Is ceart reifreann a bheith ann faoi thraigéide na teorann ach ní mar gheall ar Brexit…

Tá sé bliana fágtha sula mbeidh comóradh á dhéanamh againn ar an chríochdheighilt. Ba chóir fóram uile-oileánda a chur ar bun, ní mar gheall ar Brexit ach mar gheall ar thodhchaí na tíre…

Border Army Crossmaglen

Is cosúla le scigdhráma gach lá an chaint seo faoi reifreann i dtaobh cheist na teorann.

Nach iontach an dóigh a dtugtar an Tuaisceart chun cuimhne ag ceannairí polaitiúla an Deiscirt corruair, ní toisc dobrón a bheith orthu as lucht sé chontae s’agamsa a bheith fós scartha uathu ach chun a bheith ag tochas ar a gceirtlín féin, bíodh sin mar iarracht leas an Stáit a chur chun cinn i gcainteanna faoi Brexit nó mar uirlis feachtais aimsir thoghcháin.

Níor thacaigh Enda Kenny ná Micheál Martin le reifreann faoi cheist na teorann riamh cheana féin agus, déanta na fírinne, chuir siad a leithéid as an áireamh roinnt uaireanta. Nuair a ardaíodh an cheist arís ag Sinn Féin, áfach, i ndiaidh an vóta ar son Brexit, bhí fuadar fúthu beirt agus iad ag caint le fonn faoin smaoineamh. Micheál a labhair ar dtús. Dúirt sé gur údar áthais aige féin go raibh deis ann i ndiaidh Brexit Éire Aontaithe a bhaint amach agus go dtiocfaí reifreann a ghairm ar an ábhar dá bharr. Is é Fianna Fáil ‘An Páirtí Poblachtánach’ tar éis an tsaoil.

Fágann Micheál an stáitse ar thaobh na láimhe clé. Tagann Enda isteach ar dheis. Do shealsa anois, a Thaoisigh.

Ba léir gur shamhlaigh seisean gur cluiche toghchánaíochta a bhí ar bun agus go raibh ‘an tírghrá’ mar ábhar achrainn an lae. Bhí tine ar a chraiceann ag iarraidh a uile-Éireannachas a chur in iúl agus an reifreann cinniúnach seo á mholadh aige.

Ná déanaimis dearmad ach oiread ar an dráma a bhain le moladh an Taoisigh roimhe sin go mbunófaí Fóram Uile-Oileánda chun todhchaí na tíre a phlé i bhfianaise an ‘Brexit’.

Moladh fiúntach, de réir dealraimh. Ach bhí dearmad déanta aige ar an ‘taibhse’ eile a nochtann féin ar an ardán ó am go chéile, taibhse a scanraíonn na fir – Arlene Foster. Ní dúirt an Taoiseach aon rud le Arlene faoin Fhóram roimh ré. Ní hé go ndéanfadh sé difear ar bith dá ndéanfadh, ach ní mó ná sásta a bhí sí leis an gcur chuige  seo. Ar chúis éigin, b’in deireadh leis an scéal, dar le Enda.

Chonaic ceannaire an fhreasúra seans eile le sonc a thabhairt d’Fhine Gael agus cháin sé an easpa cumarsáide le Arlene. Mhaígh sé, mar sin féin, gur cheart dul ar aghaidh leis an Fhóram in ainneoin na ndeacrachtaí.

D’athraigh an bheirt a bport sa chéad mhír eile den scigdhráma seo. Ní bheadh sé ceart reifreann a chur ar bun faoi láthair agus, ina theannta sin, údar scoilte a bheadh ann.

An í an script atá fabhtach nó an ndearna siad dearmad ar a gcuid línte? Cá bhfios? Nó an amhlaidh go bhfuil ag dul díomsa an plota a leanúint?

Dúirt Micheál arís an tseachtain seo gur chóir tús a chur ar bhonn práinne le comhdháil.

Ar scor ar bith, fágaimis an dráma áirithe sin agus amharcaimis ar cheist an reifrinn féin.

An bhfuil ceann ag teastáil? Ar ndóigh, tá. Ní mar gheall ar mhóramh a bheith sna sé chontae ag iarraidh fanacht san Aontas Eorpach ach toisc nach bhfuil ach sé bliana fágtha sula mbeidh comóradh á dhéanamh againn ar an chríochdheighilt.

Níl aon fhíornáisiúnach ná poblachtach ag iarraidh go mbainfí an chloch mhíle seo amach gan mórcheist na teorann a bheith pléite i gceart.

Mar ní i scigdhráma a bhí muid ag aisteoireacht le céad bliain anuas ach i dtraigéide mhillteach. Is mithid anois críoch eile a chur leis an script. Sin an fáth gur ceart Fóram Uile-Oileánda a thabhairt le chéile le hionadaíocht ó gach aon chineál ghrúpa, ó Bhéal Feirste go Corcaigh. D’fhéadfaí an reifreann a chur ar bun a dó nó trí de bhlianta i ndiaidh bhunú an Fhóraim.

Ní bhaineann an tAontas Eorpach le hábhar ar chor ar bith. Níl sa dá Aontas ach impireachtaí atá faoi stiúir aon tíre amháin agus ag saothrú chun leasa aon tíre amháin. Bhain an dá aontas ar shiúl flaitheas na náisiún agus a gcumas a ndlíthe féin a dhéanamh.

An éireodh le Reifreann mar sin? Bhuel, tá a leithéid d’Aontachtach ann gur Aontachtach ó thaobh na heacnamaíochta de é – daoine atá ar son na Ríochta Aontaithe toisc go síleann siad gur mó rath a bheidh orainn sa Ríocht mhór seachas in Éirinn aontaithe bheag. Deirtear faoin mBreatain gur aici atá ‘an cúigiú geilleagar is mó ar an domhan’ agus go bhfuil an tAontas Eorpach níos mó ná sin arís. Ach má thagann meath leanúnach ar gheilleagar na Breataine de thoradh na Breatimeachta, an mbeadh athrú poirt acu?

D’athródh na daoine sin a n-intinn faoin Aontacht sa chás sin.

Ach cén céatadán den phobal aontachtaithe iad na haontachtaithe ‘eacnamaíochta’ seo? Nílim cinnte, ach d’fhéadfadh gur thart ar aon trian den phobal aontachtach atá i gceist.

Amharc i dtús báire ar Dhaonáireamh 2011. 48% de dhaonra an Tuaiscirt is Protastúnaigh iad agus 45% den daonra is Caitlicigh iad. Ní Caitlicigh ná Protastúnaigh an 7% eile. Is ionann aon trian de Phrotastúnaigh mar sin agus 16%. 30% den phobal ar fad a dúirt sa Phobalbhreith is déanaí gur mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil lena linn. Cuir an dá ghrúpa sin le chéile agus bheadh céatadán mór den phobal ar son Éire Aontaithe.

Ní bheadh an móramh ann fós a theastaíonn ach dá n-éireodh leis an bhfóram (ní ar an Brexit, ach ar thodhchaí na tíre) dul i gcion ar dhaoine eile agus dá n-imeodh Alba ón Riocht Aontaithe, thiocfaí an móramh a bhaint amach.

Ach ní tharlóidh a leithéid gan dua mór ná gan athruithe móra i gcóras na Poblachta. Ní dúirt ach 13% sa phobalbhreith sin gur mhaith leo Éire Aontaithe a fheiceáil láithreach bonn.

Is follasach cad chuige sin.

Bheadh Protastúnaigh agus Caitlicigh ar aon ag éileamh ‘seirbhís sláinte atá saor ag an bpointe iontrála’ – rud a bhfuil cleachtadh acu air ó thuaidh. Ní mhalartóidís Stát amháin fá choinne Stáit eile gan a leithéid de sheirbhís a bheith acu.

Agus ní bheadh mo phobal féin – an pobal Protastúnach – sásta ach oiread le Stát ina bhfuil an córas oideachais faoi smacht na hEaglaise Caitlicí seachas faoin stát féin. Maidir le cúrsaí oideachais, bheadh córas uathu ina mbeadh scoil aonchreidimh ina heisceacht seachas ina norm.

Dhá athrú mheasartha simplí atá ansin a bhainfeadh den doicheall atá ag cuid mhaith Protastúnach roimh Éire Aontaithe, ach níl dada déanta ina dtaobh le 94 bliain anuas.

Ach dá rachadh Micheál, Enda, Brendan agus Gerry i ngleic leis na fiorbhaic roimh Éire Aontaithe, is ansin a bheadh cúis cheiliúrtha againn in 2022 agus is ansin a chuirfí deireadh leis an scigdhráma agus an traigéide araon.

Ach baineann an chríoch shona den chuid is mó le réimse na fantaisíochta. Faraor, níl aon scríbhneoir scripte ann a chuirfeadh abhaile orainn nach raibh sa 100 bliain atá caite ach brionglóid ar féidir neamhaird a thabhairt anois uirthi.

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh.