Is baolach nach bhfuil i ndán do mhuintir na hÓmaí ach cliseadh agus díomá

In ainneoin na ngeallúintí ní cosúil go ndéanfar beart cuimsitheach maidir le teacht ar an bhfírinne faoi eachtraí stairiúla

Pictiúr: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Bhí an díomá follasach Dé Máirt seo caite nuair b’éigean do ghaolta na ndaoine a maraíodh i sléacht na hÓmaí glacadh leis gur beag seans a bhí fágtha go bhfaighidís ceart sna cúirteanna.

Nuair a tarraingíodh siar na cúisimh in aghaidh Seamus Daly mar nach raibh an fhianaise ina choinne iontaofa, thuig teaghlaigh nach raibh faoiseamh cúirte i ndán dóibh. Buille sa mullach ar go leor eile ab ea é seo ocht mbliana déag i ndiaidh na heachtra inar mharaigh pléasc de chuid an Fíor IRA naoi nduine is fiche chomh maith le cúpla gan bhreith.

Chuir an t-ionsaí ar an 15 Lúnasa 1998 alltacht ar dhaoine ar fud na cruinne. Bhí ré órga na síochána in ainm is a bheith i réim, ceithre mhí tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta. Cibé croitheadh a baineadh as daoine taobh amuigh den cheantar ní dhéanfaidh muintir na hÓmaí dearmad go deo ar an ár. Ní dhéanfadh éinne a chuaigh go dtí an baile an tráthnóna sin dearmad go deo air. B’uafásach an radharc é. Láthair chatha.

Bhí an baile plódaithe le siopadóirí, cuairteoirí agus teaghlaigh idir shean agus óg ar an Satharn breá samhraidh sin nuair a phléasc an gaireas 500 punt ag deich nóiméad tar éis a trí. Bhí dhá leanbh, seachtar páistí scoile, seisear mac léinn, trí ghlúin d’aon chlann amháin, oibrithe sna siopaí, fir agus mná, Spáinnigh, daoine ón bPoblacht agus muintir Thír Eoghain go háirithe i measc na marbh. Gortaíodh dhá chéad agus scriosadh an baile.

Gan dabht theastaigh ón bhFíor IRA an tsíocháin a scrios ach d’aontaigh na polaiteoirí nach ngéillfí dóibh. Thug móruaisle den uile shórt cuairt ar an mbaile chun tacú leis an teachtaireacht sin. Ina measc bhí Bill Clinton, Uachtarán Mheiriceá, Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Giolla Íosa, Príomh Aire na Breataine, Tony Blair agus an Taoiseach Bertie Ahern. Gheall siad go léir do na híobartaigh go bhfaighfí amach cé a bhí freagrach, go gcúiseofaí agus go gciontófaí iad – cuma cé mhéid míle, míle dícheall a bheadh riachtanach.

Mór idir an gheallúint agus an méid a baineadh amach. B’é cúiseamh Seamus Daly an iarracht is deireanaí gur theip air sa chúirt choiriúil. D’éirigh le cás sibhialta in aghaidh Seamus Daly, Colm Murphy, Liam Campbell agus Michael McKevitt, ceannaire an Fíor IRA, i 2009 – ordaíodh cúiteamh £1.6 milliún do na teaghlaigh ón gceathrar ach níor íocadh é. Tá fianaise níos láidre riachtanach i gcás coiriúil agus níl duine ar bith ciontaithe as an mbuamáil. Theip ar chás in aghaidh Sean Hoey agus cé gur fritheadh Colm Murphy ciontach cuireadh an breithiúnas sin ar neamhní mar gur athraigh Gardaí ráiteas dá chuid. Le saoradh Daly is cosúil go bhfuil na doirse druidte.

Airíonn na teaghlaigh gur lig an RUC, an PSNI, na Gardaí agus na seirbhísí faisnéise síos iad. Chinn Ombudsman na bPóilíní, Nuala O’Loan, i 2001 go raibh fiosrú an RUC easnamhach. Líomhnaíodh nár roinneadh an t-eolas a bhí ag an mbrainse speisialta agus áisíneachtaí faisnéise leis na bleachtairí a bhí i mbun an fhiosraithe.

D’éirigh cuid de theaghlaigh na n-íobartach as an bhfeachtas i bhfad siar. Bhí síor-mheabhrú na heachtra ródhian orthu. Glacfaidh cuid acu leis an méid de na fíricí atá ar fáil. Tá a thuilleadh ar nós Michael Gallagher, ar maraíodh a mhac Aidan, meáite de nach staonfaidh siad fhad is atá sé iontu.

Tá fiosrú poiblí tras-teorann á éileamh acu. Thug an Státrúnaí Theresa Villiers an t-eiteachas dó sin os cionn dhá bhliain ó shin ach tá a dúshlán á tabhairt acu sa chúirt. Bhí geallúint acu ón Taoiseach, Enda Kenny, go mbuailfeadh sé leo gan mhoill nuair a bheadh cás cúirte Seamus Daly thart. N’fheadar, i bhfianaise na guagachta iarthoghcháin cá seasann an gheallúint sin. Anuas ar sin níor léir go raibh dúil i gCearnóg Mhuirfean ná i Whitehall i bhfiosrú poiblí. Mura ndéanfar beart cuimsitheach maidir le teacht ar an bhfírinne faoi eachtraí stairiúla –agus bheinnse in amhras go ndéanfar– is baolach nach bhfuil i ndán do mhuintir na hÓmaí ach cliseadh agus díomá.