‘Ionadaíocht mar is ceart’ do chainteoirí Gaeilge éilithe ag an Aire Ní Chuilín ón BBC

Bhí an tAire Cultúir ag caint ag comhdháil inar éilíodh go ngabhfadh an BBC i ngleic le ceisteanna éagsúla a bhain le craoladh ábhair i nGáidhlig, i mBreatnais agus i nGaeilge

BBC

Tá éilithe ag an Aire Cultúir Carál Ní Chuilín ar an BBC ‘ionadaíocht mar is ceart a dhéanamh’ ar chainteoirí Gaeilge ‘a bhfuil an ceart acu ábhar a fheiceáil agus a chloisteáil i nGaeilge’.

Bhí an tAire ag caint ag comhdháil físe ina raibh Rúnaí Cultúir na hAlban, Aire Stáit Cultúir na Breataine Bige agus ionadaithe ó BBC Cymru Wales, BBC NI agus BBC Scotland páirteach agus inar pléadh Cairt an BBC.

Chuir na polaiteoirí i láthair d’ionadaithe an BBC go raibh súil acu go ngabhfadh an BBC i ngleic le ceisteanna a bhain le hionadaíocht, rialachán, coimisiúniú ábhair,  maoiniú agus craoladh ábhair i nGáidhlig, i mBreatnais agus i nGaeilge.

“For too long there has been underrepresentation in BBC broadcasting in the north of Ireland for those who consider themselves to be of Irish nationality and, just as importantly, those who speak Irish and who have the right to see and hear content in Irish.

“Furthermore, I agree with my counterparts in Scotland and Wales that the BBC in each area must commission more locally made and focussed content, and that the broadcaster must put in place more accountable and fit-for-purpose governance systems, which include adequate and fair representation from each jurisdiction,” a dúirt an tAire Ní Chuilín.

D’éiligh na hionadaithe forialtais ar an BBC níos mó ábhar a choimisiúniú ó na ceantair éagsúla atá faoina chúram agus níos mó láithreoirí agus oibrithe léiriúcháin a fhostú agus a chur ag obair sna ceantair sin.

D’éiligh Conradh na Gaeilge ar an BBC i mí Mheán Fómhair seo caite ‘cothrom na féinne’ a thabhairt don Ghaeilge agus í a thabhairt ‘ar comhchéim leis an mBreatnais agus leis an nGáidhlig’ mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a bhí ar siúl ag an Roinn Cultúir. Tugann an BBC 200 oiread maoinithe don Bhreatnais is a thugann sé don Ghaeilge agus deich n-oiread maoinithe don Gháidhlig.

Craoltar idir 50 agus 100 uair an chloig d’ábhar Gaeilge ar sheirbhísí teilifíse an BBC i láthair na huaire agus craoltar idir 260 agus 365 uair an cloig d’ábhar Gaeilge ar sheirbhísí raidió na heagraíochta.