INSEALBHÚ TRUMP: An i neart a rachaidh a mhuinín dhiongbháilte as féin agus é sa Teach Bán?

Cuirfear faoi mhóid na huachtaránachta Donald Trump inniu agus imní ar mhórán go ndéanfaidh sé beart de réir a bhriathair

INSEALBHÚ TRUMP: An i neart a rachaidh a mhuinín dhiongbháilte as féin agus é sa Teach Bán?

Ag 5pm tráthnóna, am na hÉireann, cuirfear faoi mhóid na huachtaránachta Donald Trump ar chéimeanna an Capitol i Washington DC.

Údar mór ceiliúrtha a bheidh ann do lucht tacaíochta an fhir ghnó a chruthaigh go raibh dul amú ar na saineolaithe ar fad a thuar nach n-éireodh leis i dtoghchán na bliana seo caite.

Ach léirigh toghadh Trump deighilt mhór i bpobal Mheiriceá, agus is le meascán den fhiosracht mhífholláin agus den imní a fhéachfaidh go leor daoine eile ar insealbhú an 45ú huachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fiú iad siúd a bhfuil an ghráin dhearg acu ar Trump agus a chreideann nach bhfuil aon ní cóir i ndán do Mheiriceá faoina stiúir, beidh siad ag súil le comhartha éigin uaidh nach bhfuil sé i gceist aige leanúint leis an gcur chuige achrannach ciníoch a bhí aige le linn a fheachtais.

Bhí an feachtas sin aige lán le bladhmann agus bréaga, ach d’éirigh leis dul i bhfeidhm ar a dhóthain daoine chun go dtoghfaí ina Uachtarán é. Is é an t-údar imní is mó atá ag lucht a cháinte anois ná gur amhlaidh gur i neart a rachaidh a mhuinín dhiongbháilte as féin agus é sa Teach Bán.

Ba bheag duine a chreid go dtabharfadh Trump an lá leis i gcoinne Hilary Clinton sa toghchán agus ba dhána an mhaise é buille faoi thuairim a thabhairt faoin gcur chuige a bheidh ag Trump ina óráid insealbhaithe tráthnóna.

Is féidir talamh slán a dhéanamh de, áfach, nach gcloífidh comharba Barack Obama go dlúth leis na gnáthnósmhaireachtaí.

De réir tuairiscí áirithe, tá lucht champa Trump ag maíomh gur ‘cáipéis fhealsúnach’ a bheidh ina óráid.

Más fíor, is cinnte gur athrú poirt dó a bheadh sa mhéid sin.

Ní cur chuige fealsúnach a bhí aige sna hóráidí atá tugtha aige go n-uige seo ach stíl dhéimeagógach scaoilte a spreag liúnna molta óna lucht tacaíochta, leithéid ‘Build the wall!’, ‘Lock her up!’ agus ‘Drain the swamp!’.

Tuairiscíodh chomh maith go ndíreoidh Trump ina óráid ar fhadhbanna ‘struchtúracha’ i Meiriceá agus ar an 100 lá atá amach roimhe sa Teach Bán.

Is minic é curtha i leith Trump gur tuathghríosóir é ar róchuma leis an tionchar a bhíonn ag a chuid cainte orthu siúd a bhíonn thíos léi. Dúirt sé a rogha rud agus d’éirigh leis.

Tá imní anois ar dhaoine go ndéarfaidh sé agus go ndéanfaidh sé a rogha rud sa Teach Bán.

Is minic a bhítear ag caitheamh anuas ar pholaiteoirí toisc nach mbíonn acu ach gothaí móra aimsir thoghcháin agus gan aon chur leis ina dhiaidh.

I gcás Trump, beidh go leor ag súil nach beart de réir a bhriathair a dhéanfaidh sé.

Fág freagra ar 'INSEALBHÚ TRUMP: An i neart a rachaidh a mhuinín dhiongbháilte as féin agus é sa Teach Bán?'