mbliana – go deimhin Craobh Dhoire buaite den 4ú huair as a chéile ag Sleacht Néill agus Naomh Uinsionn, na Crócaigh agus Cora Fine i mbabhtaí deireanacha a gcontaetha féin.

Gan amhras is ag Crois Mhic Lionnáin is mó atá gaisce déanta i gcomórtais na gclubanna le blianta beaga – 13 craobh as a chéile buaite acu faoin am ar bhuaigh Na Piarsaigh Óga orthu in 2009 agus ansin sé cinn eile droim ar dhroim ina dhiaidh sin.

Tá 17 bonn sinsir peile de chuid Ard Mhacha ag a mbáireoir Paul Hearty.

Ní mór duit dul siar traidhfil mhaith blianta sula dtiocfaidh tú ar aon ghaisce den chineál sin in annála chlubanna CLG.

Tar éis dóibhsean cluiche ceannais sinsir Bhaile Átha Cliath a shroichint den chéad uair riamh i 1949 bhuaigh siad seacht gcraobh as a chéile. Tar éis do scoláirí Choláiste Phádraig (Rogha Éireann) an bua a fháil orthu i gcluiche ceannais 1956 bhuaigh Naomh Uinsionn na sé chraobh a lean sin.

Idir 1948 agus 1977 d’imir peileadóirí sinsireacha Naomh Uinsionn i 28 den 30 cluiche ceannais craoibhe a imríodh i mBaile Átha Cliath agus bhuaigh siad 22 acu. Thug Kevin Heffernan 15 bonn abhaile leis as na babhtaí ceannais siúd chomh maith le leathdhosaen a bhuaigh sé le foirne iomána an chlub.

Tá trí cinn de na ceithre chraobh is deireanaí atá imeartha i mBaile Átha Cliath buaite ag Naomh Uinsionn, ach tá an iomaíocht níos géire ansiúd sa lá atá inniu ann, níor buadh trí cinn as a chéile ó rinne na Fianna an gaisce ’chaon taobh den Mhílaois.

Bonn amháin chun cinn atá Heffo ar dhuine de mhór-iománaithe an chéid seo caite Mick Mackey a bhí ar fhoirne Átháin a bhuaigh Craobh Iomána Luimnigh cúig huaire déag agus an chraobh peile cúig huaire as a chéile – a dheartháir John lena thaobh

i chuile chluiche ceannais beo acu.

Idir 1933 agus 1939 bhuaigh Áthán seacht gcinn iomána as a chéile agus as sin gur tháinig 1948 d’imir na Mackeys i gcluiche ceannais an chontae lena gclub chuile bhliain beo acu – 16 ar fad.

Bhí Mick 39 bliain d’aois nuair a d’imir sé an cluiche craoibhe deireanach d’Áthán i 1951.

Is ar éigean go gceapfá gur ag iománaí as Maigh Eo a bheadh an bailiú is mó de bhoinn shinsir chontae sa gcluiche sin, ach féach gur amhlaidh atá.

Trí scóir bliain go ham seo a beartaíodh cumann iomána a bhunú ar an Tuairín atá i bhfoisceacht cúpla míle do Bhéal Átha hAmhnais. Ar dhuine díobh siúd a bhí ag an gcruinniú a rinne sin bhí an Mons. Séamus Ó hÓráin, a bhain cáil amach ina dhiaidh sin nuair a thug sé faoi thógáil aerfoirt i gCnoc Mhuire.

Tá seans ann gur thug an rath a bhí ar an gcumann iomána a bhunaigh sé ugach don sagart agus é ag cuimhneamh ar an bplean mór eile mar tá craobh a gcontae buaite ag iománaithe an Tuairín 27 uair ó shin.

Bhí Joe Henry ag imirt nuair a bhuaigh siad formhór na gcraobhacha sin agus go dtí seo is é an t-aon iománaí as a chontae a fuair ainmniúchán don ghradam All Star.

I gColáiste Mhuire i gcathair na Gaillimhe a fuair Henry a chuid meánscolaíochta agus in aon rang leis bhí Joe Connolly a d’ardaigh Corn Mhic Cárthaigh san aer i ngeansaí na Gaillimhe i 1980.

D’imir siad le chéile ar fhoirne an choláiste agus go minic ina dhiaidh sin ar fhoirne Chonnacht sa gcomórtas idirchúige, áit ar thug Joe agus Henry a ndóthain le déanamh do mhórchosantóirí na linne – Seán Stack an Chláir, Pat Hartigan Luimnigh agus John Horgan Chorcaí ina measc.

Bhí Henry chomh gar don leathchéad agus a bhí sé don dá scór nuair a d’éirigh sé as a bheith ag imirt iomána i mbliain na Mílaoise agus faoin am sin bhí craobh an chontae buaite aige 22 uair le Tuairín.

Mar chúl báire a chaith sé na blianta deireanacha agus is cuimhin liom buille saor 100 méadar a chuir sé thar an trasnán i gcluiche leathcheannais Chonnacht in aghaidh Bhaile Átha an Rí i 1998 agus cúpla sábháil den scoth a rinne sé ar iarrachtaí de chuid Eugene Cloonan ag an tráth céanna den chomórtas an bhliain dár gcionn.

Is deacair a shamhlú go sárófar gaiscí Joe Henry, Heffo, Paul Hearty nó Mick Mackey ach is cinnte dearfa má sháraítear an gaisce atá déanta ag foireann peile ban Bhaile Mhac Cairbre gurb iad féin amháin a dhéanfaidh sin.

Cúpla seachtain ó shin ar Pháirc Uí Fhearchair i nDún Garbhán bhuaigh siad ar Raonaithe an Chomaraigh i gCluiche Ceannais Sinsir Phort Láirge.

D’fhág sin an chraobh buaite acu don 36ú bliain as a chéile.