Inniu an lá deiridh le ticéad ‘mochóra’ a fháil d’Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn

Fógraíodh an ceithre ghrúpa agus ceoltóir nua a bheidh ag casadh ag an bhféile cheoil Ghaeltachta an tseachtain seo, Emma Ní Fhíoruisce agus Cathal ‘Banjo’ Ó Curráin ina measc

Inniu an lá deiridh le ticéad ‘mochóra’ a fháil d’Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn

Inniu an lá deiridh a mbeidh fáil ar an ‘margadh mochóirí’ do thicéid d’Fhéile na Gealaí a bheidh ar siúl i Ráth Chairn na Mí i lár an tsamhraidh.

Fógraíodh an ceithre ghrúpa agus an ceoltóir nua a bheidh ag casadh ag an bhféile cheoil Ghaeltachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo — Emma Ní Fhíoruisce, amhránaí agus ceoltóir as Gaeltacht Thír Chonaill, Boss Sound Manifesto, banna ceoil reggae agus ska as Béal Feirste, Dysania, banna rac-cheoil as Muineachán agus Cathal ‘Banjo’ Ó Curráin, ceoltóir as Gaoth Dobhair.

Beidh Féile na Gealaí ar siúl don dara bliain as a chéile i nGaeltacht na Mí ar an 16-18 Meitheamh. Is féile cheoil agus champála do chainteoirí Gaeilge í a chuireann ardán ar fáil do cheoltóirí agus do bhannaí ceoil a bhíonn ag casadh ceol nua-aimseartha i nGaeilge nó a labhraíonn Gaeilge.

Bhuaigh Féile na Gealaí an gradam don fhéile cheoil is fearr in 2016 ag Gradaim Cheoil Nós i mBaile Átha Cliath ag tús na bliana. Ba vóta poiblí a bhí i gceist leis an ngradam sin i mbliana agus fuair Féile na Gealaí an ceann is fearr ar leithéidí Oireachtas na Samhna, Ravelóid sa Chathair, agus Traidphicnic an Spidéil.

I measc na gceoltóirí eile a bheidh ar an stáitse an deireadh seachtaine sin, beidh IMLE, a thug leo trí ghradam ag Gradaim Cheoil Nós, Las, Griogair Labhruidh, Lauren Ní Chasaide, JJ Ó Dochartaigh agus grúpaí eile nach iad.

Inniu an lá deiridh a bheifear in ann ticéad deireadh seachtaine campála a cheannach ar €40. Beidh costas €50 ar na ticéid sin amárach. Chomh maith leis na ticéid deireadh seachtaine, tá fáil ar thicéad lae ar chostas €25.

Buaiteoirí an ghradaim ‘Féile na Bliana’, lucht Fhéile na Gealaí: Edel Ní Churraoin, Éanna Ó Cróinín, JJ Ó Dochartaigh agus Hannah Rua Ní Bhaoill

Fág freagra ar 'Inniu an lá deiridh le ticéad ‘mochóra’ a fháil d’Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn'