Imreoirí óga Chiarraí sa tóir ar ardú céime agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

An chéad deireadh seachtaine de shéasúr CLG, gaiscí na nÉireannach i gCorn FA agus géarchéim na ngortuithe i gCúige Chonnacht... Bhí neart scéalta spóirt ann le cúpla lá anuas

Imreoirí óga Chiarraí sa tóir ar ardú céime agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine

Tony O'Sullivan. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Imreoirí óga Chiarraí sa tóir ar ardú céime

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar Chorcaigh an deireadh seachtaine seo i gCorn Mhic Craith agus is cinnte go mbeidh neart roghanna ag Éamonn Fitzmaurice agus foireann á chur chun páirce é.

Ní raibh ach imreoir amháin, Brian Ó Beaglaoich na Gaeltachta, ag imirt do Chiarraí inné a d’imir sa chraobh anuraidh toisc cinneadh a bheith déanta go dtabharfadh an fhoireann faoi 21 aghaidh fhoireann shinsir Thiobraid Árann. In ainneoin easpa taithí na foirne, rinne Ciarraí slad i dTrá Lí agus bhí bua 14 pointe ag an bhfoireann baile.

Cé go raibh roinnt imreoirí nua ag Tiobraid Árann, bhí seachtar a thosaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann mí Lúnasa seo caite ar fhoireann Liam Kearns. Fós, ní raibh siad in ann ag fir óga Chiarraí.

Cé go bhfuil an fathach lár páirce Mark O’Connor caillte acu, scóráil cúigear eile ón Daingean, Tom O’Sullivan, Barry O’Sullivan, Cathal Bambury, Conor Geaney agus Matthew Flaherty cúilíní do Chiarraí agus bhí fear eile ón Daingean, Tom Leo O’Sullivan, ar an bhfoireann chomh maith.

Agus O’Connor imithe chun na hAstráile, seans gur Seán O’Shea, fear eile a bhí ina chaptaen ar fhoireann mhionúir a bhuaigh craobh na hÉireann,  is a  thabharfar ardú céime dó. Fuair O’Shea 0-3 i gcluiche an lae inné agus thug sé sárthaispeántas uaidh. Tá an mianach ann cinnte a lorg a fhágáil ar fhoireann na sinsear amach anseo.

Daryl Horgan. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tús maith déanta déanta ag Horgan le Preston

Cé gur díbríodh a fhoireann  Corn an FA é de bharr cúl Olivier Giroud ag deireadh na himeartha, caithfidh go bhfuil Daryl Horgan sásta leis an tús atá curtha aige lena shaol le Preston North End. Cé nár thosaigh an Gaillimheach an cluiche ar an Satharn, tháinig sé isteach san imirt agus deich nóiméad fágtha. Léirigh bainisteoir Preston, Simon Grayson, a mheas ar Horgan agus é sásta an tosach a chur isteach den chéad uair le linn cluiche i gcoinne Arsenal a bhí fós idir dhá cheann na meá.

Cé nach raibh an fear eile a shínigh Preston ó Dundalk, Andy Boyle, ar an mbinse fiú , seans maith nach mbeidh  fanacht rófhada air dá dheis. Dhíol an club leathchúlaí láir eile, Bailey Wright, an tseachtain seo caite, rud a chiallaíonn gur beag ionadaí eile acu san ionad sin. Agus an athimirt i gcoinne Arsenal amach rompu, imreoidh Preston cúig chluiche roimh dheireadh na míosa agus ná bíodh iontas ort má fheicimid beirt iar-imreoirí Dundalk ar an bpáirc ag an am céanna.

Pat Lam. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Leathchúlaí eile amuigh do Chúige Chonnacht

An deireadh seachtaine seo, tabharfaidh Cúige Chonnacht aghaidh ar Zebre i gCorn na gCuradh agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile de phríomhchomórtas chlubanna na hEorpa. Tá na Connachtaigh cothrom le Wasps agus Toulouse ar bharr an ghrúpa faoi láthair agus tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfaighidís an ceann is fearr ar na hIodálaigh ar an Satharn.

Go hiondúil, dhéanfaí talamh slán de go mbeadh Cúige Chonnacht in ann an méid sin a dhéanamh, ach tá an fhoireann buailte ag géarchéim gortuithe faoi láthair. Sular thug siad aghaidh ar na Ospreys ar an Satharn, bhí 21 imreoir in easnamh orthu de bharr gortuithe. Ansin, le linn an chluiche, bhain gortuithe do Jake Heenan agus Jack Carty.

Is é gortú Carty an ceann is mó a chuirfidh as do Chúige Chonnacht mar ba é an t-aon leathchúlaí amuigh a bhí fágtha acu agus Marnitz Boshoff, Shane O’Leary agus Craig Ronaldson uile ar iarraidh. Diúltaíodh d’iarratas Pat Lam a mhac, Mitch, a thabhairt isteach ar fhoireann Chúige Chonnacht an tseachtain seo caite agus ní fios cá bhfuil réiteach na faidhbe ag Lam.

Davy Fitzgerald. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An-tionchar ag Davy Fitz cheana féin

Pé rud a déarfá faoi Davy Fitzgerald, níl aon amhras ach go dtarraingíonn sé aird an phobail. Bhí an Cláiríneach i gceannas ar Loch Garman den chéad uair inné agus bhí níos mó ná 3,000 duine ag an gcluiche i nGuaire in aghaidh An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Cé go raibh bua 35 pointe ag Loch Garman ar na mic léinn inné, is beag seans go gcuirfidh an toradh leis an mbrú atá ar Fitzgerald feabhas a chur ar an bhfoireann óir bhí imreoirí ar iarraidh ar an bhfreasúra.

Ní hin le rá go dtabharfar mórán ama do Fitzgerald dul chun cinn a dhéanamh. Léiríodh anuraidh go go gceapann muintir Loch Garman go bhfuil na himreoirí tá acu sách maith. Rinneadh cáineadh ar an iarbhainisteoir, Liam Dunne, d’ainneoin go bhfuair Loch Garman an ceann is fearr ar Chorcaigh sa chraobh den chéad uair le 60 bliain anuas anuraidh.

Tabharfar sochar an amhrais do Fitzgerald, bunaithe ar an obair atá déanta aige i bPort Láirge agus sa Chlár, ach beifear ag súil le dul chun cinn gan mhoill.

Pictiúr: INPHO/Presseye/Andrew Paton

An teannas ag géarú i gCúige Uladh cheana féin

Go hiondúil, ba dheacair an slua 3,000 duine sin i nGuaire á shárú agus gan tús ceart curtha leis an séasúr fós, ach léirigh muintir chúige Uladh arís an deireadh seachtaine go bhfuil suim mhór acu i gCorn Mhic Cionnaith. Breis is 4,000 duine a tháinig go Páirc Breifne chun an choimhlint idir an Cabhán agus Tír Eoghain a fheiceáil.

Ba iad an fhoireann bhaile a thug an lá leo le ceithre phointe, 1-13 in aghaidh 0-12, agus cé nach mbíonn mórán anama i gcluichí seo mhí Eanáir de ghnáth, is cinnte go raibh teannas sa cheann seo. Cuireadh duine ón dá thaobh, Niall McDermott agus Mattie Donnelly, den pháirc agus taispeánadh cárta dubh do Seanie Johnston chomh maith.

Tabharfaidh na foirne seo aghaidh ar a chéile i Roinn 1 den tsraith ag deireadh mhí Feabhra agus gach seans go mbeidh slua níos mó fós ann.

Fág freagra ar 'Imreoirí óga Chiarraí sa tóir ar ardú céime agus a raibh le foghlaim ó chluichí an deireadh seachtaine'