Ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge ag bualadh leis an UUP den chéad uair

Tá an UUP go láidir in aghaidh na reachtaíochta teanga atá molta ag Conradh na Gaeilge agus ag eagraíochtaí eile

Ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge ag bualadh leis an UUP den chéad uair

Tá ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge ag bualadh le Robin Swann, ceannaire Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP), agus le hionadaithe eile ón bpáirtí i Stormont inniu leis an éileamh atá ar Acht Gaeilge ó thuaidh a phlé.

Tá an UUP go láidir in aghaidh na reachtaíochta teanga atá molta ag Conradh na Gaeilge agus ag eagraíochtaí eile teanga sa Tuaisceart agus tá ráite go minic ag Swann féin nach bhfuil aon ghlacadh aige leis an éileamh sin.

Is í seo an chéad uair a bhfuil cruinniú oifigiúil á reáchtáil idir ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge agus ón UUP. Bhí cruinniú neamhfhoirmiúil ann le páirtithe éagsúla cúpla bliain ó shin agus d’fhreastail baill tofa an pháirtí ar an Lá Stocaireachta a bhí ag Conradh na Gaeilge anuraidh. Ach seo an chéad uair a bheidh ionadaithe ón dá ghrúpa ag teacht le chéile i gcruinniú a socraíodh roimh ré le ceist an Achta Gaeilge a phlé.

Tá Pádraig Ó Tiarnaigh agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ag casadh le Swann agus baill eile an pháirtí tráthnóna. Dúirt Mac Giolla Bhéin le Tuairisc.ie gur “deis mhaith” atá ann dul i bhfeidhm ar an UUP faoin ngá atá ann d’Acht Teanga don Ghaeilge amháin agus faoin éileamh atá ag teacht ón bpobal féin seachas ó pháirtithe eile polaitíochta.

Sna míonna a d’imigh tharainn ó bhí toghchán Stormont ann, tá ráite ag Swann cúpla geábh gur seafóid a bheadh ann Acht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh. Dúirt sé gur “teip chostasach” a bhí in athbheochan na Gaeilge ó dheas agus go bhfuil Sinn Féin ag déanamh “neamhaird den fhianaise” maidir leis an teip sin.

Dúirt se nach bhfuil in éileamh Shinn Féin ar Acht Gaeilge ach “dallamullóg” i “gcogadh cultúir” agus go bhfuil an teanga á húsáid acu mar arm. Mhaígh sé geábh eile gur “Capall na Traí” a bheadh in Acht Gaeilge agus nach bhfuil ann ach cleas ag Gerry Adams ina “fheachtas in aghaidh an aontachais”.

“Níl sé i bhfad ó shin ó bhí Gerry Adams ag maíomh go raibh sé ag iarraidh an comhionannas a úsáid leis na bastaird a bhriseadh — aontachtóirí a bhí i gceist aige. Níl san Acht Gaeilge atá á mholadh ach an chéad Chapall na Traí eile a rith taobh le Adams agus ar léim sé sa diallait air,” a dúirt sé an mhí seo caite.

Tá cuid de na moltaí atá curtha chun cinn ag an gConradh cáinte ag Swann freisin. Tá aighneas mór ann faoi ghné shonrach den Acht Gaeilge atá molta ag an eagraíocht teanga, is é sin ceist na bpost do dhaoine le Gaeilge sa Státseirbhís. Dúirt Swann nach bhféadfadh “duine stuama” glacadh le hAcht Gaeilge ó thuaidh agus go bhfuil an t-éileamh go mbeadh 10% d’oibrithe na hearnála poiblí ina gcainteoirí Gaeilge “doghlactha ar fad”.

Mhaígh sé go mbeadh costas an-mhór ar chóras a chinnteodh go mbeadh Gaeilge ag 10% de na státseirbhísigh ó thuaidh. Dúirt sé freisin nach raibh aon amhras air ach go ndíreofaí freisin ar an tseirbhís phóilíneachta agus eagraíochtaí eile stáit gan mhoill agus go mbeadh costas mór ag baint leis sin freisin.