Is beag a bheidh idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais Dhún na nGall

Is í seo an tríú bliain as a chéile a chasfaidh na foirne ar a chéile sa chraobh ach is í an chéad uair dóibh aghaidh a thabhairt ar a chéile sa chluiche ceannais

Is beag a bheidh idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais Dhún na nGall

Leo McCloone agus Paddy McBrearty

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall

Cill Charthaigh v Naomh Conaill, Páirc Mhic Chumhaill, 4.00i.n.

Sárchluiche peile atá i ndán don slua a bheidh ag cluiche ceannais Chraobh Shinsir Dhún na nGall tráthnóna agus Cill Charthaigh agus Naomh Conaill ag tabhairt aghaidh ar a chéile.

Tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile mar is í seo an tríú bliain as a chéile a chasfaidh na foirne ar a chéile sa chraobh. Is sna babhtaí leathcheannais a tharla na comhraic sin in 2015 agus 2016 agus cluiche amháin díobh sin buaite ag Cill Charthaigh agus Naomh Conaill araon.

Aisteach go leor, cé nár cheart go mbeadh mórán eatarthu, bhuail na foirne greasáil ar a chéile sa dá choimhlint sin.  Bua aon phointe dhéag, 5-10 i gcoinne 1-11, a bhí ag Cill Charthaigh ar Naomh Conaill anuraidh, pointe amháin níos lú ná an farasbarr a bhí ag fir na nGleannta ar a gcéilí comhraic in 2015, 4-10 in aghaidh 0-10.

Thug an bua sin anuraidh an deis do Chill Charthaigh imirt ina gcéad chluiche ceannais ó 1993 ach briseadh croí a bhí i ndán dóibh mar chaill siad an cluiche i gcoinne Ghleann tSúilí leis an aon phointe amháin, 1-10 in aghaidh 0-12.

Drochlá ceart a bhí ann i mBealach Féich anuraidh agus leis an luas atá ag cuid dá n-imreoirí, go háirithe na McHughs, seans go bhfeilfeadh páirc thirim Cill Charthaigh, cé nach bhfuil aon easpa luais ar fhoireann Naomh Conaill ach an oiread.

Tá taispeántais den scoth tugtha ag Cill Charthaigh sa chraobh agus gach cluiche buaite acu go dtí seo. Tá scrios ceart á dhéanamh ag imreoirí an chontae Ryan McHugh, Paddy McBrearty agus Eoin McHugh.

Má tá cúis amhrais ann fúthu ar a n-aistear go dtí an cluiche ceannais, is é sin gur beag brú a cuireadh orthu sa bhabhta ceathrú ceannais nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Bhun Dobhráin agus b’amhlaidh an scéal acu sa bhabhta leathcheannais in aghaidh Naomh Mícheál. Mar sin féin, sa ghrúpa is deacra a cuireadh iad ag tús na craoibhe agus tháinig siad tríd gan mórán stró.

Bhí cuma níos crua ar fheachtas Naomh Conaill go dtí seo, go háirithe sa dá clhuiche is déanaí. Cé gurbh iadsan rogha láidir na coitiantachta i gcoinne na gCealla Beaga sa bhabhta ceathrú ceannais, sách dian a chuaigh sé orthu. Bhí dúshlán níos deacra fós rompu sa chluiche leathcheannais nuair nach raibh ach pointe amháin le spáráil acu ar Ghaoth Dobhair.

Ré órga atá ann do chumann na nGleannta le roinnt blianta anuas. Bhuaigh siad a dtríú craobh shinsir in 2015, chomh maith le Comórtas Peile na Gaeltachta in 2014 agus 2015. Ba iad iarimreoirí Dhún na nGall, Anthony Thompson, Leo McCloone agus Dermot Molloy cnámh droma na foirne sin ach tá leithéidí Eoghan McGettigan, Ultan Doherty agus Ciarán Thompson tagtha chun cinn le cúpla bliain anuas chun cabhrú leosan.

Cluichí thar a bheith dian a bhí i gcluichí ceannais sinsir peile Dhún na nGall le cúpla bliain anuas, agus gan ach aon phointe amháin mar fharasbarr ag na buaiteoirí. Gach seans nach mbeidh mórán níos mó ná sin de bhearna idir na foirne tráthnóna.

Fág freagra ar 'Is beag a bheidh idir Naomh Conaill agus Cill Charthaigh i gcluiche ceannais Dhún na nGall'