‘Impleachtaí móra’ do RTÉ sna dualgais teanga atá ar an gcraoltóir náisiúnta – taighde nua

Forálacha ‘suntasach’ maidir le dualgais teanga ar RTÉ san Acht Craolacháin 2009 ach níl dearbhú déanta fós go bhfuiltear ag géilleadh dóibh, dar leis an sochtheangeolaí, an Dr John Walsh

‘Impleachtaí móra’ do RTÉ sna dualgais teanga atá ar an gcraoltóir náisiúnta – taighde nua

Bheadh ‘impleachtaí móra’ i gceist do RTÉ dá gcuirfí i bhfeidhm ina iomláine an dualgas i leith na Gaeilge atá leagtha ar an gcraoltóir náisiúnta in Acht Craolacháin na bliana 2009, dar leis an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr John Walsh as Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

In alt leis atá foilsithe san eagrán reatha den iris dlí Dublin University Law Journal, deir an Dr Walsh go bhfuil roinnt forálacha ‘suntasacha’ a chuireann dualgas i leith clár Gaeilge ar RTÉ in alt 114 den Acht Craolacháin.

Tá tagairt ar leith déanta aige d’fho-alt 114(a)(3) den Acht, foráil a dhéileálann le príomhchuspóirí RTÉ agus a éilíonn go gcuirfeadh an craoltóir “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir oileán na hÉireann uile ar réimse é ina mbeidh cláir lena gcuirtear siamsa, eolas agus oideachas ar fáil…”

Ag tagairt don fhoráil sin, deir an sochtheangeolaí san alt nuafhoilsithe: ‘A ‘comprehensive range’ of programmes in Irish across a ‘range of genres’ is a far reaching provision which, if implemented, would have significant implications for RTÉ’.

Meabhraíonn sé san alt freisin go bhfuil tagairt ar leith déanta san Acht do dhualgas maidir le ‘cláir nuachta agus chúrsaí reatha Gaeilge agus Béarla a sholáthar’ lena n-áirítear ‘cláir lena soláthraítear tuairisciú ar imeachtaí i dTithe an Oireachtais agus i bParlaimint na hEorpa…’

Tá an clúdach nuachta i nGaeilge ar RTÉ a shamhlaítear sa bhforáil sin ‘i bhfad níos leithne’ ná mar atá sa soláthar cúrsaí reatha atá ag RTÉ faoi láthair, dar leis an sochtheangeolaí agus saineolaí ar an reachtaíocht teanga.

‘Níl aon imscrúdú déanta go dtí seo ag an gCoimisinéir Teanga ar ghéilliúlacht RTÉ do na forálacha seo,’ a deir an Dr Walsh.

Enactments Concerning the Irish Language, 1922-2016 is teideal don alt i mBéarla leis an Dr Walsh ina ndíríonn sé ar an reachtaíocht ar fad atá achtaithe ag Tithe an Oireachtais in imeacht na mblianta ina bhfuil forálacha faoi chúrsaí Gaeilge inti.

Áiríonn sé go bhfuil tagairtí do dhualgais reachtúla teanga luaite i 156 Acht éagsúil, sa bhreis ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, ó bhunú an Stáit. 

Fág freagra ar '‘Impleachtaí móra’ do RTÉ sna dualgais teanga atá ar an gcraoltóir náisiúnta – taighde nua'

  • Mánus

    Nach íontach na cearta teanga bunreachtúla agus na dualgais oifigiúla teoiriciúla i leith na Gaeilge atá ar na Ranna Stáit sa Deisceart! Ach faraor, faoin am seo is léir gur “smokescreen” iad ar fad le go mbeidh an Stáitín in ann dallamullóg a chur ar Ghaeilgeorí. Tá Stáitín an Deiscirt in aghaidh athbheochaint na Gaeilge. Níl na ceanneagrais / eagraíiochtaí in ann sin a admháil toisc iad go léir ag braith ar deontais (scillingí) an Stáitín.