‘Inniu an chéad uair ar fhág mé slán aige gan aoibh an gháire orm’ – cuimhní cara ar Jimmy Magee

JIMMY MAGEE 1935-2017: Ba é a chumas nádúrtha féin agus a chuid allais a d’fhág an craoltóir aitheanta san áit a raibh seisean

‘Inniu an chéad uair ar fhág mé slán aige gan aoibh an gháire orm’ –  cuimhní cara ar Jimmy Magee

Tá sé ionann is dhá scór bliain ó bhuail mé leis agus ní bréag a rá gurbh é scéala a bháis ar maidin inniu an chéad uair riamh ar fhág mé slán aige agus gan aoibh an gháire ar mo bhéal.

B’in Jimmy.

Mar is dual don duine, ba iad a chlann agus a theaghlach ba ghaire dá chroí, ach rinne an grá a bhí ag Jimmy don spórt sárú ar an bpaisean atá ag an gcuid eile againn dó. Is é a choinnigh beo é chomh mór céanna agus a rinne an greim a d’ith sé agus an croí mór a phreab ina chliabhrach.

I mo shuí dom lena thaobh sa ngluaisteán lá, thosaigh sé ag roghnú foirne as na peileadóirí ba bhrocaí dár facthas. Ní raibh muid gafa thar lár na páirce nuair a thug sé faoi deara go raibh triúr dochtúirí ina measc. B’éigean tosú in athuair. An babhta seo ba í an fhoireann dochtúirí ba bhrocaí a facthas a bhí le piocadh!

B’in Jimmy.

Bhí a chroiseanna féin le n-iompar aige. Ní raibh sé ach ceithre bliana déag nuair a bhásaigh a athair.  Dhíbir sé deamhan na dí uaidh luath go maith ina shaol agus díreach nuair a tháinig an t-am a bhféadfadh sé beagán solamar a bhaint as a chlú agus as a cháil, bhásaigh a bhean Marie agus an mac ba shine aige Paul.

Buillí uafásacha ab ea iad sin.

Ach mar ba dhual don fhear choinnigh sé air agus thug an cúnamh a fuair sé óna chlann agus óna chairde agus an grá a bhí aige don spórt lón anama dó.

B’in Jimmy.

Ar bhás a athar ba é Jimmy ‘fear an tí’ agus chuaigh ag obair leis an gcomhlacht British Railways i nDún Dealgan, áit ar thosaigh sé ag scríobh corrphíosa do na nuachtáin le cur leis an £4 sa tseachtain a bhí sé a fháil uathusan.

Clár darbh ainm Junior Sports Magazine a thug an chéad deis dó a dhul ag craoladh ar raidió RTE agus ina dhiaidh sin chualathas é ar na cláracha urraithe a bhíodh ag na comhlachtaí móra air siúd – ba iadsan freisin a thug deis chraoltóireachta den chéad uair do Mike Murphy, Brendan Balfe agus Gay Byrne.

Ar feadh tamaill bhí sé sáite i ngnó na seó-bhannaí agus scaireanna aige sa gcomhlacht ceirníní Release Records, a d’fhoilsigh ceirníní le Larry Cunningham, Brendan Shine, Brendan Grace agus a leithéidí. Chum Jimmy roinnt amhrán freisin, ar cheann acu, ‘Connemara Rose’ a sheinntear i gcónaí agus a gceaptar faoi go minic gur sean-amhrán ón díle atá ann.

‘I met a girl in Connemara,

Far west from Galway town…’

Ba é Corn Sacair an Domhain i 1966 a bhuaigh Sasana a chuir Jimmy ar an mapa mar thráchtaire. Ina dhiaidh sin ba é glór na gcomórtas a tháinig ina dhiaidh sin é  agus tháinig a bhuaic le linn réimeas Jack Charlton.

Nuair a bhíodh  Éireannach sa gcoimhlint, ní dhearna Jimmy iarracht riamh a cheilt gurbh fhearr leis dá mba aige nó aici siúd a bheadh an bua. Sin a bhí uaidh féin agus thuig sé freisin go mba é sin a bhí ón lucht éisteachta agus féachana sa mbaile.

B’in Jimmy.

Bhí sé d’ádh air a bheith i mbun a cheirde nuair a bhí na rothaithe Seán Kelly agus Stephen Roche i mbarr a maitheasa agus bhíodh sé thar a bheith bródúil nuair a tháinig  plúr na rothaithe go hÉirinn ag Rásaí Nissan agus an Tour de France.

In imeacht aimsire ar ndóigh rinne drugaí dochar mór do cháil an spóirt sin agus go deimhin don lúthchleasaíocht freisin. Rud a bhí ansin a ghoill go mór air, chomh mór sin agus nach mbíodh fonn air labhairt  faoi agus go fiú gur shéan sé go raibh a leithéid ag tarlú gur tháinig an t-am nach raibh aon rogha aige.

Ba é a chumas nádúrtha féin agus a chuid allais a d’fhág Magee san áit a raibh seisean agus ba mhaith leis a chreidiúint gurbh amhlaidh cás ag chuile dhuine eile.

B’in Jimmy.

Ba iad na Cluichí Oilimpeacha a neart agus an píosa tráchtaireachta a rinne sé agus John Treacy ag buachan an bhoinn airgid sa Maratón i 1984 an oidhreacht ba mhó a d’fhág sé ina dhiaidh.

Bhí mé leis an choicís sin i Los Angeles nuair nár fhág sé an Coliseum ó mhoch maidine go raibh an rás deireanach thart. Greim sciobtha ansin agus ar ais go dtí a sheomra óstáin go gcuirfeadh sé iomaitheoirí an lae ina dhiaidh i dtoll a chéile – fir agus mná – sna rásaí ó 100m go dtí an Maratón. Bhíodh an meán oíche caite go maith nuair a d’fhaigheadh sé deis a shúile a dhúnadh.

Ainneoin ualach na hoibre níor chaill sé a chumas grinn. Tráthnóna agus muid ag ól tae i Lárionad na Meán shuigh feidhmeannach as ceann de chomhlachtaí móra craoltóireachta California síos linn. Bhí aithne aige ar Magee. Faigh fear nach raibh.

Nuair a cuireadh mé féin in aithne don Mheiriceánach ba é seo an cháilíocht a fuair mé: ‘Mártan Ó Ciardha. He works for Raidió na Gaeltachta back in Ireland. They broadcast coast to coast.’

‘Wow’,  a deir mo chara nua, ‘coast to coast. I’d love a chance to do that.’ Níor bacadh a insint dó nach raibh ach 150 míle idir an Clochán agus Binn Éadair.

B’in Jimmy.

Fág freagra ar '‘Inniu an chéad uair ar fhág mé slán aige gan aoibh an gháire orm’ – cuimhní cara ar Jimmy Magee'