In áit fíneáil ar na Ceiltigh, cad faoi fhoireann Phalaistíneach a chur sa chomórtas?

AN SAIGHDIÚIR SAMHRAIDH: I mbun marana ar chás Mhaigh Eo sa pheil agus cás na gCeilteach san Eoraip atá an Saighdiúir an tseachtain seo

In áit fíneáil ar na Ceiltigh, cad faoi fhoireann Phalaistíneach a chur sa chomórtas?

An cluiche ceannais roimh an chluiche ceannais

Bhuel, ní fada uainn na cluichí ceannais – bíodh is nach bhfuil mórán daoine ag súil go mbeidh maith ar bith sna cluichí ceannais céanna. Nó is minic ar na saolta deireanacha seo i saol aisteach an CLG de nach mbíonn sa chluiche ceannais ach deis ag contae amháin cailleadh in éadan chontae eile.

Mar sin de, ó thaobh na hiomána de, tá deis ag Tiobraid Árann cailleadh in éadan na gCat agus, ó thaobh na peile de, bíonn tú ag cur ceist ort féin an fiú do Mhaigh Eo peileadóirí a chur go Páirc an Chrócaigh ar chor ar bith? Ag éisteacht leis na tráchtairí agus ag léamh na dtuairimí, tá mórán daoine den bharúil gurb é an cluiche idir na Dubanna agus Ciarraí an cluiche ceart ceannais. Cibé contae a bhaineann an cluiche sin, bainfidh siad an comórtas, de réir cosúlachta. Cluiche leathcheannais atá ann ach cluiche réamhcheannais an tuairim atá ag cuid mhór daoine de, sórt two-for-one.

Leoga, ní fear mór Maigh Eo mé ach tá an chuma ar an scéal dá mbeadh Maigh Eo ag imirt in éadan 15 Smurfs go ndéarfadh cuid mhór daoine go mbeadh an lá leis na Smurfs, nach mbeadh cosantóirí Mhaigh Eo ábalta ag ionsaithe fíochmhara na Smurfs; go mbeadh na Smurfs i lár páirce níb fhearr ná fir Mhaigh Eo, srl. (B’fhéidir go bhfuil an t-ádh ar Mhaigh Eo nach bhfuil na Smurfs ag imirt peile i mbliana!)

Sea, is míle trua Maigh Eo. An bhfuil peileadóir ar bith in Éirinn a amharcann ar gheansaí Mhaigh Eo agus a mhothaíonn, bhuel, eagla?

brendan-rodgers

Bratacha Ceilteacha

Beidh lá mór ag na Ceiltigh amárach (Dé Máirt) in Iosrael agus iad ag tabhairt aghaidh ar Hapoel Be’er Sheva. Má bhíonn an lá leo, beidh fir Bhrendan Rodgers i Sraith na Seaimpíní mar is ceart, rud a thógfaidh croí gach duine de lucht leanúna an chlub. Ba dheas agus ba ródheas an geansaí clúiteach sin a fheiceáil ar pháirceanna na hEorpa uair amháin eile agus laochra Ghlaschú ag tabhairt aghaidh ar chríocha nua peile. Cá bhfios nach spreagfadh sé mé féin le geansaí nua a cheannach? Tá geansaí de chuid na gCeilteach agam atá chomh sean sin gur de dhéantús Umbro é! Is fada fada ó bhí Umbro ag plé leis na Ceiltigh.

Ar ndóigh, tá an cluiche féin faoi scáil cheist na mbratach agus caint ann go mbeidh UEFA ag cur fíneáil ar an chlub as roinnt dá lucht tacaíochta bratacha de chuid na Palaistíne a chur ar foluain ag an chluiche deireanach idir an dá chlub.

Ní maith liom féin cúrsaí polaitíochta agus spóirt a mheascadh le chéile ach, mar agóid, shíl mé go raibh dínit leis an cheann seo agus ní thuigim cad chuige a gcuirfeadh na bratacha an oiread sin oilc ar lucht UEFA.

I ndeireadh thiar thall, ní san Eoraip atá Iosrael ach imríonn foirne Eorpacha in éadan fhoirne as Iosrael ar bhonn rialta agus caitear go múinte leo. B’fhéidir, in áit fíneáil a ghearradh ar na Ceiltigh, go dtiocfadh le UEFA foireann Phalaistíneach a chur sna comórtais éagsúla Eorpacha? Bheadh deis acu ansin a mbratach féin a chur in airde.

Fág freagra ar 'In áit fíneáil ar na Ceiltigh, cad faoi fhoireann Phalaistíneach a chur sa chomórtas?'

  • Joe Walsh

    Ar an ceist seo, b’fhéidir go cruthíonn seasamh UEFA go bhfuil cúrsaí polaitíochta agus spóirt mheascadh le chéile… ach braitheaann sé ar do pholaitíocht! Cén fath nach bhfuil an cheart ag foirne Phalaistíneach imirt i gcoinne foirne Eorpacha ma tá an cheart sin ag foirne as Iosrael? Nach ceist pholaitiuúil é sin? Agus ná déan dearmad ar an maslaí a caitheadh ar James McClean sa Bhreatain toisc gur dhiúlatigh sé an suaitheantas polaitiúil (agus míleatach) sin, an Poppy, a caitheamh.