Iomann é ‘Room’ a thugann ómós do chumhacht slánaithe an ghrá

Ceannaíonn Ma beatha an teaghlaigh lena corp. Níl an dara rogha aici. Gan buíochas don téama sin, is siansa caithréime é ‘Room’ tríd síos. Iomann a thugann ómós do chumhacht slánaithe an ghrá

Room

Jack:  ‘Good morning Sink! Good morning Bath! Good morning TV!’

Tá Ma, bean óg (Brie Larson) faoi ghlas ar feadh na mblianta, i seid sa chúlghairdín ag an mí-úsáideoir síocóiseach Old Nick (Sean Bridgers). Tá uirthi siúd maireachtaint sa bhothán beag gan ach spéirléas sa díon chun solas an lae a chaitheamh uirthi agus ar an maicín óg a rugadh léi, sa  mbraighdeanas istigh, mar thoradh ar an éigniú leanúnach a dhéanann fear a ciaptha uirthi.

Ma:     ‘Mind over matter!’

Jack:   ‘If you don’t mind, it doesn’t matter’.

I gcúl an tí áirithe seo cruthaíonn Old Nick duibheagán gan dóchas i ndoircheacht na seide sa ghairdín. Tír ghránna, trína chéile. Ach tá Ma go maith in ann aige. Cruthaíonn sise le Jack (Jason Tremblay), a maicín bídeach cúig bliana d’aois, Tír na nÓg dá gcuid féinig. Tír álainn trína chéile, gan aon dabht – ach tír a thugann fál cosanta dóibh ar an rud doshamhlaithe.

Jack:   ‘TV persons are flat. You and me are real’.

Caitheann Ma dua le sláinte Jack, buachaill beag ná faca riamh ‘Outside’, ná ‘The World’. Cleachtaíonn siad gleacaíocht le chéile ar urlár na seide gach maidin. (Inste ar an mall-luas le ceamara íogair Danny Cohen.) Tá bréagáin thruamhéalacha déanta as dramhaíl laethúil na beatha ag Jack – boscaí gránach bricfeasta is a leithéid. Cothaíonn Ma a mac le dúthracht osnádúrtha na máthar faoi sceimhle. Cleachtaíonn sí cothú agus beatha a teaghlaigh lena corp gach oíche. Níl an dara rogha aici.

Leagann sí Jack beag ina chodladh sa vardrús bídeach roimh theacht Old Nick chun an pónáiste a éileamh. Tá foghlamtha ag an bhfeairín conas fanacht ciúin má dhúisíonn sé le linn únfairt an éignithe – agus na réalta lastuas den spéirléas a chomhaireamh. Is í fuinneog na samhlaíochta an t-aon bealach éalaithe atá ag an mbeirt istigh. Go dtí go dtagann lúb sa scéal, agus feictear do Ma gurb é an bás imeanach atá chucu muna n-éalaíonn siad.

Nílim chun dráma an éalaithe a insint ná a loit ar éinne. Ach a dhearbhú gur rollchóstóir ceart é dóibh siúd ar an scáileán, agus dúinne, lucht na n-ollsuíochán iumbó.

Ní raibh scannán na dá leithe go dtí é. Samhlaigh – buachaill óg cúig bliana d’aois nach bhfaca riamh crann, ná páirc, ná daoine, ná ainmhithe, ná foirgintí, agus gurb iad iontais na cruinne ceathartha iomlán dó go dtí seo ná na giuirléidí truamhéalacha troscáin in ‘Room’. Dá ghránna é, thug an saol cúng uafásach sin cosaint dó, agus slánachas.

Má chosain Ma é ar Old Nick istigh le fíochmhaire na leonmáthar, bíonn air féin dúshláin chasta laethúil an ‘World’ lasmuigh a fhreagairt ábhairín sciobtha. Tá cara sa chúirt aige lasmuigh, áfach, Leo, páirtnéir Mhamó, agus a chloigneachán de bhodmhadra Séamus…….aahhhhh!

Níor gan stró dá Mham dúshláin an tsaoil lasmuigh ach an oiread. A gaol lena tuismitheoirí, a comhchaidreamh le daoine, a muintearas lena cairde, an comhrac idir í agus bodaigh an phreasa. Ciú Éan-Chosúil eile Sarah Palin –  ancaire teilifíse na mothúchán plaisteach. Dia idir sinn uile agus an donas. Tá monarcha áit éigin á gcaitheamh amach 24/7, creidim, ar dhá thaobh an Atlantaigh.

Má deirim go dtugann Jason Tremblay an taispeántas buachalla óig is tarraingtí ó Brandon de Wilde in ‘Shane’ (1953), a bhuíochas san, gan dabht, do stiúradh Lenny Abrahamson agus daonnacht Brie Larson. Iad siúd, go príomha, a chruthaigh na cúinsí dó chun an cluiche ‘ligimis orainn’ a imirt. Lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, go dtí gurb iad beirt na cairde is súgartha a bhí ag an leaid óg fud fad an siút.

Gan buíochas don sceimhle, is siansa caithréime é ‘Room’ tríd síos. Iomann faoi chumhacht slánaithe an ghrá.

Ach, fiú agus Jack socair lasmuigh, impíonn sé ar Ma é a thabhairt chun ‘Room’ d’fheiscint don uair dheireanach. A leithéid de chríoch ar scannán álainn atá ar bheagán locht….

Ma: (ag doras Room, an-mhíchompordach inti féin) ‘Jack, can we go?’

Jack: ‘Bye plant. Bye Chair Number One…..Bye bye Skylight…..Ma, say bye bye to Room….’

(Tosaíonn an sneachta ag titim nuair a chasann siad chun imeacht…..)

Is fíor nach scannán go script scannáin. Agus, i gcás ‘Room’, ‘ní script go mise á scríobh’, arsa Emma Donoghue ón chéad lá, ‘agus sin sin’. Dánaíocht a tháinig taobh na gaoithe ar dhamhsa suirí Element Pictures nuair a theastaigh uathu an scannán a dhéanamh.

Bhí an t-ádh dearg orthu nár ghéill bean Mount Merrion dá n-amhras faoina heaspa taithí scripte. Níl oiread agus tiús cárta creidmheasa idir spiorad an leabhair agus anam an scannáin. Ceithre ainmniúchán Oscar ar aghaidh, agus Golden Globe sa chúlphóca cheana féin ag ‘Room’, tá foghlamtha, agus i gcead dóibh, tá aitheanta ag Ed Guiney agus ag Lenny Abrahamson, gur fiú an euro deireanach a chur ar iníon Denis Donoghue aon lá den tseachtain.

Mura gcuirfinn an léine féinig, beidh hata liom, pé ar bith é, ar iar-scoláire Mount Anville agus Muckross Park College don Oscar.

B’fhéidir ansin go bhfógrófaí ós ard ar shuíomhanna idirlín na dá scoile sin go dtí an chearn is faide uainn ar domhan ann go bhfuil iarscoláire acu darb ainm Emma Donoghue. Ar chúis éigin, a bhfuilim fós dall uirthi, tá suíomhanna na scoileanna sin geall le bheith balbh fúithi go nuige seo.

Nach ait an mac an saol.

Fág freagra ar 'Iomann é ‘Room’ a thugann ómós do chumhacht slánaithe an ghrá'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ceann de na scannáin i mBéarla is fearr dá bhfaca mé do dtí seo!