Iompar Shinn Féin cosúil le hiompar na hEaglaise Caitlicí?

Is léir go gcothaíonn líomhaintí faoi chúirteanna bradacha deacrachtaí do SF , ach tá cásanna na ndaoine ar déanadh mí-úsáid ghnéis orthu níos tromchúisí ná fadhbanna páirtí. Is mithid do SF a bheith oscailte faoi na botúin a rinne an ghluaiseacht i dtaca le héigneoirí san IRA

8/2/2014. Sinn Fein Ard Fheis

Den dara huair le leathbhliain, tá Sinn Féin faoi scrúdú maidir le cur chuige ghluaiseacht na poblachta i leith éigniú daoine óga. Den dara huair, creideann urlabhraithe SF na líomhaintí faoin mí-úsáid ghnéis ach arís eile tá siad seachantach déchiallach faoin gcuid eile den scéal. Is iad na líomhaintí faoi chúirt bhradach agus faoi fhaillí san iompar ceart dlithiúil maidir le drochíde gnéis an fhadhb is mó do Shinn Féin.

Is é an clár teilifíse Spotlight ar BBC Thuaisceart Éireann a d’fhoilsigh scéal Máiria Cahill i mí Dheireadh Fómhair seo caite a chraol an dara cás, scéal Paudie McGahon  as Contae Lú. Fearacht Máiria Cahill, d’inis Paudie McGahon don lucht féachana gur éignigh ball den IRA é (nuair a bhí sé seacht mbliana déag d’aois). Ba de theaghlach poblachtánach é agus teach sábháilte do chomhaltaí den IRA ar a dteitheadh ab ea teach a mhuintire. Níor inis Paudie  d’éinne faoin drochíde go ceann deich mbliana – i 2002 nuair a chuir sé ionadaí ó SF ar an eolas. Ina dhiaidh sin rith an tIRA cúirt bhradach i dteach a mhuintire, sa seomra inar ionsaíodh é.

D’ainmnigh Paudie McGahon poblachtánach aitheanta as Béal Feirste mar cheannasaí na cúirte sin. Shéan an fear na líomhaintí. D’ainmnigh McGahon ionadaithe Shinn Féinn i gContae Lú a raibh comhráite aige leo i 2002 agus 2009 agus dúirt nár moladh dó ó thús gabháil chuig na Gardaí. Rinneadh moladh maidir leis na Gardaí i litir i 2009.

Ba é toradh na cúirte bradaí, a shuigh faoi dhó, gur ruaigeadh an ‘cúisí’ as an tír. Rinneadh é sin gan gardaí, póilíní ná údaráis shláinte a bheith curtha ar an eolas agus gan foláireamh ar bith a bheith tugtha chun daoine óga a chosaint san áit a ndeachaigh an mí-úsáideoir. Díol suntais agus buartha iad na cosúlachtaí le cás Mhairia Cahill.

Murab ionann agus cás Cahill, áfach, bhí daoine cúramach gan a bheith ag caitheamh anuas ar Paudie McGahon i ndiaidh an chláir. Níor chualathas na hionsaithe ghránna airsean a rinneadh ar bhean Bhéal Feirste. Cés moite de tvuít a rinne an feisire parlaiminte, Francie Molloy, gur ghabh sé leithscéal as taobh istigh de cheithre uaire fichead, bhí na tagairtí comhbháúil. Is léir gur fhoghlaim poblachtanaithe an ceacht nach é a leas é a bheith ag maslú íobartaigh ná ag iarraidh an milleán a chur orthu.

Is dul chun cinn é sin, fiú más teoranta é. Ní leor briathra, áfach. Tá a fhios ag an saol go bhfuil deacracht ar leith ag baint le admhála faoi iompar mídhleathach, ar nós cúirt bhradach a rith. Deacracht sa bhreis é gur ritheadh an chúirt tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta agus nach mbeadh ciontóir i dteideal gearrthéarma príosúnachta a ceadaíodh do chionta roimh 1998. Go réalaíoch, mar sin, agus cé gur éagóir é, is beag seans go neosfar do na húdaráis cé a bhí freagrach as an obair sin.

Tá réimse fairsing ábhair eile arbh fhéidir a bheith oscailte faoi. Ainmeacha na mí-úsáideoirí, cá bhfuil siad agus cá raibh siad má ruaigeadh iad. Ní leor do Shinn Féin a bheith ag tathaint ar an bpobal eolas a thabhairt do na húdaráis. Tá sé thar am acu féin é sin a dhéanamh. 

Murab ionann agus na cúirteanna bradacha, ní bheidís ag ciontú éinne – chaithfí gach cás a fhiosrú agus a chúiseamh, dá mb’fhéidir é. Muna ndéantar sin, cén  difear atá idir iompar Shinn Féin agus an chaoi ar cheil an Eaglais Chaitliceach coireanna na cléire ar mhaithe leo féin – iompar náireach a cháin Sinn Féin ó na ceithre hairde?

Fág freagra ar 'Iompar Shinn Féin cosúil le hiompar na hEaglaise Caitlicí?'

  • Pádraig Mac an Ghaill

    Ba mhaith liom mholadh a thabairt don údar seo agus don súiomh idirlíon seo. Táim ag déanamh na hairdteiste faoi láthair agus sílim gur slí iontach é seo chun choiméad suas le scéalta an lae agus feabhas a chur ar mo chuid gaeilge ag an ám céanna.
    Maidir leis an scéal seo, tháinig mé ar tuiscint céanna, a Phóilín. Tá sé in am fimíneacht Shinn féin a nochtadh. Ní híornóin béag é go bhfuil urlabhra ceartais acu!Tá sé sin gan dealramh!
    Aontaím go bhfuil pairtí láidir na heite chlé de dhíth go mór ar an tír seo, chun bhogadh ó polaitíochta an cogadh catartha. Ach nach bhfuil páirtí nua, gan clár gnó poblachtánaigh, gan stair coiriúil, gan ‘Dear Leader’ Gerry Adams, tuillte againn?

    • Tuigim

      Tuillte?
      Céard a chaithfimid a dhéanamh?
      Nach bhfuil ár gcearta uainn?

      Gaeilge mhaith agat, Pádraig.
      Go n-éirí leat leis na scrúdaithe.

      Nuair a bhaineann tú céim nó dhó amach agus taithí ar an saol, ar mhaith leat bheith i do pholaiteoir?

      Daoine óga uainn. Daoine le Gaeilge.
      Daoine a thuigeann cearta agus nach gá do dhuine iad a thuilleadh.
      Iad againn ón tús.

      Caithfear daoine mar sin a roghnú don ré atá le teacht.
      Cibé rud a dhéanann tú, súil agam go gcoinneoidh tú do Ghaeilge slán.
      Bail ó na Déithe ort.

  • Mise Áine

    Aontaím le Póilín…alt maith…go raibh maith agat, a Phóilín!