Ionradh na Muimhneach ar Chathair na dTreabh d’fhéile Cúirt

Tá Cúirt, féile litríochta na Gaillimhe, faoi lánseol agus cloisfear cainteanna sna laethanta amach romhainn ó leithéidí Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor agus Alan Titley

Nuala Ní Dhomhnaill in Arts Lives

Cuireadh tús inné le féile bhliantúil litríochta na Gaillimhe, Cúirt. Mar is iondúil, tá méid áirithe imeachtaí Gaeilge le bheith ar siúl agus ina measc siúd a chloisfear i mbun cainte, beidh Nuala Ní Dhomhnaill, Louis de Paor agus Alan Titley.

Is ar a leagan aistrithe de Cré na Cille, The Dirty Dust, a bheidh an Titlíoch ag caint sa Taibhdhearc amárach, Déardaoin, an 23 Aibreán, ag 3.30pm.

Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is ea Alan Titley  agus tá sé ina Ollamh Cuairte ag Ollscoil Uladh faoi láthair. Tá seacht n-úrscéal, ceithre chnuasach scéalta, drámaí agus dánta scríofa aige, mar aon le saothair liteartha agus staire. Foilsíodh cnuasach aistí Béarla leis, Nailing Theses sa bhliain 2011.

Is é an saothair is déanaí leis ná The Dirty Dust, atá foilsithe ag Yale University Press, leagan Béarla de mhórscéal Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille, an chéad aistriúchán Béarla riamh.

Déanfar léamh drámatúil ar shleachta ón mbunleagan Gaeilge ag ócáid an lae amáraigh agus labhróidh Máirtín Coilféir, léachtóir le Gaeilge arbh iad saothar Alan Titley ab ábhar tráchtais dó, labhróidh sé leis an Ollamh ina dhiaidh sin agus iad beirt i mbun comhrá neamhfhoirmeálta.

Níos deireanaí tráthnóna amárach, déanfaidh triúr filí caint ar an ngaisneas a bhaineann siad as a dteanga dhúchais ina gcuid saothar. Is iad na filí sin, Séamus Barra Ó Súilleabhán, Aneirin Karadog agus Liliana Corobca.

Rugadh an file Séamus Barra Ó Súilleabhán i Londain agus tógadh i Lios Tuathail i dtuaisceart Chiarraí é. Chomh maith le bheith ag cumadh dánta agus haiku Gaeilge, bíonn ceardlanna focal labhartha á reáchtáil agus á dtaibhiú aige ar fud na tíre. Tá iris liteartha ar líne ar na bacáin aige chomh maith le EP hiphap in éineacht le Rob Mulhern.

Is as an mBreatain Bheag d’Aneirin Karadog. Bhuaigh an chéad chnuasach leis, O Annwn I Geltia, Leabhar na Bliana sa Bhreatain Bheag i réimse na filíochta in 2013.

In Saseni-Calarasi sa Mholdóiv a rugadh Liliana Corobca. Scríbhneoir agus taighdeoir is ea í. Tá trí úrscéal foilsithe aici, ina measc Negrissimo (2003), a bhuaigh duais na Moldóive as an úrscéal nuascríofa is fearr an bhliain sin, mar aon le duais Prometheus, duais de chuid na Rómáine, as feabhas an tsaothair chéanna.

Cloisfear an triúr i mbun aithris filíochta ina dteanga dhúchais.

Ar an Aoine ansin, cloisfear Doireann Ní Ghríofa i mbun cainte sa Taibhdhearc ag 6.30pm.

I nGaillimh a rugadh Doireann ach d’fhás sí aníos i gcontae an Chláir. File í a bhfuil an-chuid duaiseanna bronnta uirthi as feabhas a saothair i nGaeilge agus i mBéarla, ina measc Duais Wigtown.

Is ar an Satharn, an 25 Aibreán a bheidh na filí Louis de Paor agus Nuala Ní Dhomhnaill ag tabhairt cainte uathu, ag 1.00 pm.

I gCorcaigh a rugadh Louis de Paor, sa bhliain 1961. Tá sé ar cheann de na filí is mó le rá sa Ghaeilge, agus ba mhór i gceist é in athbheochan liteartha na Gaeilge sna 1980idí agus 1990idí agus é ina eagarthóir ar an iris thábhachtach Innti ar feadh tamaill.

Chaith sé seal ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh agus i gColáiste Thuamhumhan, Luimneach, sula ndeachaigh sé chun cónaithe san Astráil i 1997. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1996 agus d’oibrigh mar phrofléitheoir leis an nuachtán Gaeilge Foinse sular ceapadh é ina Stiúrthóir ar Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh sa bhliain 2000, mar a bhfuil sé fós.

Ar na cnuasaigh dhátheangacha dá chuid filíochta a foilsíodh le blianta beaga anuas, tá Ag greadadh bas sa reilig / Clapping in the cemetery (Cló Iar-Chonnacht, 2005), Agus rud eile de / And another thing (Cló IarChonnacht, 2010), agus The Brindled Cat and the Nightingale’s Tongue (Bloodaxe Books / Cló Iar-Chonnacht, 2014).

Cé gur i Lancashire Shasana a rugadh Nuala Ní Dhomhnaill, chaith sí formhór a hóige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Fuair sí a cuid oideachais tríú leibhéal i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus is ansin a thosaigh sí ag cumadh is ag foilsiú filíochta, san iris cháiliúil Innti. Ceithre chnuasach filíochta atá foilsithe aici: An Dealg Droighin (1981), Féar Suaithinseach (1988) – a chuir Cló Iar-Chonnacht i gcló faoi chlúdach amháin in 2011 sa leabhar An Dealg sa bhFéarFeis (1991), agus Cead Aighnis (1998) atá díreach curtha i gcló an athuair ag Cló Iar-Chonnacht.

Fág freagra ar 'Ionradh na Muimhneach ar Chathair na dTreabh d’fhéile Cúirt'