Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt i mí na Samhna

Beidh teacht ag cuairteoirí ar na taispeántais agus na háiseanna a bheidh san Ionad nua i mí na Samhna chomh maith

Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt i mí na Samhna

Osclófar an t-ionad cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc i lár mhí na Samhna na bliana seo. Dúirt urlabhraí de chuid Údarás na Gaeltachta, atá freagrach as an togra a chur i gcrích, go gcríochnófar an obair thógála agus feistithe san ionad ag deireadh na míosa seo chugainn agus go n-osclófar an go hoifigiúil é cúpla seachtain ina dhiaidh sin.

Thug an t-iarAire Gaeltachta Joe McHugh le fios ag deireadh na bliana seo caite go mbeadh Ionad an Phiarsaigh oscailte faoi dheireadh na míosa seo, ach dúirt an t-urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta gur i mí na Samhna a osclófar “an t-ionad forbartha ina iomláine”. Thug an t-urlabhraí le fios go mbeidh teacht ag cuairteoirí ar na taispeántais agus na háiseanna a bheidh san Ionad nua i mí na Samhna chomh maith.

Níl in Ionad an Phiarsaigh ach cuid amháin den togra seo i Ros Muc. Is iad Cosán Conamara, siúlóid lúibe trí dheich n-acra de Chonamara; Slí na Coille, ionad taispeántais dírithe ar an bPiarsach agus a shaol; agus Teach an Phiarsaigh féin na trí áis eile a bheidh ar fáil.

Nuair a d’fhógair an t-iar-aire Gaeltachta Joe McHugh i mí Eanáir na bliana 2014 go raibh cead pleanála faighte d’fhorbairt an ionaid, thug sé le fios go mbeadh an tionscadal críochnaithe faoi Cháisc na bliana 2016.

Cheadaigh Fáilte Éireann €750,000 d’fhorbairt an ionaid i mí Iúil na bliana seo caite.

Dúirt an t-urlabhraí ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil tús curtha leis an bpróiseas earcaíochta d’oibrithe in Ionad an Phiarsaigh ach go bhfuil “an cheist sin á cíoradh ag na páirtithe leasmhara faoi láthair”.

Fág freagra ar 'Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc le hoscailt i mí na Samhna'