In ómós d’Fheargal Ó Cuilinn – Gael agus cara lách dílis a rinne a chion

Déanann Ciarán Ó Feinneadha cur síos ar a chara Feargal Ó Cuilinn a bhásaigh an tseachtain seo caite

In ómós d’Fheargal Ó Cuilinn – Gael agus cara lách dílis a rinne a chion

Bhí alt san Belfast News Letter an tseachtain seo caite inar maíodh gur ‘cumadh’ an Ghaeilge sa bhliain 1943. Ach amháin go raibh Feargal Ó Cuilinn ar leaba a bháis bí cinnte go mbeadh freagra ar an litir réitithe aige. Mar a tharla réitigh Seanán Ó Coistín freagra inar chuir sé i gcuimhne dóibh go bhfuil Gaeilge á labhairt in Éirinn le breis is 2,500 bliain agus go raibh an Ghaeilge á labhairt in Éirinn breis is 1,000 bliain sular tháinig Béarla anseo.

Bheadh neart argóintí eile ag Feargal ach ní chloisfimid anois iad faraor.

Baineann clann Uí Chuilinn le clanna ríoga na Gaeilge i mBaile Átha Cliath: clanna Uí Fhearachtáin, Mhic Ghuidhir, Uí Thuama, Mhic Mhathúna, Uí Dhálaigh, Uí Mhóráin, Uí Shnodaigh.

Clanna iad sin ar fad a tógadh le Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath agus a raibh cairdeas clainne ag Feargal leo ar feadh a shaoil.

Maireann an Ghaeilge fós lasmuigh den Ghaeltacht go príomha toisc gur thóg Bríd agus Tomás Ó Cuilinn agus a leithéidí a bpáistí le Gaeilge. Agus táimid ar fad buíoch do Bhríd agus do Thomás as sin a dhéanamh –an gníomh is tábhachtaí is féidir a dhéanamh i saol na Gaeilge.

Thuig Feargal féin tábhacht na Gaeilge sa teaghlach. Nuair a rugadh Louise agus Aedín dó féin agus Jean is Gaeilge a labhair sé leis na páistí agus bhí sé i gcónaí mórtasach astu. Bhí grá a chroí aige dóibh beirt. Bhí sé an-mhórtasach le déanaí nuair a fuair Louise post sa Bhruiséil mar aistritheoir agus bhí sé sona sásta go raibh Aedín tar éis cluiche a dhearadh do Ghlór na nGael, cluiche a sheolfar ag an Oireachtas i mbliana.

Thuig sé a thábhachtaí atá sé páistí a thógáil le Gaeilge agus bhí suim aige san obair sin. Is dá bharr sin go ndeachaigh sé ag obair mar Stiúrthóir ar Chomhluadar. Thaitin daoine le Feargal agus go háirithe thaitin páistí leis agus is iomaí páiste óg a spreag sé ina chuid oibre le Comhluadar agus is iomaí tuismitheoir atá buíoch de as na hócáidí a d’eagraigh sé, go háirithe an turas go dtí Brú na Gráige i nGaeltacht Chorca Dhuibhne gach bliain. Is ann a bhuail sé le hAnna arís. Ní mhaithfeadh Feargal dom riamh é mura ndéarfainn go poiblí cé chomh seafóideach is a bhí an cinneadh airgead stáit a bhaint de Chomhluadar, rud a chinntigh gur tháinig  deireadh leis an eagraíocht.

Nuair a cuireadh deireadh le Comhluadar chuaigh sé ag obair le Glór na nGael faoi cheannasaíocht Lorcáin Mhic Ghabhann. Tá cairde móra aige san eagraíocht sin agus tuigim cé chomh mór is a chuir a bhás as dóibh ar fad.

Mar oibrí deonach bhí baint mhór ag Feargal leis an iliomad eagraíocht Gaeilge, go háirithe na cinn a bhí ag plé le hoideachas. Bhí baint aige le Rith, Gaeloideachas, boird bhainistíochta Ghaelscoileanna agus An Foras Pátrúnachta do Scoileanna Lán-Ghaeilge.  Thar aon saothar eile dá chuid thug sé blianta ina Chathaoirleach ar Ghaelscoil Bharra i gCabrach – scoil go raibh sé an-mhórtasach aisti. 

Bhí a chlann ar fad lárnach ina shaol agus tá a a dheartháir Aongus agus a dheirfiúracha Fionnghuala, Deirdre agus Bríd croí briste inniu.

Tráth den saol luaigh Gabriel Rosenstock liom go raibh dualgas orainne, gníomhaithe teanga, a bheith béasach le daoine inár saol pearsanta toisc go raibh an baol ann go gceanglófaí ár ndroch-iompar pearsanta leis an nGaeilge agus go dtarraingeodh sé droch-chlú ar an nGaeilge. Níor ghá d’Fheargal aon iarracht a dhéanamh; tháinig na dea-bhéasa chuige go nádúrtha. Thug sé daoine leis gan stró agus ba dhuine ceanúil i gcónaí é.

Sula ndeachaigh sé ag obair i saol na Gaeilge ba leictreoir é Feargal. Rinne sé a phrintíseacht lena dhlúthchara Colm Mac Mathúna. Ceann de na jabanna ba thúisce a bhí aige, i 1985, ná athshreangú a dhéanamh ar mo theach. Bhí ar Cholm dul ag an siopa chun na hearraí a cheannach agus thug sé treoir d’Fheargal poll beag caol a dhéanamh i mballa na cistine chun go rachadh an tsreang tríd. Nuair a tháinig Fitz ar ais bhí an poll sa mballa chomh mór sin go rachadh liathróid peile tríd. Le Feargal a chosaint ar an náire, dúirt mé le Fitz go líonfainn féin an poll isteach, ach bhí an poll céanna fós ann 10 mbliana ina dhiaidh sin!

Bhreatnaigh mé ar ghiolcacha Fheargail an lá eile agus gach ceann a chonaic mé a sheol sé féin is i nGaeilge a bhí siad.

Ba léargas maith a chuid giolcacha agus athghiolcacha deireanacha ar Fheargal.

Chuir sé giolc amach ag cur in iúl chomh sásta is a bhí sé go raibh foirgneamh nua faighte ag Gaelscoil Bharra agus scéal an ghaisce sin á phlé aige lena chara Cóilín Ó Cearbhaill.

Bhain dhá athghiolc dá chuid le páistí gan dídean agus teachtaireacht chuig an Taoiseach ag gearán faoi easpa dídine a bhí i gceann acu. Bhain scata giolc eile le cluiche ceannais peile na hÉireann, cluiche a raibh sé ag súil go mór leis. Ar na rudaí eile a chuir sé spéis iontu bhí a chúraimí oibre le Glór na nGael. Thug sé suntas chomh maith do ghiolc ó Ghormfhlaith Ní Thuairisg inar moladh Rena Buckley, captaen Chorcaí, as a hóráid Ghaeilge i bPáirc an Chrócaigh agus do ghiolc ó David Gibney ag tacú leis an gceardchumannachas. Chuir sé spéis freisin i gceist a chuir Jamie Ó Tuama faoi cé a thiocfadh mar chomharba ar Ger Cunningham mar bhainisteoir fhoireann iománaíochta Bhaile Átha Cliath. Ba léir a spéis sa stair agus sa pholaitíocht in dhá athghiolc eile uaidh: ceann faoi Lenin agus ceann eile faoi réabhlóid na Rúise. Níos gaire don bhaile, bhí cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ag déanamh imní óir roinn sé teachtaireacht ó Áine Ní Bhreisleáin inar mhaígh sí gur ‘bánú na Gaeltachta seachas buanú na Gaeltachta atá ag tarlú gan fostaíocht cheart sa Ghaeltacht’.

Mar bharr air sin ar fad, bhain sé sult as scéal faoi chapall a bheith ag siúl timpeall an Oasis Pub i gCabrach agus daoine ag ól piontaí taobh leis.

Mar is eol dúinn, bhuail taom croí Feargal maidin an chluiche ceannais peile. An oíche roimh ré bhí sé ar nós páiste a bheadh ag fanacht ar Dhaidí na Nollag agus sceitimíní áthais air. An oíche sin a sheol sé a ghiolc deireanach.

Pictiúr dá thicéad don chluiche mór agus an teachtaireacht seo leis: ‘Codladh amháin eile.’

Tá Gael agus cara lách dílis a rinne a chion ar lár.

– Tá an píosa ómóis seo bunaithe ar an gcaint a rinne an t-údar ag sochraid a charad.

Fág freagra ar 'In ómós d’Fheargal Ó Cuilinn – Gael agus cara lách dílis a rinne a chion'

  • Éamonn Mac Niallais

    Maith thú a Chiaráin agus gach comhbhrón le cairde agus teaghlach Fheargail.

  • Tadhg Mac Dhonnagáin

    Is álainn uait an píosa seo, a Chiaráin. Ba ríbhreá an duine é Feargal – chuir mé féin aithne air blianta ó shin is mé i mbun ócáidí ceoil agus eile do ghrúpaí de chuid Comhluadair ar fud na tíre. Fear fial, flaithiúil, múinte mánla a bhí ann, agus ba mhór an pléisiúr i gcónaí bheith ag comhoibriú leis. Ba léir ar feadh an ama an díograis a chaith sé lena chuid oibre agus dhéanadh sé a dhícheall tacú go tuisceanach, fial le daoine eile a bhí ag treabhadh na n-iomairí céanna leis féin. Aireoidh muid uainn é.

  • Diarmuid de Faoite

    Go raibh céad míle maith agat as an bpíosa sin a scríobh a Chiaráin. Tá sé ráite agat agus ag Tadhg thuas freisin. Nílim in ann faic a chur leis ach comhbhrón a dhéanamh lena chlann, lena mhuintir, lena chomhghleacaithe agus lena chairde. Suaimhneas ort a Fheargail.

  • Eoghan Mac Cormaic

    Bhí, a raibh i láthair, buíoch do Chiarán as na focail chaoin a labhair sé, agus do na ceoltóirí a sheol ár gcara ar a bhealach. Ní fhaigheann duine bás go dtí an uair deireanach a labhrann daoine eile a ainm nó a hainm. Is fada go mbeimid ag labhairt ar Fheargal. Comhbhrón arís lena mhuintir, a chairde, a chomhghaeil.

  • Pádraig Ó Baoill

    D’fhág tú lorg ar ár gcroíthe uile a Fhearghail agus tú i gcroílár gach comhluadar inár gcuideachta. Comhbhrón!

  • Micheal O Mairtin

    Bulaí fir a bhí ann mar Fheargal. Rinne sé coin fir. Comhbhrón lena bhunadh.

  • Seán Hade

    Ráite go háilinn. Cuireadh sna trithí gáire mé le scéal an phoill mhóir. Síocháin shíoraí air.