‘Fadhb ann ar fud an chórais maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí’ — Príomhchigire na Roinne Oideachais

Tá ráite ag Harold Hislop go bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis an bhfadhb a bhaineann le caighdeán Gaeilge na múinteoirí

‘Fadhb ann ar fud an chórais maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí’ — Príomhchigire na Roinne Oideachais

Príomhchigire na Roinne Oideachais, Harold Hislop

Tá admhaithe ag Príomhchigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, Harold Hislop, go bhfuil fadhb ann “ar fud an chórais” maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí in Éirinn.

Bhí Hislop ag labhairt inné ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais nuair a dúirt sé go raibh fadhb le caighdeán na Gaeilge, ní hamháin i measc múinteoirí bunscoile agus múinteoirí Gaeilge, ach i measc múinteoirí atá ag múineadh ábhar eile trí mheán na Gaeilge.

Dúirt Hislop go raibh an Roinn anois ag dul i ngleic leis an bhfadhb seo trí, mar shampla, an Polasaí Oideachais don Ghaeltacht agus na cúrsaí nua atá beartaithe le múinteoirí a ullmhú do scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

“Níl aon dabht ach nach bhfuil caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil. Bíonn deacrachtaí ag príomhoidí múinteoirí a fháil in ábhair eile a bhfuil Gaeilge acu. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le fostú san ollscoil i nGaillimh le dul i ngleic leis an bhfadhb sin,” a dúirt sé.

Bhí Hislop i láthair an Choiste in éineacht le beirt oifigeach eile de chuid na Roinne Oideachais le ceist an scrúdaithe cainte don Ghaeilge sa Teastas Sóisearach a phlé. Tá imní ar mhúinteoirí faoin gcinneadh deireadh a chur leis an scrúdú cainte ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh.

Dúirt an príomhchigire gur mheas sé go raibh “míthuiscint bhunúsach” ar chuid de na múinteoirí a léirigh imní faoin bplean deireadh a chur leis an scrúdú cainte agus nach dtuigeann siad an córas atá i bhfeidhm anois toisc nach bhfuair siad an deis freastal ar chuid de na laethanta oiliúna a bhí ar siúl ag ar pléadh an t-ábhar.

Dúirt sé gur moladh i dtuarascáil de chuid an OECD go mbeadh an “measúnú, an teagasc agus an fhoghlaim” uilig á ndéanamh le chéile taobh istigh den seomra ranga ag daltaí atá ag aois an Teastais Shóisearaigh agus gur ag teacht leis an moladh sin atá an córas nua measúnaithe atá beartaithe don Teastas Sóisearach.

Mhaígh cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, áfach, nach raibh sé cruinn a rá gur mar gheall ar easpa tuisceana faoin gcóras nua atá múinteoirí buartha faoi dheireadh a bheith curtha leis an scrúdú.

D’iarr an Coiste ar an Aire Oideachais, Richard Bruton, a bheith i láthair ag an gcruinniú inniu ach dúirt an tAire nach raibh sé in ann a bheith ann. Tá iarrtha freisin ag an gCoiste an cinneadh deireadh a chur leis an scrúdú cainte a chur siar ar feadh bliana go mbeifear in ann an cheist a chíoradh go mion.

Fág freagra ar '‘Fadhb ann ar fud an chórais maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí’ — Príomhchigire na Roinne Oideachais'

  • tglurgan

    Ní féidir dul i muiníne an dream a chruthaigh an ghéarchéim seo í a chuir ina cheart. Glanadh amach iomlán dena “cigirí” a sheasann lena gcórsa lofa an chéad chéim agus mura ndéanfar sin ní fiú a bheith ag caint ar aon chéim eile.

  • Mánus

    Cad mar gheall ar na hOllscoilEanna? Tá fadhb leis an B.A. Ghaeilge toisc gur íslíodh an caighdeán thar na blianta. An taon cruthúnas go bhfuil an Ghaeilge ag caighdeán ard ag múinteoir ná an leibhéal is airde den Teastais Eorpaigh Ghaeilge a bheith bainte amach aici.

  • Mise Áine

    @an leibhéal is airde den Teastais Eorpaigh Ghaeilge a bheith bainte amach aici.

    …agus aige!

  • Liam Ó Cuinneagáin

    Maidir le líofacht nó easpa líofachta múinteoirí na tíre – tá réitiú amháin – ‘s sin go mbunófaí Coláiste Oiliúna do Mhúinteoirí Bunscoile a bheadh ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge.
    Bheadh an-éileamh air de bharr go mbeadh na múinteoirí oillte don ghaelscolaíocht, do scoileanna gaeltachta agus scoileanna bearla. Chuir sé iontas orm ariamh nar tugadh an cúram seo do Choláiste Marino agus, arís, ní thuigim cén fáth nar thug NUIG faoi. Má thig le Seán Rowland ceann a fhorbairt i mbéarla (Hibernia), thig coláiste a fhorbairt i nGaeilge. Orainn fhéin an locht (pobal na Gaeilge) nach bhfuil seo bainte amach againn. Scríobh mé Tuarascáil iomlán san Irish Times na blianta siar (a bhuíochas do Phól Ó Muirí) agus ní raibh aisfhreagra ar bith.

  • Tammy Ní Laoire

    Ní leor go mbeadh múinteoirí ábhair oilte de chaighdeán ard maidir leis na hábhair scoile atá á múineadh acu. Caithfear béim chomh tábhachtach chéanna a leagan ar inniúlachtaí shaibhrithe Gaeilge, go háirithe mar a bhaineann sé le hinniúlachtaí cainte agus scríofa i measc mhúinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí. Déantar neamhaird ar an ngné sin go minic sna coláistí oiliúna do bhun agus do mheán mhúinteoirí!

  • Maidhc

    Ní raibh baint ar bith ag an cruinniú seo leis an gcaighdeán Gaeilge atá ag múinteoirí na tíre, dúradh an méid seo leis an gcómhrá a threorú bealach eile. Ach más fíor dó nach bhfuil caighdeán sách ard ag múinteoirí Gaeilge na tíre, cén fáth a bhfuil an measúnú á dhéanamh sa rang sa chóras nua. Shílfeá gur cheart caighdeán oifigiúil a bheidh ann le feabhas a chur ar an scéal.

  • Donall o baoill

    Mithuiscint ar bith ann. D’ardaigh me an cheist faoin bhealtriail ag cruinniu cnuasghrupa de mhuinteoiri gaeilge i mbliana. Duradh liom cad is fiu bealtraiail nach raibh ann ach daltai ag foghlaim de ghlanmheabhair freagrai ar cheisteanna agus gur bhfearr cur i lathair ranga a ullmhu. An muinteoir ag ullmhu an cur i lathair agus daltai a chur i lathair. Se sin an dalta ag foghlaim abhar de ghlanmheabhair. Sin tuairim an te a bhi i mbun an la traenala.