Is ar éigean go mbeidh aon bhua gan choinne againn an deireadh seachtaine seo

Is sa chluiche idir Corcaigh agus Loch Garman a bheidh an choimhlint is déine sna babhtaí cáilithe agus seasfaidh an trí chluiche atá imeartha acu leis an nGaillimh

Allianz Hurling League Division 1A 22/3/2015 Clare Colm Galvin Mandatory Credit ©INPHO/Cathal Noonan
Colm Galvin. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Mar a deirtear san amhrán, “tiocfaidh an samhradh agus fásfaidh féar”. Bhuel, tá an samhradh linn agus an féar ag fás. An bhfuil aon bholadh níos deise ann ná boladh an fhéir nuaghearrtha?

Is cuimhin liom is mé i mo gharsún ag dul go dtí an pháirc imeartha agus an boladh sin san aer. Bímid go léir cuid mhaith den bhliain ag feitheamh ar na cluichí móra agus ansin tagann agus imíonn an t-earrach agus cuirtear tús leis na cluichí móra céanna.

Ní rófhada ó shin nach raibh ach seans amháin ag gach contae gach bliain ach anois tá an dara seans ag gach contae agus coicís ó shin, deineadh an tarraingt dóibh siúd a bhfuil seans amháin fágtha acu.

Bhí cuid mhaith daoine ag súil go bhfaigheadh Baile Átha Cliath ceann de na trí fhoireann is láidre a bhí sa phota eile – Corcaigh, an Clár agus Luimneach. Ach bhí an t-ádh leo go bhfuaireadar Laois (sin spreagadh do mhuintir Laoise ). Sin mar a tharla agus tabharfaidh an cluiche seo deis dóibh iad féin a phrapáil chun aghaidh a thabhairt arís ar na diabhail (gléasta i ngeansaithe na Gaillimhe) a bhí á gcéasadh ar an Tulach Mór trí seachtaine ó shin.

Bhí Laois go hainnis freisin ar an bpáirc chéanna coicís ó shin. Níl aon dabht ach go bhfuil bearna sách mór idir na foirne i roinn 1A na sraithe (chomh maith le foireann nó dhó as 1B) agus na contaetha eile go léir.

Ina dhiaidh sin féin, is maith an rud go bhfuil an dara seans ag na foirne go léir, cé go measaim, taobh amuigh den cluiche idir Loch Garman agus Corcaigh, nach mbeidh bua gan choinne ag éinne.

Caithfidh go mbeidh an Clár róláidir d’Uibh Fháilí thíos in Inis. Bhíos ann anuraidh nuair a rinne Loch Garman an turas fada go dtí an láthair chéanna agus bhíos den dtuairim chéanna roimh an gcluiche sin go mbeadh bua éasca ag an bhfoireann baile. Ach ní mar a shíltear a bítear.

Ag féachaint romhainn ar chluiche an tSathairn, ní thabharfaidh mórán daoine seans d’fhoireann Brian Whelehan agus nach é sin mar is fearr d’imreoirí Uíbh Fhailí?

Dár ndóigh, níl aon ghaisce déanta ag an gClár ó Chraobh na hÉireann 2013. Agus iad ag dreapadh céimeanna ársa Ardán Uí Hógáin an tráthóna álainn fómhair sin, bhíomar go léir den tuairim go raibh ré gheal i ndán don fhoireann óg seo, ach níl aon chluiche craoibhe buaite acu ó shin.

Fós féin, ceapaim go mbeidh siad róláidir agus iad ag baile, go háirithe agus Colm Galvin, Conor McGrath agus Brendan Burglar ar ais acu.

Ní raibh mórán ag súil leis an mbua cuimsitheach a bhí ag Tiobrad Árann i gcoinne Luimnigh coicís ó shin. Fágann sé Luimneach agus cuid mhaith ceisteanna fúthu. Cheapas go raibh an deaslámacht go dona acu agus nach raibh an fonn chun oibre a bhí orthu fíochmhar go leor. Ach buafaidh siad ar an Iarmhí agus beidh lá eile acu.

I mo thuairimse, beidh an choimhlint is géire againn i bPáirc Loch Garman um thráthnóna. Ní raibh ceachtar den dá fhoireann thar mholadh beirte ina gcluichí craoibhe agus caithfidh nach údar misnigh dóibh an méid a tharla. Tá na Garmanaigh sa bhaile agus is fiú rud éigin é sin. Ní dóigh go mbeidh mórán eatarthu ach sílim go mb’fhéidir go mbuafaidh Corcaigh más ar éigean féin é.

I gcraobh sinsear Laighean ar an Domhnach, tá an buntáiste ag an nGaillimh go bhfuil trí chluiche craoibhe imeartha acu. D’fhoghlaim Anthony Cunningham rud éigin i ngach ceann de na cluichí sin agus seasfaidh an méid sin dó féin agus dá fhoireann.

Fág freagra ar 'Is ar éigean go mbeidh aon bhua gan choinne againn an deireadh seachtaine seo'

  • Concubhar

    Nach Loch Garman atá á imirt ag Corcaigh???