Ionsaí déanta ar thorthaí an phróisis comhairliúcháin ar Acht Teanga ag aontachtóirí

D’ionsaigh polaiteoirí ón DUP agus NI21 torthaí ‘dearfacha’ an phróisis comhairliúcháin a rinneadh ar Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann cúpla mí ó shin. Deir POBAL go gcaithfidh pobal na Gaeilge a chinntiú nach ndéanfar maolú ar a n-éilimh

Belfast-20141210-01666

Ní mór an fháilte atá curtha ag polaiteoirí ón DUP agus ó NI21 roimh thorthaí an phróisis comhairliúcháin faoin Acht Gaeilge i dTuaisceart Éireann, a cuireadh i láthair an Tionóil inné.

Dúirt Nelson McCausland, David Hilditch agus Gordon Dunne ón DUP agus Basil McCrea ó NI21 nach raibh torthaí dearfacha an phróisis ionadaíoch ar an mórphobal ar fad.

Mhaígh na polaiteoirí aontachtacha ag an gcruinniú de chuid an choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta inniu go mbeadh Acht Gaeilge róchostasach agus go gcuirfeadh sé an dea-chaidreamh atá ann idir phobal an réigiúin as riocht.

Tugadh tacaíocht láidir d’Acht Gaeilge i bhformhór na bhfreagraí a fuarthas le linn an phróisis comhairliúcháin. Thug an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín le fios i mí Bealtaine gur léiríodh tacaíocht i 90% de na haighneachtaí ach dar le hoifigigh a Roinne, a bhí ag an gcruinniú inné, bhí beagnach 95% de fhreagróirí an cheistneora ar son na reachtaíochta.

Tagraíodh don reachtaíocht shamplach a d’fhoilsigh an t-eagras POBAL ina cháipéis Acht na Gaeilge TÉ, Eis 2. Dúirt Janet Muller, stiúrthóir POBAL, gur “tacaíocht shuntasach” an méid sin don obair atá déanta ag an eagras i gcaitheamh na mblianta.

“Tá sin thar a bheith tábhachtach mar ní hamháin go bhfuil moltaí POBAL saineolach agus cuimsitheach, tá siad comhaontaithe le pobal na Gaeilge. Chomh maith leis sin, is ar reachtaíocht cheartbhunaithe atá moltaí POBAL dírithe. Is mór d’aon Acht réimse leathan de chearta ráthaithe a chruthú do phobal na Gaeilge.

“Agus bóthar fada romhainn, gan dabht, caithfidh pobal na Gaeilge a bheith cúramach nach ndéantar maolú ar ár gcuid éilimh réadúil, réasúnta. Caithfear a bheith airdeallach as seo amach agus stop a chur le haon iarrachtaí tochailt faoin bhuncheist; acht ceartbunaithe a fhíorú agus réimse leathan de sheirbhísí trí Ghaeilge a fhorbairt don phobal,” a dúirt Muller inniu.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh thorthaí an phróisis inniu. I ráiteas a rinne sé le Tuairisc.ie, dúirt Tánaiste an Chonartha, Niall Comer, go raibh “ardmholadh” tuillte ag gach aon duine a ghlac páirt sa phróiseas.

“Tháinig an comhairliúchán seo sna sálaí ar suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ag tús na bliana a léirigh go raibh an phobal i bhfách le seirbhísí Gaeilge a bheith ar fáil don phobal, thuaidh agus theas. Tá teachtaireacht soiléir don rialtas ó na torthaí seo agus ní mór daofa beart dá réir briathar an phobail a dhéanamh. Caithfear cearta lucht labhartha na Gaeilge a dhaighniú i reachtaíocht agus na huirlisí a thabhairt don phobal, a ghlac páirt i gcomhairliúcháin an rialtais go fonnmhar agus le díograis, forbairt na Gaeilge a thiomáint sna bliantaí amach romhainn. Is trí reachtaíocht cheartbhunaithe a dhéanfar seo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Ionsaí déanta ar thorthaí an phróisis comhairliúcháin ar Acht Teanga ag aontachtóirí'