In Ireland’s Own a léigh mé nach i Meiriceá a thosaigh ‘Seán-na-Gealaí’ agus níl mé i gceart ó shin

B’fhéidir nach raibh fáil ag ár gcolúnaí agus í óg ar phuimcín ach m’anam go raibh teacht aici ar thornapa!

In Ireland’s Own a léigh mé nach i Meiriceá a thosaigh ‘Seán-na-Gealaí’ agus níl mé i gceart ó shin

LÉARÁID: Tuairisc.ie/CÓS

‘Cén t-éadan a chuirfidh sibh ar an bpuimcín?’ a d’fhiafraigh fear an tsiopa dínn. Bhí muid istigh sa siopa glasraí agus torthaí is iontaí ar domhan, meallta isteach ag na puimcíní móra lonracha a bhí le feiceáil sa bhfuinneog.

‘Ní fhéadfaidh tú sean-éadan de chineál ar bith a chaitheamh air,’ a dúirt sé agus údarás ina ghlór. ‘Tabharfaidh mise cúnamh daoibh,’ a dúirt sé agus d’imigh leis. Tháinig sé ar ais théis cúpla nóiméad agus coirnéal cairtchláir i lámh amháin aige a bhí stróicthe de bhosca úll agus peann sa lámh eile.

‘Anois! Tarraing ciorcal ar dtús – sin é an puimcín féin,’ a mhínigh sé don té a bheadh aineolach ar chúrsaí a bhaineann le dearthóireacht puimcíní. Mé féin, mar shampla.

Ansin, tharraing sé dhá thriantán, b’in iad na súile, triantán eile sa lár don tsrón agus ansin béal mór fiaclach thíos faoi.

‘Céard a cheapfá faoi sin?’ a d’fhiafraigh sé dínn agus é mórtasach as an dearadh nua. B’fhada le chuile dhuine go bhfaighidís féin greim ar an bpeann.

Faoin am gur tháinig an tráthnóna bhí trí bhileog de chiorcail bheaga againn. Bhí puimcín na gcéad súil ann, puimcín an chlaib mhóir, puimcín na straoise, puimcín na smaoise…

Sa deireadh thiar, shocraigh muid ar an bpuimcín bunoscionn. Dearadh simplí atá ann ach is ráiteas atá ann freisin ar an saol athraitheach ina maireann muid nach bhfuil tóin ná ceann air go minic. É sin agus bhí sé éasca é a dhéanamh.

Dhéanfainnse rud ar bith ach fáil a bheith agam ar phuimcín nuair a bhí mé ag fás aníos. D’fheicfeá scaití sa siopa iad dá mbeifeá i nGaillimh ach bhídís beag bídeach agus sách daor.  Ní chuimhním gur éirigh liom ceann a fháil riamh.

D’athraigh mo shaol ó bhonn an lá ar léigh mé in Ireland’s Own gur in Éirinn agus ní i Meiriceá a thosaigh an cleachtas ‘Seán-na-Gealaí’. Agus nár phuimcíní a bhí ann an chéad lá riamh ar chor ar bith, ach tornapaí. B’fhéidir nach raibh fáil agam ar phuimcín ach m’anam go raibh teacht agam ar thornapa!

An chéad rud a thabharfaidh tú faoi deara má thriaileann tú tornapa a ghearradh amach d’oíche Shamhna agus splanc a chuir isteach ina lár ná gur glasra an-láidir é atá chomh crua le cloch. Go deimhin, is obair chrua, chontúirteach í an tsnoíodóireacht tornapa agus ní thiocfaidh tú aisti gan do mhéaracha a ghearradh agus braon fola a dhoirteadh.

Má chuardaíonn tú ‘turnip jack-o-lantern’ ar Google feicfidh tú go bhfuil cuma i bhfad níos uafásaí orthu ná mar atá ar phuimcíní. Go deimhin, tá baol ann nach mbeidh tú baileach ‘ceart’ arís go deo théis cuid acu a fheiceáil.

Níl a fhios agam an bhféadfá a rá go bhfuil pearsantacht ag meacain agus gurdanna, ach dá mbeadh, shamhlóinn go mbeadh an puimcín i bhfad níos gealgháirí ná an tornapa. Dá mbeidís ag cóisir sílim go mbeadh an puimcín thuas i lár an tseomra ag ‘dabáil’ is ag casadh Despacito is bheadh an tornapa thall sa gcoirnéal ag deáráil ag tarraingt troda.

Fág freagra ar 'In Ireland’s Own a léigh mé nach i Meiriceá a thosaigh ‘Seán-na-Gealaí’ agus níl mé i gceart ó shin'