Ireland’s Property Crisis – póit an Tíogair Cheiltigh

LÉIRMHEAS TEILIFÍSE: Ar uairibh luíonn RTÉ amach orthu féin agus soláthraíonn siad ábhar a chloíonn leis an gcuid is fearr de mheon na craoltóireachta seirbhíse poiblí

Ireland’s Property Crisis – póit an Tíogair Cheiltigh

Ba shuaite agus ba chráite an tsraith í Ireland’s Property Crisis, a tháinig chun críche aréir ar RTÉ 1. Tá sé fuirist a bheith ag caitheamh slaiseanna ar RTÉ; rófhuirist uaireanta, ach é tuillte go maith go minic. Ar uairibh, áfach, luíonn siad amach orthu féin agus soláthraíonn siad ábhar a chloíonn leis an gcuid is fearr de mheon na craoltóireachta seirbhíse poiblí.

Anuraidh, mar shampla, craoladh Keeping Ireland Alive: The Health Service in a Day, sraith a thug éachtaint mhothúchánach, chorraitheach ar an ngaisce agus ar an ngátar sa chóras leighis. Obair mheithle in raibh 75 criú ar fud na tíre ag leanúint na ndaoine atá ag baint úsáide as seirbhísí éagsúla an chórais.

Múnla den saghas céanna a bhí againn leis an tsraith seo agus léargas á thabhairt ar conas mar atá daoine ag broic leis an ngéarchéim tithíochta.

Is deacair dul i ngleic leis na figiúirí scanrúla; riaráistí morgáiste ag 77,0000 teaghlach, 91,000 duine ar liostaí feithimh na dtithe sóisialta agus breis agus 7,000 i gcóiríocht éigeandála i mí Feabhra. 

Ba shuaite an uair an chloig é, ní éalúchas a bhí anseo ach anbhá an ghnáthshaoil.

Meabhraíodh dúinn sna cláracha seo, agus san allagar a lean iad gach seachtain ar chláracha Claire Byrne, an gaol mífheidhmiúil atá againn le húinéireacht tithe agus tógáil tithe.

Sinn ar fad gafa leis an dteach leathscoite, trí sheomra. An cabhsán tosaigh agus gairdín cúil.  Sciobóil i mBaile Átha Cliath, agus cathracha eile go deimhin, á ndíol ar na céadta míle euro. Neamh-mheabhair ar cheannaitheoirí is iad ag brú isteach chun féachaint orthu cosúil le scata caorach i mbéal bearna. Doicheall orainn foirgnimh arda a thógaint i lár chathair Bhaile Átha Cliath fad is go bhfuil na contaetha comaitéireachta loite le heastáit gan dealramh. Árasáin, agus tithe, nach bhfuil pleanáilte, deartha ná tógtha ceart á ndíol ar phraghsanna atá i bhfad ró-ard. Neamhaird ar thithe sóisialta agus spásanna glasa/poiblí fágtha in áit na leathphingine nó caite thar claí.

B’ait an feic é Dermot Bannon, an t-ailtire cáiliúil agus an té atá ar thosach cadhnaíochta i dtionscal na pornagrafaíochta tithíochta, a fheiscint taobh le Claire Byrne. Tá a fhios agam go gcuireann sé pip ar mhórán, a chliaint ach go háirithe, ach bhí ionchur tomhaiste ó fhear na bhfuinneog mór agus na bhfallaí bána.

Tá a fhios ag madraí an bhaile gur easpa cothromaíochta sa mhargadh an phríomhchúis leis an ngéarchéim. Póit de chuid an Tíogair Cheiltigh agus an cúlú a lean é. Ceann de na leigheasanna a luaigh Bannon ná gur cheart go mbeadh aon dreasachtaí cánach i bhfad Éireann níos pointeáilte. Is é sin go roghnódh an Stát an limistéar ina bhfuil na tithe ag teastáil agus go ndéanfaidís na cinntí maidir leis na cineálacha cóiríochta, dearadh, spásanna poiblí srl. Ansan thabharfaí liúntais agus dreasachtaí d’fhorbróirí dá mbeadh siad sásta tabhairt faoin bhfiontar. Faoi láthair, agus riamh, an giolla a bhí ina mháistir.

Scéal thairis: Den dara bliain as a chéile dhein meitheal Klondike gaisce ag na duaiseanna IFTA.  Chroch Ned Dennehy duais leis don aisteoir i ról tánaisteach agus d’éirigh le Dathaí Keane duais an stiúrthóra a ghnóthú. Ina theannta sin bronnadh duais ar James Phelan dá scríbhinn do Wrecking the Rising.