Inseoidh an lá inniu go leor faoina bhfuil i ndán do Ghaillimh agus do Mhaigh Eo an samhradh seo

Agus bua gan choinne ag na Gaillmhigh i gCaisleán an Bharraigh anuraidh, cuirfear suim mhór i gcluiche an lae inniu idir na foirne céanna agus iad ag iarraidh a dhéanamh amach cá seasann siad i dtaobh chraobh na bliana seo

Inseoidh an lá inniu go leor faoina bhfuil i ndán do Ghaillimh agus do Mhaigh Eo an samhradh seo

Imreoir na Gaillimhe, Damien Comer. INPHO/Tommy Dickson

Gaillimh v Maigh Eo, Staid an Phiarsaigh, 4.00p.m.

Agus na comharsana seo ag tabhairt aghaidh ar a chéile don chúigiú huair as a chéile sa chraobh, seans go bhfuil cluiche an lae inniu níos tábhachtaí do Mhaigh Eo agus do Ghaillimh ná na ceithre chluiche a chuaigh roimhe.

Is í an chúis leis sin ná go bhfuil na foirne fós ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an mianach iontu beart fónta a dhéanamh i gcraobh na bliana seo.

B’iontach an bua a bhí ag Gaillimh in aghaidh Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh anuraidh, bua a thug spreagadh d’imreoirí agus do lucht tacaíochta an chontae araon.

Cuireadh ó mhaith go leor den dea-obair sin ina dhiaidh sin áfach nuair a chlis go hiomlán ar Ghaillimh in aghaidh Thiobraid Árann i bPáirc an Chrócaigh.

Dá bharr sin, is deacair go fóill tomhas a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh faoi stiúir Kevin Walsh. Cinnte, beidh siad sásta leis an méid a bhain siad amach i rith an earraigh agus ardú céime faighte acu go dtí Roinn 1, ach is mó go mór an tástáil a dhéanfar orthu agus iad i gcoimhlint le ceann d’fhoirne móra na peile.

Ar an láimh eile, bhí feachtas sraithe ag Maigh Eo a raibh idir mhaith agus olc ann.

Cé gur bhuaigh siad cluichí agus iad as baile in aghaidh Chiarraí, Thír Eoghain agus Dhún na nGall, chailleadar in aghaidh Mhuineacháin agus an Chabháin i bPáirc Mhic Éil agus rinne Baile Átha Cliath slad orthu i bPáirc an Chrócaigh.

Bhí siad sách marbhánta freisin ar feadh cuid dá gcluiche in aghaidh Shligigh ag tús na craoibhe agus ní mór dóibh a leithéid a sheachaint tráthnóna.

Thug siad fíor-dhrochthaispeántas uathu i gcoinne na nGaillmheach anuraidh agus d’íoc siad go daor as.

Tá tosaithe cumasacha ag Gaillimh –leithéidí Shane Walsh, Damien Comer agus Danny Cummins – ach ní i gcónaí a bhíonn siad lárnach i gcluichí, go háirithe leis an gcóras cosantach a bhíonn in úsáid ag Kevin Walsh.

Beidh sé níos deacra fós orthu tráthnóna agus iad i gcoinne ceann de na haonaid chosanta is fearr sa tír.

Buntáiste é do Ghaillimh má fhágtar Aidan O’Shea, atá ainmnithe i measc na n-ionadaithe, ar an taobhlíne tráthnóna ach fós féin ba cheart go mbeadh an iomarca nirt agus an iomarca taithí ag Maigh Eo don fhoireann baile.

Rogha Tuairisc.ie: Maigh Eo

Jamie Malone (an Clár) agus Aidan O’Mahony(Ciarraí) in 2016. INPHO/Ryan Byrne

An Clár v Ciarraí, Páirc Uí Chíosóg, 3.30p.m.

Tá aithne mhaith ag peileadóirí Chiarraí agus an Chláir ar a chéile faoin tráth seo. Seo an tríú huair dóibh a bheith ag imirt a chéile taobh istigh de bhliain.

Chas siad ar a chéile ar dtús anuraidh i gcluiche leathcheannais na Mumhan, coimhlint a bhuaigh Ciarraí, 2-23 in aghaidh 0-17. Cúpla mí ina dhiaidh sin, thug siad aghaidh ar a chéile arís i gcluiche ceathrú ceannais na hÉireann agus bua bog arís ag foireann na Ríochta, 2-16 i gcoinne 0-11.

Is amhlaidh atá an scéal i gcás na gcluichí idir na foirne seo le fada an lá.

Tá 25 bliain caite ón uair dheireanach a bhuaigh na Cláirínigh ar Chiarraí, i gcluiche ceannais na Mumhan i 1992.

Farasbarr beagnach 12 pointe a bhí ag Ciarraí ar an meán sna cúig chluiche craoibhe is déanaí a d’imir na foirne in aghaidh a chéile.

Ní raibh ach ceithre phointe eatarthu i gceann de na cluichí sin, i bPáirc Uí Chíosóg in 2014, agus cé go mbeidh cuimhne mhaith ag cuid d’imreoirí an Chláir ar an taispeántas breá sin, is beag seans atá acu tráthnóna.

Fiú agus cluiche buaite acu sa chraobh cheana féin i mbliana, in aghaidh Luimnigh coicís ó shin, bheadh taispeántas orúilteach ag teastáil chun an bhearna eatarthu féin agus Ciarraí a shárú.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí