Amárach an lá deiridh a nglacfar le haighneachtaí faoi fheirmeoireacht oisrí i dTír Chonaill

Glacfar le haighneachtaí scríofa go dtí 5.30 tráthnóna inniu maidir leis an athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas ceadúnaithe uisce-shaothraithe a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht sliogéisc ar an mBráid i nGaoth Dobhair

Amárach an lá deiridh a nglacfar le haighneachtaí faoi fheirmeoireacht oisrí i dTír Chonaill

Amárach an lá deiridh a bheidh deis ag an bpobal aighneachtaí a chur isteach maidir leis na hathruithe atá beartaithe ag Roinn na Mara d’fheirm oisrí i nGaeltacht Thír Chonaill.

Glacfar le haighneachtaí scríofa go dtí 5.30 tráthnóna amárach, Dé hAoine, maidir leis an athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas ceadúnaithe uisce-shaothraithe a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht sliogéisc ar an mBráid idir Gaoth Dobhair agus Rann na Feirste.

Ceadaíodh ceithre cheadúnas nua do naoi suíomh faoi leith a chlúdaíonn 99 acra. Is méadú suntasach an méid sin ar an bhfeirmeoireacht a bhí ar bun sular ceadaíodh na ceadúnais nua. Tá imní ar an bpobal i nGaeltacht Thír Chonaill go dtabharfaidh na ceadúnais nua cead “méadú ollmhór” a dhéanamh ar líon na bhfeirmeacha éisc atá sa cheantar.

Dúirt an grúpa Coiste Timpeallachta an Ghaoith go raibh “caidreamh maith” idir na feirmeoirí oisrí agus muintir na háite go dtí seo, agus go raibh meas ag an dá ghrúpa ar a chéile agus comhthuiscint eatarthu, ach go bhfuil an caidreamh maith agus “an dea-thoil” i mbaol anois.

“Níl tacaíocht ar bith d’fheirmeacha oisrí a ghlacfaidh suas 99 acra dár gcladach agus ní dheachaigh aon duine i gcomhairle linn faoi fhorbairtí chomh mór seo ag ár ndoras,” a dúradh i ráiteas a chuir an grúpa amach le deireanas.

D’iarr siad ar na feirmeoirí oisrí “coinneáil leis an scála feirmeoireacht a bhfuil siad ag gabháil dó” sa bhá faoi láthair agus “an rud ceart a dhéanamh” agus na ceadúnais nua a tharraingt siar.

Maíonn an grúpa go mbeidh tionchar “nach beag” ag an tionscnamh ar an trá agus an cladach agus go gcuirfidh sé isteach ar “áilleacht nádúrtha an cheantair”. Tá achainí ar líne tosaithe ag an Coiste Timpeallacht an Ghaoith agus os cionn 1,000 ainm curtha léi faoin am seo.

Idir an dá linn, d’fhógair an grúpa MISNEACH go bhfuil siad in éadan na bpleananna atá beartaithe don fheirmeoireacht sliogéisc i dTír Chonaill. Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta, Hannah Ní Bhaoill, arb as Rann na Feirste ó dhúchas di, go bhfuil sé “scannalach amach is amach” gur ceadaíodh na ceadúnais nua “i ngan a fhios don phobal áitiúil” agus nár tugadh faoi staidéar tionchar timpeallachta.

Mhaígh Ní Bhaoill go mbeadh tionchar diúltach ag an méadú feirme ar shliogéisc na háite agus ar an eiceachóras muirí i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste chomh maith le héanlaith na háite. Dúirt sí freisin go gcuirfí bac ar chúrsaí bádóireachta, ar chaithimh aimsire agus ar “chearta bealaigh seanbhunaithe” sa cheantar.

“Ní hé seo an chéad uair don stát cead a thabhairt do chomhlacht mhór ilnáisiúnta mí-úsáid a bhaint as timpeallacht agus acmhainní na Gaeltachta, mar is eol dúinn ón méid a tharla leis an gcomhlacht Arcadia ó Cheanada agus feamainn Chonamara,” a dúirt sí.