Is baolach gur fada uainn fós ‘an normáltacht’ i mBéal Feirste

Ní raibh an dara rogha ag an PSNI ach stop a chur le máirseáil an Anti Internment League ó bhí sé soiléir nach raibh an rialú á chomhlíonadh

_84771775_internmentparade6

“Ní raibh sé chomh holc is a d’fhéadfadh sé a bheith.” B’shin é an breithiúnas ar an gcíréib i dtuaisceart Bhéal Feirste inar gortaíodh naonúr póilíní ar an Domhnach. Bhris trioblóid amach uair an chloig tar éis don PSNI bac a chur ar mháirseáil na n-easaontóirí poblachtánacha toisc go raibh rialú Choimisiún na bParáidí á sharú acu.

Rialaigh an Coimisiún go gcaithfeadh lucht na paráide in aghaidh imtheorannú a bheith bailithe leo as lár na cathrach faoi leathuair tar éis a haon. Shocraigh an lucht eagair, an Anti Internment League, go sárófaí an t-ordú agus nach bhfágfaidis Ard Eoghain ar an mbealach chun na cathrach go dtí a dó a chlog.

Tá feidhm reachtúil ag rialú an Choimisiúin agus is é gnó an PSNI a chinntiú go gcomhlíonfar é. Chuir an PSNI stop leis an bparáid, dá réir, ag íochtar Bhóthar na Sean-Pháirce. Tar éis cupla óráid, d’iarr an lucht eagair ar an slua imeacht go ciúin agus d’imigh bunáite an 500 duine a bhí i láthair. Ach d’fhan slua sa cheantar agus tamall ina dhiaidh sin, ionsaíodh na póilíní.

Dúirt an Príomh-Chonstábla Cúnta a bhí i gceannas ar an lá gurbh iad lucht eagraithe na mairseála faoi ndeara an trioblóid agus go gcaithfidís freagracht a ghlacadh as. Ba dheacair easaontú leis; b’iad a sholáthair an deis agus b’iad a chinntigh go gcaithfí bac a chur orthu. Bhí Martin McGuinness Shinn Féin, an Leas-Chéad Aire, den bharúil chéanna.

Céard a theastaigh ón lucht eagair, an AIL? Go ligfí dóibh máirseáil go lár na cathrach mar a ligtear don Ord Oráisteach –  comhionannas. Fuair siad an cead sin.

Bhíodar ag iarraidh aird a tharraingt ar dhaoine a bheith ar a gcoinneáil rófhada, gan triail (sórt imtheorannú, dar leo). Bhí an deis acu é sin a dhéanamh ach cloí leis an rialú ón gCoimisiun. Níorbh iad an Coimisiún ná an PSNI a cheil an ceart sin orthu. Ar theastaigh uathu dúshlan an PSNI a thabhairt agus naimhdeas do na póilíní a chothú? Is cosúil gur theastaigh. Arbh fhiú é? Ní mé cén uair a thabharfaidh na heasaontóirí poblachtánacha freagra ar an gceist sin.

Bhí an tinreamh ar an máirseáil íseal – na céadta a bhí i láthair murab ionann agus na mílte a bhí luaite ag an lucht eagraithe  – agus mhaígh a lán i dtuaisceart na cathrach gur ghluaiseacht imeallach a bhí ann.

Má bhí súil acu neart a bhailiú de bharr na himeachta, ní folair nó gur teip a bhí ann.

Ní raibh an dara rogha ag an PSNI ach stop a chur leis an máirseáil ó bhí sé soiléir nach raibh an rialú á chomhlíonadh.

Bheadh na póilíní náirithe mura ndeanfaidís an dualgas sin a chomhlíonadh. Sin é a éilítear orthu go seasta i dtaca le máirseálacha dílseacha.

Bhí feidhmeannaigh an PSNI ag iarraidh ar lucht eagair na máirseála labhairt leo i rith na seachtaine roimh ré ach bhí sé fánach acu. Ba léir nach comhrá ná comhghéilleadh a theastaigh ón AIL.

Bhí dílseoirí ag agóidíocht in aice leis an áit a stop na póilíní an mháirseáil agus imní ar na húdarais go dtarlódh foréigean den tsórt a raibh dílseoirí freagrach as ag an ócáid chéanna dhá bhliain ó shin.

Thángthas slán ó mhórchíréib ach níor mhaise ar Bhéal Feirste mar láthair siopadóireachta ná láthair turasóireachta é an dianslándail a b’éigean a chur i bhfeidhm – ar fhaitíos na bhfaitíos.

Mairg don té a bheadh ag iarraidh an ceantar ‘a dhíol’ mar áit thaitneamhach, normálta. Is baolach gur fada uainn fós ‘an normáltacht’.

Fág freagra ar 'Is baolach gur fada uainn fós ‘an normáltacht’ i mBéal Feirste'

  • seán

    Tá sé ar fad ráite ag Patrick McCabe sa leabhar ‘The Dead School’. Cuireann forchiníocha agus foréigneoirí (sic) den chineál sin a bhfuil fuath ó chroí acu dá chéile le sinsearacht casadh aigne orainn anois agus daoine ar gach taobh ag iarraidh cniotáil le chéile.