Is ar mhaithe le déagóirí aeracha imníocha a scríobhaim an t-alt seo…

Ná bíodh sé le rá againn nach bhfuil an meas céanna tuillte ag an bpobal aerach: tacaímis leis an reifreann

16/5/2015.Marriage Equality Referendum. With just six days to go for the voting on the Marriage Equality Referendum on Friday 22 of May, the debate about margins continues with the Yes Vote appearing to be way out in front, particularly in the large cities, but with a fear that in the countryside there may be a large silent No Vote lingering in the long grass. Photo shows people passing a large Yes poster in Dublin City Centre. Photo Eamonn Farrell/Photocall Ireland
Pictiúr: Eamonn Farrell/Photocall Ireland

Is fada mé ag scríobh agus ag labhairt ar cheisteanna sochtheangeolaíochta sna meáin chumarsáide Ghaeilge ach ní hiadsan atá ag dó na geirbe agam faoi láthair. Táim ag canbhasáil ar son an reifrinn ar chomhionannas an phósta le trí seachtaine anuas, ag bóithreoireacht liom gach aon oíche timpeall na Gaillimhe le foireann chanbhasála den scoth, leathar na mbróg caite agus cúpla punt meáchain caillte agam dá bharra.

Cé nach aon rún é gur fear aerach mé, is duine príobháideach mé agus ní nós liom dul ag cnagadh ar dhoirse ag caint le stróinséirí mar gheall ar cheist atá an-phearsanta dom. Ní nós liom a bheith ag scríobh go poiblí ar an gceist sin ach an oiread. Ach le seachtain anuas, tháinig cúpla cor sa scéal a thug orm an t-alt seo a scríobh: an suathadh a bhain an chanbhasáil asam, crógacht agus ionracas Ursula Halligan agus comhráite doimhne go déanach istoíche le cairde aeracha agus le mo pháirtnéir mar gheall ar an bhfeachtas féin.

Nuair a thosnaíos ag canbhasáil ar son an reifrinn, b’ait liom go bhfuaireas teachtaireacht ríomhphoist ó chomhordaitheoir áitiúil na Gaillimhe go bhféadfainn freastal ar sheisiún comhairleora dá mba mhian liom. Bhain sé siar asam go mbeadh a leithéid ag teastáil: cé go raibh tuairim mhaith agam go bhféadfadh roinnt daoine a bheith gránna linn ag na doirse, i ndeireadh báire nár dhaoine fásta sinn a bhí ábalta aire a thabhairt dúinn féin? Nach dtiocfaimis slán dá gcaithfí cúpla achasán linn? Tuigim anois cad ina thaobh gur seoladh an teachtaireacht sin. Trí seachtaine níos déanaí, féadaim a rá gur ghaibheas trí gach aon saghas mothúcháin ar shráideanna na Gaillimhe: áthas, gealadhram, faoiseamh, imní, fearg agus náire.

Bíonn an chuid is mó den bpobal dearfach agus cúirtéiseach linn ach tosnaíonn mo chroí ag preabarnaigh gach babhta a chnagaim ar dhoras ar eagla gurb é an t-achasán a bheidh i ndán dom. Caitheadh seile le cara liom, dúradh go gránna le bean amháin gur uafás mídhaonna, mínádúrtha ab ea í agus croitheadh uisce coisricthe ar fhear eile. Uaireanta braithim go bhfuilim do mo náiriú féin ag cnagadh ar dhoirse ag iarraidh cead ar stróinséirí chun go bhféadfainn féin nó cairde eile liom pósadh. Tagann faoiseamh orm nuair a léiríonn duine críonna tacaíocht don reifreann (bíonn go leor acu ina choinne) agus bíogann mo chroí le háthas nuair a thagann muintir an tí ar fad amach chun a fhógairt go bródúil go vótálfaidh siad Tá.

Thánag amach nuair a bhíos 18 mbliana, déagóir sceiteach, scáfar i mbruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, tar éis dom trí nó ceithre bliana a chaitheamh ag coraíocht leis an dtuiscint go rabhas aerach. Bhí an homafóibe de dhlúth agus d’inneach sa tsaol an uair úd sna 1980í i mBaile Átha Cliath. Níor fhéadas a shamhlú go mbeadh saol sona ag an bhfear aerach: shamhlaíos nach mbeadh i ndán dom ach an t-uaigneas agus an briseadh croí. Is cuimhin liom go gléineach fós an chéad fhear ar chuireas dúil ann, an dath a bhí ar a léine agus é ag imirt sacair sa pháirc a bhí trasna an bhóthair ónár dtigh. Ní raibh aon fhonn orm an dúil sin a bhraistint toisc gur taibhsíodh dom go raibh sí as alt ach ba dhúil í nach raibh agam in aon chailín roimhe sin. Deineadh bulaíocht orm ar scoil toisc mé a bheith aerach: caitheadh achasáin liom, os comhair múinteoirí go minic, agus bhí íde fhisiciúil i gceist uaireanta chomh maith. Bhí eagla orm aon rud a dhéanamh nó a rá toisc nár mhian liom go sceithfí mo rún beag, táir. Is minic a deirim nár thosnaigh blianta na ndéaga go dtí go rabhas ar an ollscoil, áit a raibh spás níos mó agus níos oscailte don té a bhí éagsúil, a théadh i gcoinne an tsrutha.

Baineadh stangadh as mo mhuintir ar dtúis ach ghlacadar liom tar éis tamaill agus ní fhéadfainn tacaíocht níos fearr a fháil uathu sna blianta a lean. Chuaigh an saol i bhfeabhas, dheineas síocháin liom féin mar dhuine de réir mar a ghlac daoine eile liom. Sheas dlúthchairde liom in am an ghátair agus ba mhinic an gátar ann. Tá páirtnéir agam a bhfuil cúig bliana déag de mo shaol caite agam leis. Is é a mhúin dom cad is brí leis an ngrá: go nglacann tú scun scan le duine eile, gona laigí ar fad. Tá páirtnéireacht shibhialta againn le ceithre bliana. Cé gurbh fhearr í sin ná gan aon bhonn dlíthiúil a bheith faoinár gcaidreamh, is beag seachtain nach meabhraítear dom gur stádas den tarna grád atá againn. Níl aon seasamh sóisialta leis an bpáirtnéireacht shibhialta: ní thuigeann go leor daoine í agus go minic ní hann di nuair a bhíonn plé ar bun againn le comhlachtaí árachais gluaisteáin, mar shampla, nó le foireann leighis agus duine againn breoite.

Tá dlúthchairde aeracha agam a gcaithim an oiread ama agus is féidir ina dteannta agus atá mar a bheadh teaghlach eile dom féin. Bhí cad é plé ar bun againn le seachtain mar gheall ar an reifreann. Táimid ar fad suaite ag an ndíospóireacht phoiblí agus ag an gcaint chealgánta, fhealltúil atá déanta ag an bhfeachtas Níl inár gcoinne. Braithim go bhfuil mo shaol féin go dtí seo, mo chaidreamh le mo pháirtnéir agus mo charadas le daoine aeracha eile á scrúdú go poiblí ar shlí ghéar, éagothrom agus is deacair é a sheasamh. Fógraíonn an feachtas Níl go mí-ionraic go mbaineann idéalachas leis an bpósadh idir fear agus bean agus nach bhfuil an grá idir daoine aeracha chomh fírinneach ná chomh bailí céanna. Níor mhaith liom a bheith i mo dhéagóir éiginnte, imníoch 18 mbliana arís ag éisteacht leis an argóint sin. Is ar mhaithe leis na déagóirí aeracha sin a scríobhas an t-alt seo. Ná bíodh sé le rá Dé hAoine nach dóigh le muintir na hÉireann go bhfuil an meas céanna tuillte acusan is atá ag gach déagóir eile sa tír. Tacaímis leis an togra atá á chur faoi bhráid an phobail sa reifreann.

Fág freagra ar 'Is ar mhaithe le déagóirí aeracha imníocha a scríobhaim an t-alt seo…'

  • Seán Mac Risteird

    Alt tuisceanach oscailte agus molaim an chrógacht agus an tseintimint lastiar de. Go raibh maith agat a John as an scéal pearsanta sin a roinnt linn agus táim ag súil le dea-thoradh do chuid oibre Dé Sathairn.

  • Lillis Ó Laoire

    Ráite go maith. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é.

  • Luke Callinan

    An-alt go deo. Coiscéim eile i dtreo saoirse shóisialta an chine dhaonna é comhionannas an phósta. B’fhéidir nach drochrud atá ann go gcaithfear gabháil amach agus vóta a chaitheamh ar a shon ach an oiread – sílim go gcothaíonn sé tacaíocht ghníomhach an phobail i leith an chomhionannais.