Iriseoir buailte i Montana agus Príomh-Aire brúite go leataobh sa mBruiséil

Tá cluiche na polaitíochta ag éirí níos ‘fisiciúla’ i Stáit Aontaithe Mheiriceá

Iriseoir buailte i Montana agus Príomh-Aire brúite go leataobh sa mBruiséil

Greg Gianforte

Níl teorainn bhunreachtúil ar an achar ama a fhéadfaidh Príomh-Aire Mhontainéagró a bheith in oifig ach is gearr a bhí Donald Trump á chur go leataobh. Tá Dusko Markovic i gceannas ar Mhontainéagró ón mbliain 2006 ach bhain Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá cor as sa mBruiséil an tseachtain seo caite. Ní raibh beann ar bith ag Trump ar na hEorpaigh bheaga seo nach bhfuil ag íoc a gcuid táillí le NATO agus ní bheidís ag seasamh roimhe sa bpictiúr ag ceannáras na heagraíochta sin. Bhí Trump taobh thiar i dtosach ach níor bhac sé le siúl timpeall ar an ngrúpa le teacht go dtí an líne thosaigh. Rop sé a bhealach isteach tríothu agus pé ar bith fánachas a bhí ar Dusko Markovic, bhí sé ina sheasamh i gcosán an Uachtaráin Trump – ach ní i bhfad é. Leag Trump a lámh ar ghualainn Markovic agus bhrúigh go leataobh é gan focal ná gan leithscéal. 

Ach b’fhéidir gur mhaith a chuaigh Dusko Markovic as nach é an fear is nuaí atá ar fhoireann polaitíochta an Uachtaráin Trump a bhí ag teacht an bealach. Toghadh Greg Gianforte ina Fheisire Comhdhála do Stát Montana an tseachtain seo caite i dtoghchán speisialta. Bhí suíochán le líonadh san áit a raibh Ryan Zinke atá ceaptha anois ina Rúnaí Baile i Rialtas Donald Trump.  Ní hé amháin go bhfuair Greg Gianforte an ceann is fearr ar a chéile comhraic Daonlathach, Rob Quist, ach bhuail sé iriseoir freisin!

Chuaigh Ben Jacobs, iriseoir as an nuachtán The Guardian isteach chuig ócáid a bhí ag Greg Gianforte an oíche roimh an toghchán speisialta seo i Montana agus thosaigh dá cheistiú faoin leagan nua atá na Poblachtánaigh á chur ar an gcóras árachais sláinte sna Stáit. Bhris ar fhoighid Gianforte agus dúirt go raibh dream an Guardian ag spochadh as cheana agus go raibh sé tinn, tuirseach dó. Chuaigh Gianforte (56) in éadan an iriseora agus leag go talamh é d’aon iarraidh amháin é. D’ordaigh sé dó ansin a bheith amuigh as an áit  go beo. D’fhreagair Walker go raibh sé buailte agus go raibh a chuid spéaclaí briste agus go raibh sé ag dul chomh fada leis na póilíní. Tá cás ionsaithe curtha ag na póilíní in aghaidh Gianforte anois.

Beag beann ar seo uilig, bhuaigh Gianforte an toghchán. Bhí riar maith vótaí faighte aige roimhe sin as breis agus 200,000 a caitheadh trí chóras an phoist.

Fonnadóir é Rob Quist, an Daonlathach a bhí in aghaidh Gianforte ach ní raibh aon fhonn air comhghairdeachas a dhéanamh leis an bPoblachtánach tar éis an chomhairimh. Ba dhona mar a chaith sé leis an iriseoir, a dúirt Quist, agus bhí an port céanna ag go leor eile – go háirithe lucht na meán cumarsáide.

Chuir Greg Gianforte an milleán ar an iriseoir féin faoin eachtra ach sheas foireann de chuid Fox News le scéal an iriseora, Ben Jacobs. Chonaic siad an “body slam”, a dúradh.

Bhí daoine ar chuir na meáin chumarsáide ceist orthu ar an tsráid idir dhá chomhairle faoin eachtra, cuid acu cáinteach ar Gianforte agus tuilleadh ag rá go bhfuil an-iomarca talún faoi lucht an Phreasa. Ach fágtar an focal scoir ag fear amháin ar shráid an bhaile mhóir:  “A mhuise, ar ndóigh”, a deir seisean “nach mbíonn chuile dhuine i Montana i mbabhta troda luath nó mall!”

Fág freagra ar 'Iriseoir buailte i Montana agus Príomh-Aire brúite go leataobh sa mBruiséil'