‘Iontas’ ar Choiste Ionad Cuimhneacháin Charna nár cheadaigh Roinn na Gaeltachta deontas dóibh fós

Luaitear go sonrach cás Ionad na nImirceach i gCarna i gcáipéisí de chuid Roinne na Gaeltachta inar moladh don Aire Joe McHugh gan deontas iomlán a cheadú d’Amharclann Ghaoth Dobhair

Carna

Ba “mhór an t-údar iontais é” do Choiste Ionad Cuimhneacháin Charna i gConamara nár cheadaigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta deontas le haghaidh an obair thógála ar an ionad níos túisce i mbliana. Cheadaigh an Roinn deontas don choiste anuraidh le haghaidh réiteach innealtóireachta.

Dúirt Máirtín Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste an Ionaid Chuimhneacháin nár bhain ceist a n-iarratais le ceist an deontais a ceadaíodh d’Amharclann Ghaoth Dobhair, agus ghuigh sé “dea-rath ar an gcoiste sin agus ar dhream ar bith eile atá ag saothrú ar son an phobail”.

Dúirt sé, áfach, go raibh “iontas” air nár ceadaíodh an deontas d’fhorbairt an Ionaid Chuimhneacháin i gCarna cé go raibh “iarratas iomlán” curtha faoi bhráid na Roinne agus na “dintiúir uilig” curtha ar fáil.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, cheadaigh an tAire Stáit Joe McHugh deontas €485,000 d’Amharclann Ghaoth Dobhair in ainneoin gur chuir oifigigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta comhairle air go mbeadh sé “mífhreagrach”, “faillitheach” agus fiú “contúirteach” an deontas sin a cheadú.

De réir cáipéisí a fuair Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, chuir oifigeach sinsearach sa Roinn in iúl don Aire tráthnóna an 1 Feabhra, an lá sular cheadaigh sé an deontas, nach raibh “iniúchadh ceart” déanta fós ar iarratas Iontaobhas Amharclann Ghaoth Dobhair.

Luadh go sonrach sa mheamram a réitigh oifigeach sinsearach i Roinn na Gaeltachta don Aire McHugh cás na n-iarratas ar dheontas a bhí istigh ag Ionad na nImirceach i gCarna agus Halla Naomh Fhionnáin ar an bhFál Carrach.

Agus amhras á léiriú faoin méid airgid a bhí bailithe go háitiúil do thogra Ghaoth Dobhair, tagraíodh sa mheamram don iarracht a bhí déanta i gcás Halla Naomh Fhionnáin [An Fál Carrach] agus Ionad na nImirceach, Carna.

Dúirt Máirtín Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste an Ionaid Chuimhneacháin i gCarna gur údar iontais dó nár ceadaíodh an deontas iomlán dóibh fós.

“Tá iarratas iomlán uainne istigh sa Roinn agus tá na dintiúir uilig a bhí iarrtha curtha ar fáil le scaitheamh maith. Tá airgead caite ag an gcoiste ar réamhobair ar an suíomh agus tá forbairt déanta ar an mbóthar i dtreo shuíomh an ionaid. Rinneadh Staidéar Féidearthachta, bailíodh airgead agus rinneadh réamhcheapachán ar chonraitheoir – ag brath ar dheontas ón Roinn,” a dúirt Máirtín Ó Catháin le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Iontas’ ar Choiste Ionad Cuimhneacháin Charna nár cheadaigh Roinn na Gaeltachta deontas dóibh fós'