‘Irisleabhar na Gaedhilge’ curtha ar fáil ar líne ag Acadamh Ríoga na hÉireann

Scríobh sínitheoirí Fhorógra na Poblachta go minic san irisleabhar, faoina n-ainm féin agus ainmneacha cleite, ó bunaíodh é go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 1909, agus tá ábhar le feiceáil ann ó rannpháirtithe eile de chuid an Éirí Amach freisin

Irisleabhar_na_Gaedhilge

Tá digitiú déanta ag foireann Fhoclóir na Nua-Ghaeilge (FN) in Acadamh Ríoga na hÉireann ar na hailt Ghaeilge as Irisleabhar na Gaedhilge mar chuid den obair ar Corpas na Gaeilge 1882-1926.

Tá na hailt sin curtha ar fáil don phobal ag Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) saor in aisce i bhfoirm chorpas inchuardaithe ar irisleabharnagaedhilge.fng.ie. Beidh an t-úsáideoir in ann an t-ábhar a léamh, a íoslódáil agus a chuardach ar an suíomh sin. Anuas air sin, tá liosta iomlán de na hailt, idir Bhéarla agus Ghaeilge, a foilsíodh san iris ar fáil.

page133-2142px-Irisleabhar_na_Gaedhilge_vols_5+6.djvuScríobh sínitheoirí Fhorógra na Poblachta go minic san irisleabhar, faoina n-ainm féin agus ainmneacha cleite, ó bunaíodh é go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 1909, agus tá ábhar le feiceáil ann ó rannpháirtithe eile de chuid an Éirí Amach.

D’fhoilsigh Aondacht na Gaeilge (réamhtheachtaí Chonradh na Gaeilge) an t-irisleabhar den chéad uair sa bhliain 1882, le cúnamh ó Dhubhghlas de hÍde. Thosaigh an Conradh á fhoilsiú sa bhliain 1893, go dtí 1909 nuair a stopadh á fhoilsiú.

I measc na scríbhneoirí a bhíodh ag cur peann le pár ann, bhí Eoin Mac Néill, An tAthair Peadar Ó Laoghaire, agus Pádraig Mac Piarais.

Is mar chuid den mhórthionscnamh ‘Foclóir na Nua-Ghaeilge’ (FNG) a rinneadh an digitiú.

D’fhoilsítí filíocht, gearrscéalta, stair, béaloideas, amhráin, léirmheasanna leabhar, dinnseanchas, seanfhocail, ábhar d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, cur síos ar obair Chonradh na Gaeilge agus liostaí focal ann.

Mar ullmhú do chruthú an fhoclóra seo, tá ‘Corpas na Gaeilge 1600-2000’ á chur le chéile ag an Acadamh.

Úsáidfear Corpas na Gaeilge 1600-1882, a foilsíodh sa bhliain 2004, agus an chartlann a bhaineann leis an tréimhse 1882-2000 atá á chur le chéile faoi láthair, chun iontrálacha a dhréachtadh don fhoclóir.

Is mar gheall ar an dlúthbhaint a bhí ag na scríbhneoirí leis an Éirí Amach agus an tionchar mór a bhí acu ar eachtraí stairiúla ina dhiaidh a roghnaíodh an iris a chur ar fáil ina hiomláine thar fhoilseacháin eile ar nós an An Claidheamh Soluis.

Is foclóir stairiúil Gaeilge-Gaeilge a bheidh san FNG a thabharfaidh míniú stairiúil ar na focail agus cuntas ar na hathruithe a tháinig orthu i gcaitheamh an ama idir 1600 agus 2000.

Idir an dá linn, tá leaganacha digiteacha den irisleabhar An Claidheamh Soluis curtha ar fáil ar líne ag Conradh na Gaeilge. Tá naoi mbeart den iris ar fáil ar shuíomh an Chonartha a chlúdaíonn na blianta 1912-1916. Bhí Pádraig Mac Piarais ina eagarthóir ar An Claidheamh Soluis go dtí 1909 agus is minic a scríobhadh daoine eile a raibh páirt acu san Éirí Amach ann freisin.

Ó thús na bliana seo caite, tá leathanach amháin ó An Claidheamh Soluis á fhoilsiú ar Tuairisc.ie uair amháin in aghaidh na seachtaine agus leagan caighdeánaithe den téacs á chur ar fáil leis.