Is de réir a chéile a ghéaraítear ar theannas ‘Anthropoid’

Cuireann dhá scéal grá scannán nua Cillian Murphy dá bhuille ábhairín, ach ina dhiaidh sin féin bhí ár léirmheastóir ar cipíní

Is de réir a chéile a ghéaraítear ar theannas ‘Anthropoid’

Anthropoid

Stiúrthóir: Sean Ellis

Cliar: Jamie Dornan, Cillian Murphy, Brian Caspe, Toby Jones, Charlotte Le Bon, Anna Geislerová.

Bhí Reinhard Heydrich ar dhuine de na baill ba shinsearaí i bpáirtí na Naitsithe. Go deimhin deir an saothar seo linn ag pointe amháin nach raibh de cheann feadhna air ach fear an chroiméil bhig féin.

Chuaigh cáil a bhrúidiúlachta níos faide ná mar a chuaigh a chos agus meastar go raibh sé ar dhuine acu siúd a dhear an ‘Final Solution’. Ba le gráin agus eagla a baisteadh ‘Búistéir Phráig’ air, leasainm a bhí tuillte go maith tar éis a chéad seachtaine sa chathair is é i ndiaidh tuairim is 5,000 duine a dhaoradh chun báis. Ní haon iontas go raibh an ghráin shaolta ag muintir na cathrach air agus go raibh rialtas na Seicslóvaice, a bhí ar deoraíocht i Londain, ag iarraidh é a chur de dhroim seoil.

Faoi stiúir na Sasanach, ceapadh misean chuige sin i 1942, le saighdiúirí Seicslóvacacha a bhí ar deoraíocht ag tuirlingt ar an bhfód dúchais i bparaisiúit.

Tá na heachtraí a lean tar éis go leor scannán a ghiniúint, The Assassination (1965) agus Operation Daybreak (1975) san áireamh. Seo léamh eile agus beirt Éireannach ina gceann feadhna. 

Gan amhras bíonn saoirse an ealaíontóra i gceist go rábach aon uair go bhfaigheann Hollywood greim ar ‘scéal fíor’. Tugaim féin suntas i gcónaí don imeartas focal iontach sin ‘inspired by a true story’. Ar a laghad deirtear anseo gur ‘bunaithe’ ar scéal fíor atá na heachtraí.

Soláthraíonn Cillian Murphy agus Jamie Dornan carachtair bheagfhoclacha dhúnéaltacha dúinn. Cé go dtéann siad thar fóir leis na gcanúint agus an méaldráma ar uairibh is carachtair chaithiseacha iad a bhfuil gean againn orthu.

Fir iad seo atá gafa leis an misean agus an mhian atá acu srathair na Naitsithe a bhaint dá dtír dhúchais.

Le cabhair na gceannairceach áitiúil déanann siad plean a cheapadh.

Is de réir a chéile a ghéaraítear ar theannas an ionsaithe. Tugtar léiriú snasta ar Phrág na linne, cathair atá ag strácáil léi faoi fhorghabháil agus sceimhle.

Roimh agus i ndiaidh an ionsaí feallmharaithe déantar cíoradh ar an lorg a d’fhágfadh sé ar phobal na cathrach. Bhí údar maith leis sin óir go ndein an SS slad tar éis an ionsaithe agus maraíodh 5,000 duine eile.

I gcúpla radharc déantar iniúchadh ar an bpolaitíocht a bhain leis an gcinneadh. An rialtas lag ar deoraíocht ag iarraidh náire a sheachaint agus dul i bhfeidhm ar na comhghuaillithe, na rialtais chéanna a lig do Hitler seilbh a ghlacadh ar chuid den tír i 1938. Ní raibh sa rud ar fad ach gothaí, ba chuma faoin bpobal, agus is cinnte gur chuma fúthu siúd a bhí sa bhuíon fheallmharaithe.  Cuireann an tagairt don slad ar Lidice abhaile orainn an díoltas a baineadh amach ar shibhialtaigh.

Ní scéal grá amháin ach dhá cheann a tháinig sa mhullach orainn, rud a chuir an scannán dá bhuille ábhairín. Ina dhiaidh sin féin bhíos ar cipíní agus an ceann scríbe fuilteach, ach cuí, ag teannadh linn.