Inspioráid ón nádúr do sheodra óir agus airgid

Cleití, duilleoga agus cipíní crainn a spreagann an dearthóir Chupi le seoda áille a dhearadh

Inspioráid ón nádúr do sheodra óir agus airgid

Tá cuid mhór aitheantais agus neart poiblíochta faighte le gairid ag bean óg as Cill Mhantáin a bhfuil a branda féin de sheodra deartha agus curtha ar an margadh aici faoin ainm Chupi.

Ní hiontas ar bith gur roghnaigh sí cloí lena céad ainm mar ainmbhranda dá cuid seodra mar tá trí cinn de shloinnte uirthi – Chupi Sweetman-Pell-Durney a hainm iomlán. Óna máthair, a hathair agus a fear céile na trí shloinne sin. Iníon í leis an eacnamaí Johnny Pell agus an scríbhneoir Rosita Sweetman agus tá sí pósta le Brian Durney a dhearann suíomhanna gréasáin.

Dearthóir í atá lán le héirim agus le cruthaitheacht cé nach bhfuil sí ach sna luath-thríochaidí fós. Tá cúlra an-spéisiúil aici; ní bhfuair sí mórán oideachais fhoirmiúil riamh agus níor chaith sí lá amháin ar bhunscoil nó ar mheánscoil. A máthair a chuir oideachas uirthi sa mbaile agus rinne sí Matamaitic, Béarla, Eacnamaíocht, Bitheolaíocht, Tíreolas agus Stair san Ardteist; fuair sí Grád A i ngach ceann acu ach amháin sa Stair.

Bhí deacrachtaí móra aici agus í ag fás aníos sa mhéid is go raibh cuid mhór ailléirgí uirthi le bia éagsúil. Ach seachas géilleadh don fhadhb sin scríobh sí féin agus a deartháir leabhar cócaireachta faoin ábhar a raibh ard-éileamh air nuair a d’fhoilsigh Gill &Macmillan é –  “What to eat when you can’t eat anything”.

Ní raibh sí ach 21 bliana d’aois nuair a tháinig an comhlacht mór idirnáisiúnta Topshop ag tairiscint conradh mar dhearthóir éadaigh dí. Chaith sí breis agus 6 bliana i mbun oibre don bhranda cáiliúil sin sular bheartaigh sí tuilleadh traenála a dhéanamh le bheith ina gabha airgid. Ina dhiaidh sin dhírigh sí ar dhearadh seodra agus ar a comhlacht féin a bhunú.

Deir sí gur ón “nádúr neamhfhoirfe” a thógann sí inspioráid dá cuid oibre – cleití, duilleoga agus cipíní na gcrann. Taitníonn “wild and natural things” léi, a deir sí. Ó chleite eala a fuair sí ar bhruach na Canála Ríoga i mBaile Átha Cliath a dhear sí an fáinne óir ar a dtugtar “I can fly swan feather ring” (€99) atá ina chroílár ag a branda seodra. I gcoill i gCill Dara a d’aimsigh sí cipín feoite as ar mhúnlaigh sí píosa ar a dtugtar “The Infinity twig ring”.

“Made in Ireland, Loved Everywhere” an mana margaíochta atá aici agus tá easpórtáil déanta ar a saothar chuig 61 tír ar fud an domhain, an Rúis, Peiriú agus an tSeapáin san áireamh. D’fheicfeá a cuid táirgí á gcaitheamh ag pearsana aitheanta, leithéidí Miriam O’Callaghan agus Ruby Wax.

Chomh maith leis na píosaí a dhearann sí as a stuaim féin, déanann sí píosaí saincheaptha sainiúla do chliaint a ordaíonn a leithéid.  D’fhéadfadh gur túslitir ainm duine nó réaltchomhartha ar shlabhra muiníl a bheadh i gceist nó geamchloch feistithe i ndearadh speisialta seodra.

 Tá fáinní, bráisléid, muincí agus fáinní cluaise á ndéanamh aici as ór, rós-ór agus airgead agus iad ar fáil ar phraghsanna idir €89 agus €1,879, cé bhfuil a bhformhór ar fáil faoin €200.

Tá siopa Chupi lonnaithe sa Powerscourt Townhouse i mBaile Átha Cliath ach is tríd an suíomh gréasáin (www.chupi.com) is mó a dhéanann sí a cuid díolacháin.  Tá seirbhís seachadta poist saor in aice á tairiscint aici ar fud an domhain agus gealltar aisíoc iomlán laistigh de 100 lá sa chás go mbeifeá míshásta lena mbeadh ordaithe agat. 

Fág freagra ar 'Inspioráid ón nádúr do sheodra óir agus airgid'