Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht leictreachais ‘go ceann roinnt laethanta’

Moltar go gcuirfeadh aon duine sna hoileáin atá ag brath ar fheistí leighis a ritheann ar leictreachas fios ar a ghairmí sláinte agus socrú eile a dhéanamh más gá

Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht leictreachais ‘go ceann roinnt laethanta’

Tá sé tugtha le fios ag an mBord Soláthair Leictreachais go bhfuil an chuma ar an scéal anois go mbeidh Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht leictreachais “go ceann roinnt laethanta”.

Tugadh le fios cheana féin go rabhthas ag súil go mbeadh an córas sna hoileáin Ghaeltachta curtha ina cheart faoi mheán oíche anocht, ach dúirt urlabhraí ó BSL gur tréimhse níos faide a bheadh i gceist.

Moladh go gcuirfeadh aon duine sna hoileáin atá ag brath ar fheistí leighis a ritheann ar leictreachas fios ar a ghairmí sláinte agus socrú eile a dhéanamh más gá.

Ba ag 4 am ar maidin a tharla an fabht ar chábla fothoinn a d’fhág trí oileán Árann gan aon chumhacht. Thug urlabhraí an BSL le fios go ndeachaigh criú ó ESB Networks i mbun oibre láithreach chun an fabht a dheisiú.

Tá an córas leictreachais ag obair arís in Inis Mór ó shin, ach d’fhéadfadh go mbeidh “roinnt laethanta” ann sula mbeidh cumhacht arís in Inis Oírr agus Inis Meáin.

Thug an BSL le fios go bhfuil an scéal amhlaidh toisc “a chasta is atá sé cáblaí faoin bhfarraige a dheisiú”. Ghabh an BSL leithscéal le muintir Inis Oírr agus Inis Meáin, mar a bhfuil 372 custaiméir ag an gcomhlacht soláthair leictreachais.

Tá eolas faoin bhfadhb chumachta ar an dá oileán ar fáil ag www.esbpowercheck.ie.

Fág freagra ar 'Inis Oírr agus Inis Meáin gan aon chumhacht leictreachais ‘go ceann roinnt laethanta’'