In ’18 déarfaidh na mná ‘Cá ndeachaigh na fir?’

An dteastóidh fir ar chor ar bith i ré na leanbh triaileadáin? An gcaithfear Gluaiseacht Shaoirse na bhFear a bhunú sula mbeidh sé rómhall?

RnaG
‘Is mór an chreidiúint na craoltóirí ban atá ag RTÉ RnaG’

Dá bhfiafrófaí díom cé na hathruithe is mó a chonaic mé sa tír seo le mo linn chaithfinn labhairt ar an bpointe boise faoin mbealach ar chaill an Eaglais Chaitliceach an greim píobáin a bhí acu ar an bpobal. Ní fhéadfainn dearmad a dhéanamh ach an oiread ar an gcaoi a ndearnadh buachaillí beaga de pháirtí Fhianna Fáil in imeacht na haimsire céanna.

Níor cheap muid nuair a bhí muid óg go bhfaigheadh fir cead a chéile a phósadh agus go mbeadh an cead céanna ag na mná.

Ach tharla dhá athrú mhóra eile freisin: go dtáinig sé sa saol gur fonn a bhíonn ar ghasúir a dhul ag an scoil anois agus, ar an dara dul síos, go ndearna na mná dul chun cinn an-mhór ar bhealaí go leor le dhá scór bliain anuas.

An chuid de na daoine atá san aois a bhfuil mise anois thuigfidís céard a bhí i gceist ag Shakespeare nuair a thrácht sé ar an ‘whining schoolboy with his satchel and shining morning face, creeping like snail, unwillingly to school’.

Chonaic go leor againn gasúir bheaga laga nach raibh in ann greim dá mbricfeasta a ithe le teann faitís roimh an liúradh a bhí i ndán dóibh sa seomra ranga an lá sin.

Maidir leis na mná is breá go deo an dul chun cinn atá déanta acu.

An oíche faoi dheireadh bhreathnaigh mé ar Nuacht 6 ar theilifís RTÉ. Mná is mó a rinne na tuairiscí agus ba mhaith uathu.

Shocraigh mé beagán taighde a dhéanamh. Chuaigh mé i muinín an tseinnteora agus chomhair mé an líon ban a bhí le feiceáil ag tuairisciú i gcomparáid leis an líon fear.

Aon bhean déag (11) agus naonúr (7) fear a bhí ann. Ar dhuine díobh siúd a cuireadh ag caint bhí Méara Washington, bean den chine gorm, Muriel Bowser.

Toghadh mná ina nUachtarán ar Éirinn ó bhí mise i mo ghasúr. Bean a bheas ina hUachtarán ar Mheiriceá an chéad gheábh eile mura bhfuil mé ag dul amú go mór.

Tiocfaidh an lá gur bean den chine gorm a bheas sa bpost sin freisin.

Chuaigh mé ar aghaidh ón taighde sin go dtí Nuacht TG4. Seisear (6) ban a rinne an tuairisceoireacht sa gcás sin. Ní raibh ann ach triúr (3) de na fir – Oisíní i ndiaidh na Féinne.

Ní dhearna mé aon taighde fós ar chraoltóirí Raidió na Gaeltachta ach tá a fhios agam rud amháin: gur mór an chreidiúint na craoltóirí ban atá acu. Tógann sé mo sheanchroí iad a chloisteáil.

Is mór idir é seo ar fad agus an chaoi a raibh cúrsaí craolacháin nuair a bunaíodh Raidió na Gaeltachta.

Ba é an creideamh a bhí ag bainisteoirí an uair sin, agus ag cuid mhór den phobal go deimhin, nach mbeadh aon mheáchan sa gcaint a dhéanfadh craoltóirí ban; nach mbeadh aon mhuinín ag na héisteoirí astu.

Na heolaithe móra a bhí ag stiúradh cúrsaí le linn dóibh a bheith ag bunú Raidió na Gaeltachta shocraigh siad an stáisiún a thosú gan iriseoir, gan bhanchraoltóir.

Ba é an meon a bhí acu, is cosúil, go bhféadfadh na hoibrithe ar fad chuile chineál oibre a dhéanamh, iriseoireacht san áireamh.

Maidir le banchraoltóir cé a bheadh buartha fúithi siúd?

B’éigean do Cheardchumann na nIriseoirí cath a throid le hiriseoirí agus le banchraoltóirí a fháil sa raidió. Ceapadh iriseoirí de réir a chéile agus ceapadh banchraoltóir sa deireadh.

Ba mhaith a chruthaigh sí ina dhiaidh sin.

Fós féin ba dheacair leis na bainisteoirí scaradh leis an smaoineamh gur ag plé le cláracha do pháistí agus le cláracha cócaireachta ba cheart a leithéid de bhean a chur.

I bhfad roimhe sin a leagadh an múnla síos ar ndóigh: ní thugtaí cead cainte do na mná nuair a bhíodh ábhair thábhachtacha á bplé. ‘Ní thuigeann na mná an saol,’ a dúirt an seanfhocal.

Tá aithne mhaith agam ar chraoltóir a thug cuireadh do bhean ar chlár raidió. Seanchaí cáiliúil ba ea a fear céile. Ní raibh fonn ar bith uirthi glacadh leis an gcuireadh mar nár hiarradh uirthi tada a chur ar téip riamh cheana, a dúirt sí.

Bhí téipeanna ag dul fúithi agus thairsti ó phós sí an seanchaí ach níor chuir aon duine ceist uirthise!

Rinne sí an píosa cainte go drogallach sa deireadh. Ba spéisiúla í ar go leor bealaí ná an seanchaí.

D’éirigh na háiseanna frithghiniúna fairsing ó bhí mé óg. Mhionnaigh tráchtairí coimeádacha gurb iad na fir is mó a chuirfeadh fáilte rompu; go dtabharfaidís saoirse bhreá dóibh i gcúrsaí pluide. (Dúirt cainteoir Breatnaise liom le gairid gur ‘leanbh taobh amuigh den phluid’ a thugtar ar pháistín raithní, gréine, seoigh, díomhaointis, toir, sa teanga sin acusan).

B’fhéidir go ndearna na háiseanna frithghiniúna an saol ní ba éasca do stollairí bríomhara a raibh an fonn sin orthu ach is cinnte gur chuidigh siad go mór le saoirse na mban freisin.

Cén chaoi a mbeidh an scéal amach anseo? An dteastóidh fir ar chor ar bith i ré na lean triaileadáin? An gcaithfear Gluaiseacht Shaoirse na bhFear a bhunú sula mbeidh sé rómhall?

Tá scéal ann go mbeidh máthair agus a hiníon ag siúl amuigh faoin aer sa saol atá chugainn. Feicfidh siad sunda ag déanamh orthu aniar leiceann an tsléibhe.

‘Céard é sin?’ a fhiafrós an iníon.

‘Sin fear,’ a déarfas an mháthair.

‘Agus céard é fear, a mháthair?’ a fhiafrós an iníon.

Tá seanrá ann, atá bunaithe ar chreideamh a bhí roimhe sin in Oileán Mhanainn, go dtiocfaidh an lá a mbeadh uireasa fear ann:

‘In ’16 beidh Éire dearg le fuil,

In ’17 beidh daoine á gcrochadh gan coir,

In ’18 déarfaidh na mná ‘Cá ndeachaigh na fir?’

Fág freagra ar 'In ’18 déarfaidh na mná ‘Cá ndeachaigh na fir?’'