Inis Meáin agus Inis Oírr gan leictreachas go dtí meán oíche anocht

Tá an Bord Soláthair Leictreachais ag obair leis an bhfadhb a réiteach ó gearradh an chumhacht sa dá oileán ar maidin

Inis Meáin agus Inis Oírr gan leictreachas go dtí meán oíche anocht

Tá suas le 400 duine gan leictreachas in Inis Meáin agus in Inis Oírr inniu agus d’fhéadfadh nach mbeadh an chumhacht ag obair arís go dtí meán oíche anocht.

Tá oibrithe de chuid an Bhord Soláthair Leictreachais ag obair leis an gcóras a chur ina cheart sa dá oileán i ndiaidh gearradh leictreachais ar maidin. Tá údar an ghearrtha á fhiosrú ag an BSL faoi láthair.

Níor cuireadh isteach ar an gcóras leictreachais in Árainn ar chor ar bith. Deir an BSL go bhfuil siad ar a seacht ndícheall leis an bhfadhb a réiteach ach go bhféadfadh go mbeadh na hoileáin gan chumhacht ar feadh an lae.

Fág freagra ar 'Inis Meáin agus Inis Oírr gan leictreachas go dtí meán oíche anocht'