In Memoriam: Pádraig Tyers

Cothrom an lae inniu seacht mbliana ó shin a cailleadh duine de mhórscoláirí agus de chraoltóirí breátha na Gaeilge. Cúléisteacht le seandaoine aimsir Aifrinn a chuir tús lena aistear teanga

In Memoriam: Pádraig Tyers

Ceann de na cláracha is fearr liom ar RTÉ Raidió na Gaeltachta is ea Siúlach Scéalach, clár cartlainne a mbíonn Ian Lee ina bhun na haon seachtain. Is ansin a chloisfidh an té a bhfuil  cluas le héisteacht air fomhír chraolta le Pádraig Tyers, a cailleadh cothrom an lae inniu seacht mbliana ó shin. Duine de mhórscoláirí agus de chraoltóirí breátha na tíre ab ea Pádraig Tyers, a chloistí go rialta ar Raidió Éireann.

Más aon slat tomhais iad na seanmhíreanna cartlainne úd, duine suáilceach, géarintinneach a bhí ann agus é breá nádúrtha. An duine céanna a chastar orainn ina dhírbheathaisnéis ghleoite, Sliabh gCua m’Óige.

Is é a thugtar le tuiscint don léitheoir gur duine umhal ab ea é a bhain leis an gcosmhuintir agus nár mhaith leis aon tóirtéis ná éirí in airde a bheith ag roinnt le daoine. Bhí acmhainn grinn shéimh ann chomh maith – is mar seo is cuimhin leis a sheomra ranga:

‘Bhí na fuinneoga ar an bhfalla cúil ag féachaint amach ar an reilig laistiar. Níorbh é an radharc ab fhearr é chun daltaí óga a spreagadh chun oibre.

Ó Shasana ó dhúchas ab ea a athair, agus is é is cúis leis an sloinne neamhchoitianta atá ar an údar. Sloinne saothair atá ann agus ‘ceanglóirí arbhair’ ab ea muintir a athar, a deir an t-údar linn.

Chuir a thuismitheoirí fúthu i dTuar an Fhíona i dtosach báire, paróiste atá lonnaithe

‘i lár cheantar Shliabh gCua’, i bPort Láirge. Faighimid spléachadh ar chúinsí polaitíochta na hÉireann ag an am:

‘Bhí an Cogadh Cathartha ar siúl an uair úd agus saighdiúirí Arm Poblachta na hÉireann, tuairim is fiche duine acu, ar billéad sa leath eile den teach.’

Dá laghad meas a bhí ag an dá thaobh ar a chéile sa chogadh úd, ba lú fós a meas ar an Sasanach, mar a léirítear leis an drochíde a thug an sagart paróiste d’athair an dírbheathaisnéisí:

‘Tá an tír seo lán de spiairí de chuid Shasana…….agus tá siad tagtha inár measc féin anois, is baolach.’

Dearcadh tuisceanach a léirigh an t-údar i dtaobh an scéil seo, áfach:

‘B’fhéidir nár cheart a bheith ródhian ar fad ar an sagart mar ní raibh sé ach tagtha don pharóiste…agus tharlódh go raibh míthuiscint mhacánta air.’

Ball d’Eaglais Shasana a bhí san athair, cé go raibh an-mheas aige ar an gcreideamh Caitliceach. In ainneoin an doichill a bhí ar an sagart sin, agus, go deimhin, ar chuid de na Gardaí, rompu, cuireadh an-fháilte roimh an teaghlach sa cheantar ar an iomlán, go mór mór tigh Mhicí Uí Ící:

‘Thar a raibh de thithe sa cheantar…is é teach Mhicí Uí Ící i gCathair na Léige ba mhó a thaithídís. Toisc é a bheith ina chónaí ina aonar, ní raibh aon dul go bhféadfadh sé an dá thrá…a thabhairt leis. Thagadh mo mháthair i gcabhair air mar sin, ag bácáil, ag níochán agus ag déanamh cúraimí eile timpeall an tí dó.’

Léargas eile ar an gcomhar agus an muintearas a bhain leis an bpobal ag an am is ea an cur síos ar obair na meithle sa mhuileann, obair ar theastaigh deaslámhacht, stuaim, suaimhneas agus súil ghéar chun a déanta:

‘Bheadh beirt ar an muileann agus scian bheag ghéar an duine acu chun cuibhreacha na bpunann a ghearradh. Choimeádfaidís sin punannacha leis an bhfear taobh leo a bheadh ag cothú dhruma an mhuilinn. Ba shin an fear ba thábhachtaí agus ba staidéartha san iothlainn. Chaithfeadh sé bheith an-aireach ag cur an arbhair, agus na diasa chun tosaigh, síos isteach sa druma ach gan dul i mbaol a lámha a bhaint de ag na buailteoirí.’

Cé is moite den tréimhse a thug sé i mbun craoltóireachta, ba mar oideachasóir is mó a chuir an pobal aithne ar Phádraig Tyers. Ní nach ionadh, mar sin, gur thaitin an scoil go mór leis agus é ina gharsún, agus is álainn an cur síos atá aige ar na ‘toibreacha’ dúigh a bhíodh á n-úsáid ag daltaí scoile an t-am sin:

‘Bhí toibreacha dúigh ar gach aon bhinse….agus dá mbeadh obair scríofa á dhéanamh agat, thumfá do pheann goib isteach sa tobar, tharraingeofá amach arís é, bhainfeá croitheadh nó dhó as d’fhonn farasbarr a fhágaint i do dhiaidh agus seo leat ag scríobh’.

Is maith an oiliúint a fuair an t-údar óna mhúinteoirí scoile agus meabhraítear don léitheoir a oiread béime a chuirtí ar áireamh cinn sa seomra ranga, cur chuige a bhfuiltear ag filleadh air anois sa chóras oideachais agus a bhfuil sé léirithe gur maith é chun cuimhne agus chun muiníne:

‘Chuireadh [an múinteoir] chugainn ceisteanna de leithéid “Cén méid dhá dhosaen go leith ubh ar scilling is sé phingin an dosaen?” agus chaithimisne an freagra a sholáthar chomh pras agus ab fhéidir linn gan dul ar iontaoibh pinn luaidhe ná páipéir. Ba dhiail an oiliúint í, oiliúint a sheas riamh ó shin dom.’

Go deimhin, is é a bhí buíoch as a chuid scolaíochta agus a thuig nach ionann áiseanna maithe agus oideachas maith:

‘Ní leor foirgnimh mhaisiúla agus áiseanna múinte dá fheabhas chun a dheimhniú go gcuirfear oideachas ar dhaoine…ach is mór m’eagla é gurb é sin a thuigtear do roinnt mhaith múinteoirí sa lá atá inniu ann. Ar éigean má bhí aon áiseanna ar fáil ag Garry [duine dá mhúinteoirí]…Dá ainneoin sin is uile, fuaireamar oideachas uaidh nár chás d’aon duine bheith mórálach as.’

Duine eile de mhúinteoirí an dírbheathaisnéisí ab ea an file clúiteach Pádraig Ó Mileadha, agus ba mhór an bhaint a bhí aige siúd le faobhar a chur ar Ghaeilge Phádraig óig. Ach oiread le múinteoirí eile sa scoil, thaitin sé leis stair agus béaloideas Shliabh gCua a phlé leis na daltaí agus scéal mhuintir na háite a ríomh, rud a chothaigh bród agus mórtas as cuimse san údar as a pharóiste féin. Is é is dóichí, leis, gurbh é an plé agus an cíoradh sin a d’fhág go raibh suim thar a bearta ag an údar i scéal an duine trí chéile, snáth a cheangail a chuid múinteoireachta agus a chuid craoltóireachta go deas lena chéile.

Ba é a chuir an lasair sa bharrach, áfach, ná na seandaoine a mbíodh an t-údar ag cúléisteacht leo ar an Aifreann:

‘An áit ab fhearr liom féin lonnú…ná trí nó ceithre cinn de shuíocháin suas ó bhun an tséipéil…mar ansin d’fhéadfainn bheith ag éisteacht le hÉamonn Ó Criostóir…agus beirt nó triúr eile den bheagán cainteoirí dúchais Gaeilge a bhí fágtha sa pharóiste.’

Cé is moite den méid a múineadh dó ar scoil, d’fhéadfaí a mhaíomh gurbh iad na seanóirí seo a chuir tús lena aistear teanga. Más iad, bímis buíoch díobh.

Ré órga a bhí ann do Ghaeilge na Mumhan ar mheán an raidió agus Pádraig Tyers i mbun craoltóireachta, tráth a chloistí, chomh maith céanna, Conchúr Ó Coileáin, Diarmaid Ó Muirithe agus Liam Budhlaeir. Ba léir an beann a bhí ag ceannairí Raidió na Gaeltachta ar fheabhas na gcraoltóirí sin, idir chumas agus Ghaeilge, agus a bhfoireann féin á gceapadh acu roinnt blianta ina dhiaidh.

Fágann an sárchaighdeán craoltóireachta a leag Pádraig Tyers agus a chomhghleacaithe síos go bhféachfaí le dea-chraoltóirí raidió agus teilifíse a aimsiú chun tuairisciú a dhéanamh sa chanúint bhreá sin feasta.

Ní féidir an méid a rinne sé ar son mhúineadh na Gaeilge a thomhas, ná ní fhéadfar – ach tá ‘laethanta breátha’ Ollscoil Chorcaí fós ag triall ar Dhún Chíomháin san áit ab ansa leis ar domhan. Ní beag san.

Fág freagra ar 'In Memoriam: Pádraig Tyers'