‘Iontas’ agus ‘díomá’ ar Mhairéad Farrell gur éirigh Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin

Dúirt an comhairleoir cathrach a meastar a gheobhaidh ainmniúchán ag coinbhinsiún roghnúcháin olltoghcháin Shinn Féin sa Ghaillimh an deireadh seachtaine seo gur ‘ó na meáin shóisialta’ a chuala sí faoi éirí as Trevor Uí Chlochartaigh

‘Iontas’ agus ‘díomá’ ar Mhairéad Farrell gur éirigh Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin

Mhairéad Farrell

Deir an Comhairleoir Mairéad Farrell go bhfuil “iontas agus díomá” uirthi gur éirigh an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

In ainneoin na dtuairiscí faoi scoilt mhór a bheith sa pháirtí i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas, dúirt Mairéad le Tuairisc.ie aréir go raibh aithne mhaith aici ar Ó Clochartaigh agus gur thaitin sé léi “a bheith ag obair leis le naoi mbliana anuas”.

Tháinig an scéala go raibh Ó Clochartaigh ag éirí as Sinn Féin aniar aduaidh ar Farrell, a toghadh ina comhairleoir cathrach i gcathair na Gaillimhe in 2014, agus dúirt sí gur ar na meáin shóisialta a chuala sí an scéal ar dtús.

Dúirt sí go raibh “díomá” uirthi faoi na líomhaintí maidir le ‘mí-iompar’ agus ‘fadhbanna tromchúiseacha smachta’ a luaigh Ó Clochartaigh lena chinneadh. Dúirt sí go raibh fadhbanna ann sa dáilcheantair “ach gur tháinig ceannaireacht an pháirtí isteach agus gur déileáladh leis an gceist sin”.

“Bhí díomá orm faoi, agus tá díomá orm go n-airíonn Trevor nár déileáladh leis mar ba cheart ach bhí athbhreithniú ann, tháinig an cheannaireacht isteach agus ghlac na baill ar fad páirt ann. Bhí mise an-sásta leis an athbhreithniú agus bhí formhór na mball sásta freisin,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí go “dtarlaíonn a leithéid” i bpáirtithe agus i ngrúpaí eile, go mbeadh gearáin ann ach “gur déileáladh leis an bhfadhb i nGaillimh”.

Dúirt sí nár chóir do Shinn Féin beirt iarrthóirí a chur chun tosaigh sa chéad olltoghchán eile agus gur “drochstraitéis” a bheadh ina leithéid de chur chuige.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

“Níl aon suíochán againn i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas, agus dhéanfadh sé deighilt ar na vótaí a gheobhadh na hiarrthóirí dá mbeadh beirt acu ag seasamh sa cheantar céanna. Is drochstraitéis a bheadh ann beirt a chur chun tosaigh don chéad olltoghchán eile,” a dúirt Farrell.

Dúirt sí go raibh díomá uirthi nach mbeadh aon iomaíocht ann don ainmniúchán ag coinbhinsiún roghnúcháin an pháirtí an deireadh seachtaine seo, ach shéan sí líomhaintí Trevor Uí Chlochartaigh go raibh baill nua á gclárú le Sinn Féin sa dáilcheantar ar mhaithe le vótáil d’iarrthóir áirithe.

“Is cinnte nach bhfuil sé sin ar bun, ní hin an chaoi  a n-oibríonn Sinn Féin. Tá baill nua faighte againn, bíonn daoine nua ag teacht isteach sa pháirtí i gcónaí, agus déanaimid iarracht casadh le gach ball nua. Tá seans ann nach bhfuil aithne ag Trevor go fóill ar gach ball nua a tháinig isteach sa chathair, ach tá aithne agamsa orthu agus tá gach duine acu tiomanta don pháirtí,” a dúirt sí.

D’fhógair Trevor Ó Clochartaigh tráthnóna inné go raibh sé ag éirí as Sinn Féin mar “nár chloígh siad leis na caighdeáin ba chuí” i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas. Dúirt sé go raibh coinbhinsiún toghcháin a bhí “réamhshocraithe” beartaithe don dáilcheantar.

Dúirt sé nár dhéileáil Sinn Féin le “deacrachtaí leanúnacha smachta” i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas agus chuir sé “sáruithe tromchúiseacha” ar chód eitice Shinn Féin i leith an pháirtí.

Dúirt sé go raibh súil aige go ndéanfadh ceannaireacht Shinn Féin “dianmhachnamh” ar a chinneadh éirí as agus go dtabharfaí isteach na “leasuithe cuí a theastaíonn”  chun déileáil le “hiompar nimhneach” agus chun cosaint a thabhairt “do bhaill an pháirtí atá ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh agus atá ag fulaingt de bharr mí-iompar mí-oiriúnach de chineál ar bith”.

I ráiteas a chuir Sinn Féin amach tráthnóna inné, dúradh go raibh sé soiléir go raibh “imní” ar Ó Clochartaigh nach roghnódh baill an pháirtí go daonlathach é ag an gcoinbhinsiún agus nach raibh sé sásta gur iarrthóir amháin a roghnófaí.

Mhaígh siad go raibh an Seanadóir fós ag déanamh moltaí Dé Céadaoin go gcuirfí beirt iarrthóirí chun tosaigh i nGaillimh Thiar-Maigh Eo Theas.

“It is clear that Trevor was looking for a clear run at convention and the party wasn’t prepared to bypass our democratic structures to allow for that.

“Given he was arguing just yesterday for a two candidate strategy which he would have been happy to be part of, we are extremely surprised at his decision to leave the party today.”

Dúirt an Seanadóir as Conamara go raibh sé “croíbhriste”, agus go raibh sé “ag dul siar abhaile” leis an scéal a phlé lena bhean, Mali, agus a gclann. Dúirt sé nach raibh aon chinneadh déanta aige fós an seasfadh sé mar iarrthóir neamhspleách do Dháil Éireann.

Fág freagra ar '‘Iontas’ agus ‘díomá’ ar Mhairéad Farrell gur éirigh Trevor Ó Clochartaigh as Sinn Féin'

  • Seán Mag Leannáin

    Ceist mhaith ag Cormac@5 ar twitter: “Laghdú 17% ar líon chomhairleoirí Shinn Féin ó dheas ó na toghcháin áitiúla deireannacha. Cén fáth?” Seo m’ainilís féin ón taobh amuigh. (Ní raibh baint agam riamh le SF nó le haon pháirtí eile ach an oiread). Déarfainn go bhfuil baill Shinn Féin ó thuaidh ceangailte le chéile de thoradh na coimhlinte ansin agus an stair a bhain leis. Níl an gliú céanna i measc na mball ó dheas, go háirithe na baill nua. I measc na seanfhondúirí b’fhéidir go raibh roinnt mhaith acu cleachta ar bheith ina bpoblachtánaigh aonaracha neamhspleácha. Bhí sé an-deacair tú féin a chur os comhair an phobail mar phoblachtánach sa deisceart le linn na dtríoblóidí – dá bhrí sin ba chadhain aonair cuid mhaith acu. B’fhéidir nach dtaitníonn riachtanais na nua-pholaitíochta – na páirtí-pholataíochta – le daoine den chineál seo. B’fhéidir freisin go bhfuil teannas áirithe ann idir daoine a bhfuil cúlra na dtríoblóidí ag baint leo agus na daoine nach bhfuil aon chúlra sa streachailt ó thuaidh ag baint leo. Ar aon chaoi is ríléir anois go bhfuil teannas áirithe ag teacht chun cinn i Sinn Féin ó dheas agus níl bainisteoirí an pháirtí in ann déileáil leis. Ba chúl ina n-éadan féin é caillteanas duine chomh cumasach le Trevor Ó Clochartaigh – níl aon dabht faoi sin.

  • Shiñde

    Cé a chreidfeadh tada as an bpáipéar seo.

  • Seán Mag Leannáin

    Cúis easaontais eile ar ndóigh nach bhfuil saoirse coinsiasa ceadaithe d’ionadaithe an pháirtí i dtaobh cheist an ghinmhillte.