Ingne á scríobadh ar chlár dubh nó cailín beag agus fliúit aici – is fiú don scríbhneoir éisteacht leo

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: dá mhéad a chuirfeadh íomhá as duit, ní bheadh a fhios agat cén uair a d’oirfeadh sí do phíosa scríbhneoireachta

Ingne á scríobadh ar chlár dubh nó cailín beag agus fliúit aici – is fiú don scríbhneoir éisteacht leo

Oíche amháin, timpeall is trí seachtaine ó shin, bhí mé réidh le cailín beag a bhfuil cónaí uirthi i mo chomharsanacht a chur de dhroim an tsaoil. Bhí sí ag pocléim léi idir na bloic árasán agus fliúit á ‘seinm’ aici, ceann de na fliúiteanna saora plaisteacha sin ar a dtosaíonn páistí amach agus iad ag freastal ar bhunchúrsa ceoil. Ar ndóigh níor éirigh léi ach nóta amháin a bhaint as an diabhal rud, cé gur chuir sí a croí, a hanam agus a raibh ina scamhóga beaga isteach san iarracht:

Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí! Fííííí!’ 

Lean sé seo ar aghaidh ar feadh leathuaire an chloig. Ansin, go tobann, tháinig deireadh leis an gcéasadh. Cá bhfios nach raibh toradh ar mo chuid paidreacha agus gur tháinig badhbh anuas ón spéir chun an páiste agus a fliúit a chrochadh léi chuig oileán sceirdiúil éigin i lár an Atlantaigh?

Níl ceachtar acu, fliúit ná cailín, feicthe (ná cloiste) agam ó shin agus ní chuimhneoinn orthu go deo murach gur tháinig siad i gcabhair orm nuair a bhain géarchéim chruthaitheach dom an lá cheana agus mé ag scríobh.

An tseachtain seo, agus mé ag obair ar an gcéad dréacht de radharc in úrscéal nua atá idir lámha agam, bhí orm cur síos a dhéanamh den chéad uair ar charachtar nua, iníon dhuine de na príomhcharachtair.

Bíonn sé an-deacair ar scríbhneoir cur síos fisiciúil a dhéanamh ar charachtar nach bhfeiceann sé go soiléir ina aigne féin go fóill, ach tharlódh go dteastódh uaidh brú ar aghaidh leis an scríbhneoireacht ar eagla go ndéanfadh sé dearmad ar an radharc a theastaigh uaidh a chur ar phár.

Tá scríbhneoirí ann a d’fhágfadh spás bán sa téacs agus a líonfadh an cur síos fisiciúil ar an gcarachtar nua isteach ar a gcaoithiúlacht, ach ar an drochuair nílim ar dhuine acu. Ní éiríonn liom féin focal a scríobh faoi dhuine nach bhfeicim go soiléir i m’aigne féin.

Bhí mé i sáinn, mar sin.

Bhí iníon óg mo phríomhcharachtair ina suí i suíochán cúil an chairr, ach ní imeodh an carr sin in aon áit mura ndéanfainn cur síos ar an diabhal cailín sin. Ní dhéanfadh cur síos ginearálta ar dhath na súl agus na gruaige cúis, theastaigh tréith éigin a sheasfadh amach agus a léireodh a pearsantacht.

Focharachtar a bhí inti, ach bhí an méid sin tuillte aici. An dtabharfainn srón cham di? An mbeadh sí fiarshúileach? Ar ailbíneach a bhí inti?

Tar éis deich nóiméad nó mar sin bhí mo dhóthain agam de mholtaí áiféiseacha mo shamhlaíochta agus bhí mé ar tí mo pheann a chaitheamh leis an mballa (rud a d’fhágfadh smál breá dúigh, rinne mé a leithéid cheana.) Ach ansin chonaic mé, agus an radharc á shamhlú agam arís eile, go raibh fliúit phlaisteach i lámha iníon óg mo phríomhcharachtair. 

Níor chuir mé aon cheisteanna. Chuir mé peann le páipéar, chuir an cailín beag a fliúit lena béal agus las a máthair, an príomhcharachtar, inneall an chairr. Bhí muid ar an mbealach.

Trí leathanach níos déanaí, bhain mo phríomhcharachtar úsáid as fliúit a hiníne mar mheafar chun coincheap meitifisiciúil fíorchasta a mhíniú do charachtar eile (a bhí sa charr freisin). 

Is cuma cén coincheap meitifisiciúil a bhí ann. Is í an fhliúit sin a theastaíonn uaim a phlé anois. Ní hamháin gur tharraing sí an radharc le chéile go snasta, ach a bhuíochas léi, d’éirigh liom friotal a chur ar rud a shíl mé nach gcuirfinn friotal air go deo. Agus an rud is suimiúla ar fad, b’fhéidir: sular thosaigh mé ag scríobh, ní raibh a fhios agam ar chor ar bith go mbeadh an coincheap meitifisiciúil áirithe sin á mhíniú agam sa radharc sin.

An fhliúit a spreag é.

Céard é an ceacht atá le baint as an scéal? Níor cheart don scríbhneoir a shúile, a chluasa ná go deimhin a aigne a dhúnadh ar rud ar bith. Ingne á scríobadh ar chlár dubh, míoltóga ag geonaíl sa seomra codlata nó cailín beag agus fliúit aici: is mór an crá croí iad ach is saibhre stóras íomhánna an scríbhneora dá mbarr.