Imreoir sacair sa chúirt i mBéal Feirste agus aitheantas á lorg aige dá phósadh daonnachach

Maíonn Laura Lacole agus Eunan O’Kane, imreoir sacair le Leeds United agus Éire go bhfuil leatrom á dhéanamh ar dhaonnachaithe toisc nach bhfuil aitheantas sa dlí ag an bpósadh daonnachach

Imreoir sacair sa chúirt i mBéal Feirste agus aitheantas á lorg aige dá phósadh daonnachach

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Beidh lánúin óg os comhair na hArd-Chúirte i mBéal Feirste inniu agus iarracht á déanamh acu aitheantas dleathach a fháil dá bpósadh daonnachach.

Tá tacaíocht á tabhairt do Laura Lacole, mainicín agus d’Eunan O’Kane, imreoir sacair le Leeds United agus Éire, ag príomheagraíocht dhaonnachach na Ríochta Aontaithe agus ag craobh na heagraíochta sin i dTuaisceart Éireann, agus iad ag maíomh go bhfuil leatrom á dhéanamh ar dhaonnachaithe toisc nach bhfuil aitheantas sa dlí ag an bpósadh daonnachach.

Faoi láthair, lánúin ar bith ar mian leo a bpósadh a bheith aitheanta sa dlí, níl de rogha acu ach pósadh reiligiúnach nó searmanas sibhialta a bheith acu. 

Lánúin ar bith ar mian leo pósadh daonnachach a dhéanamh agus stádas dlí a bheith ag an bpósadh sin, is éigean dóibh a bpósadh a chlárú mar phósadh sibhialta chomh maith.

Is amhlaidh an scéal i Sasana agus sa Bhreatain Bheag, ach ní hea in Albain ná i ndeisceart na hÉireann.

In Albain, tugadh aitheantas dleathach don phósadh daonnachach in 2005. Mhéadaigh líon na bpóstaí daonnachacha in Albain ó 80 sa chéad bhliain ar tugadh aitheantas sa dlí dóibh go dtí 4,300 in 2015. Bíonn níos mó póstaí daonnachacha thall anois ná mar a bhíonn póstaí in Eaglais na hAlban.

Ó dheas, tugadh aitheantas don phósadh daonnachach in 2012. In 2015, ba phóstaí daonnachacha 6% de na póstaí i bPoblacht na hÉireann –  trí oiread na bpóstaí a rinneadh in Eaglais na hÉireann an bhliain chéanna.

Tá an cás cúirte i mBéal Feirste á chur chun cinn ar bhun chearta an duine agus an lánúin ag maíomh go bhfuil sé éagórach go n-aithnítear póstaí reiligiúnacha ach nach n-aithnítear póstaí daonnachacha.

Tá Laura Lecole agus Eunan O’Kane ag pósadh an mhí seo chugainn.

Fág freagra ar 'Imreoir sacair sa chúirt i mBéal Feirste agus aitheantas á lorg aige dá phósadh daonnachach'