Insint nua ó Martin Ferris agus criú an Marita Ann ar scéal an bháid

I scannán faisnéise nua, insítear den chéad uair scéal Mike Browne agus a chriú faoin uair ar gabhadh iad i 1984 agus iad ag iarraidh airm a thabhairt i dtír don IRA

An Marita Ann
An Marita Ann

Maítear i gclár faisnéise nua gur scaoil Cabhlach na hÉireann urchair bheo leis an Marita Ann, an bád ar a gabhadh Martin Ferris agus daoine eile i Meán Fómhair 1984 agus iad ag iarraidh airm a thabhairt i dtír don IRA.

Deirtear sa chlár gur scaoileadh na piléir le ceann an bháid agus a scipéir Mike Browne ag iarraidh imeacht ón LÉ Emer amach ó chósta theas Chiarraí.

Seo an chéad uair do Browne agus criú an bháid a dtaobh féin de scéal an Marita Ann a insint.

Tuairiscítear in eagrán an lae inniu den Kerryman go maíonn Browne, arb as an bhFianait dó, gur shábháil sé féin agus Martin Ferris duine de bhaill an chabhlaigh a tháinig ar bord an Marita Ann.

Agus é faoi agallamh sa chlár faisnéise A Journey Through Time: The Sequel, deir Browne gur thug sé féin agus Ferris slán an fear a thit i bhfarraige agus gunna ar a ghualainn aige.

Le linn na trialach inar cuireadh tréimhse phríosúin deich mbliana ar Ferris, Browne agus John Crawley [fear nár ghlac páirt sa chlár], tháinig sé chun solais gur scaoileadh rianphiléir leis an Marita Ann agus an LÉ Emer ag déanamh uirthi.

Maíonn Mike Browne gur scaoileadh urchair bheo leis an mbád agus é ag iarraidh í a thabhairt slán go dtí uiscí idirnáisiúnta.

“Dúradar [lucht an Chabhlaigh] liom ‘stad an bád sin nó séidfimid san aer sibh’. Thugamar iarracht faoin bhfarraige amach ach bhíothas ag scaoileadh piléar linn, rianphiléir ar dtús agus urchair bheo ina dhiaidh sin.

“Bhíos sa chábán stiúrach ag an am. Chuala mé rud éigin ag pléascadh laistiar díom. Piléar a bhí ann a chuaigh isteach sa chaibinéad, agus chuas síos ar an urlár ansin.”

Deir Martin Ferris gurbh é an chéad rud a rith leis ná an bád a chur go tóin poill ach nár éirigh leo an méid sin a dhéanamh de dheasca fadhbanna teicniúla.

Deir Mike Browne gur éirigh leis foláireamh a thabhairt “don deichniúr nó dáréag” ón IRA a bhí ag fanacht ar an gcladach leis an lastas seacht dtonna airm agus gunnaí a thabhairt leo.

D’éirigh le mairnéalaigh agus gardaí armtha dul ar bord an Marita Ann a thúisce agus a choinnigh siad léi.

Dar le Mike Browne, ba go gairid ina dhiaidh sin a chuaigh duine den dream a tháinig ar bord i bhfarraige.

“Mar sin ba mé féin agus Martin [Ferris] a thug duine acu slán ón mbá agus fo-mheaisínghunna Uzi ar a ghualainn aige…Cúis gháirí anois é.”

Maíodh roimhe seo gurb iad lucht an chabhlaigh féin a shábháil beirt mhairnéalach a chuaigh i bhfarraige le linn na heachtra.

Dar le Martin Ferris, ba mhór an beart ag an Stát an Marita Ann a ghabháil agus ba mhór an buille é don IRA. 160 gunna agus 71,000 urchar a bhí ar bord agus leas le baint astu chun cur le feachtas na Sealadach ó thuaidh.

Ba é Mike Browne a rinne an socrú go mbuailfeadh an Marita Ann, bád a bhí cláraithe sa bhFianait, leis an Valhalla, bád as Boston, 120 míle ón gcósta.

Ba é an drongadóir cáiliúil Whitey Bulger a sholáthair armlón an Valhalla a tugadh ar bord an Marita Ann.

Deir Seán O’Callaghan, an brathadóir as Trá Lí a bhí go hard sna Sealadaigh ag an am,  gurbh é féin a sceith an scéal faoin Marita Ann leis na gardaí.

“Bhí fear amháin ann a raibh an t-eolas go léir aige roimh an gcuid is mó againn, fear a mhaígh ó shin gurb é a sceith an scéal agus é ina bhrathadóir, sin é Seán O’Callaghan. N’fheadar arb é nó nach é, ach sceith duine éigin an scéal,” a deir Martin Ferris in A Journey Through Time: The Sequel, clár faisnéise nua le Jim agus Catherine McCarthy, lánúin as ceantar na Fianaite.

– Léireofar A Journey Through Time: The Sequel i Siamsa Tíre i dTrá Lí Dé Sathairn an 26 Márta ag 7pm