Is cuma liom sa sioc faoin gCatalóin, ach tá an ghráin shíoraí agam ar ghríosóirí pobail

Tá an dallamullóg á cur ar an bpobal ag Barcelona agus ag Maidrid tráth a bhfuil mórchorraíl a bhfuil práinn dháiríre léi ag bagairt, a scríobhann ár gcolúnaí

Is cuma liom sa sioc faoin gCatalóin, ach tá an ghráin shíoraí agam ar ghríosóirí pobail

Is cuma liom sa sioc faoin gCatalóin.

Ní raibh mé ann riamh, níl sé ar intinn agam dul ann agus níl aithne agam ar dhuine ar bith ann. Is cuma sa sioc liom ar réigiún féinrialaitheach í nó tír neamhspleách.

Ach tá tuairim agam faoi náisiúnachas agus faoi ghríosóirí pobail.

Tá an ghráin shíoraí agam orthu.

Níl drogall ar leithéidí Carles Puigdemont, ar thaobh amháin, agus (go pointe) ar Mariano Rajoy, ar an taobh eile, teacht i dtír ar an gcuid is bunúsaí de nádúr an duine. Seo atá i gceist agam:

NASC:

Ní laochra iad Puigdemont ná Rajoy. Polaiteoirí cliste iad a bhfuil seanchleas á imirt acu ar an gcosmhuintir: an náisiúnachas mar dhallamullóg.

Sa Chatalóin, tá caimiléireacht ar scála ollmhór curtha i leith fheidhmeannaigh a bhaineann le páirtí polaitiúil Puigdemont, PDeCAT (nó CDC mar a bhí air roimhe seo). Thall i Maidrid, tá calaois curtha i leith fheidhmeannaigh a bhaineann le páirtí Rajoy, an PP. Tá an scéal mínithe go beacht anseo.

Ba chuma liom mura mbeadh ann ach an méid sin: polaiteoirí ag iarraidh a mbeatha pholaitiúil féin a shábháil. Faigheann pé pobal na polaiteoirí atá tuillte acu, agus má theastaíonn ó phobal a bheith á ngríosú ag ceisteanna féiniúlachta agus náisiúnachais mar a bheadh lucht féachana sobaldráma, bíodh acu – chomh fada is nach bhfaigheann éinne bás.

Ach seo í an bhliain 2017, agus is léir don dall, nó ba cheart gur léir, go bhfuil ré an náisiúnstáit caite.

Na tinte foraoise uafásacha a tharla sa Phortaingéil i mbliana, fairsingiú an fhásaigh i ndeisceart na Spáinne, an stoirm Ophelia in Éirinn – samplaí iad ar fad den athrú aeráide atá ag tarlú ar fud an domhain. Ní hí an aeráid an t-aon mhórthubaiste atá ag bagairt ar an gcine daonna faoi láthair: tá réabhlóid na hintleachta saorga romhainn gan mhoill, mórchorraíl shóisialta a fhágfaidh na billiúin duine gan phost agus a d’fhéadfadh an bheatha a fhágáil gan bhrí.

Cén chaoi a dtabharfaidh tíortha beaga aghaidh ar na dúshláin sin ar a gconlán féin?

Cén mhaith do dhuine ar bith Catalóin neamhspleách mura bhfásfaidh oráiste ná fíonchaor inti agus mura mbeidh faic na ngrást le déanamh ag na daoine toisc go mbeidh an obair ar fad á déanamh ag róbait?

Sin é an locht atá agam ar náisiúnachas de chineál ar bith: meallann sé aird na ndaoine ó mhórcheisteanna a bhfuil práinn dháiríre leo.

Cuireann sé scoilteanna bréagacha sa chine daonna nuair is léir, níos mó ná riamh, go gcaithfimid cur le chéile.

Fág freagra ar 'Is cuma liom sa sioc faoin gCatalóin, ach tá an ghráin shíoraí agam ar ghríosóirí pobail'

  • Eoghan o Neill

    Dearfainn go bhfuil a lán den fhírinne ag Alex ansin ag caint ar aird na ndaoine a chur ar bhratachaí agus dá mbaint ó mhór-fhaidhbeanna an tsaoil. Is é an cleas ceanna a bhíonn ag an matador ar an toro. Is dócha gur b’fhiú ag an bpoinnte seo reifreann a chur ar siúl ins na ceithre cúigí sa Chatalóin (Gerona, Lérida, Barcelona agus Tarragona) féachaint céard í rogha phobail gach chúige neamhspleachas nó fanacht sa Spáin. B’fheidir gur Partition a bheadh ann sa deireadh.

  • Fearn

    Maith thú, a Alex.

  • Eamonn

    Seo é an t-alt is fearr atá léite agam anseo faoi cheist na Catalóine. Cloisim ó theanghmálaí atá agam sa Spáinn go bhfuil morán daoine go hiomlán braon den cheist seo óir go bhfuil neamhaird á dhéanamh do fhíorfhadhbanna na Spáinne agus na Catalóine. Ceapann go leor daoine gur bligeaird iad an bheirt Rajoy agus Puigdemont araon.

  • Eoin Ó Murchú

    Frithbheartaíocht amach is amach atá san alt seo, Sé an náisiúnstát bunús an daonlathais. Is féidir le daoine roghnú cómhoibriú le cheile, ach faoi réimeas an AE is cuma tuairimí na ndaoine ar fad. Ní thugann an Spáinn aitheantas fiú go bhfuil náisiún Catalóineach ann, ar nós na Sasanach a deir gur Briotaigh Thiar muide seachas Éireannaigh. Agus má tá meas ag náisiún air fein ní shin le rá go bhfuil dímheas aige ar náisiúin eile. Sé sciath chosanta é an náisiúnachas forásach i gcoinne an impiriúlachais agus dímheas an rachmais ar phobail. Ach b’fhearr le Alex go lúbfadh na Catalóinigh an ghlúin roimh na Spáinnigh.

  • Gealún

    Tá na focail ‘náisiúntacht’ agus ‘náisiúnachas’ á gcur as a riocht le tamall agus mar aidhm leis na pobail a dhéanamh níos géillsteanaí don status quo impiriúil. An ceart arís ag Eoin Ó Murchú. Treise leis.

  • micheal o ruairc

    Aontaím go huile is go hiomlán le hEoin. Cacamas ar fad. Ar ndóigh, ní lia duine ná tuairim. Má imíonn an náisiúnachas imeoidh an tírghrá, an teanga, an cultúr, an mórtas cine. Sin an fhírinne bíodh sí searbh nó ná bíodh.

  • Derry O'Regan

    Maith thú, a Alex. Sin é an scéal. An dá thaobh, an dallamullóg, an brat deataigh & el último mono.