Impleachtaí móra ag baint leis an gcinneadh go gcaithfidh Apple €13 billiún a aisíoc le hÉirinn

Chinn Coimisiún na hEorpa inniu go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht cánach

Impleachtaí móra ag baint leis an gcinneadh go gcaithfidh Apple €13 billiún a aisíoc le hÉirinn

Tá cinneadh déanta ag Coimisiún na hEorpa go gcaithfidh Éire €13 billiún a lorg ón ollchomhlacht Apple in aisíocaíocht cánach.

Is é seo an rialú cánach is mó atá déanta ag an Aontas Eorpach maidir le haon chomhlacht amháin agus d’fhéadfadh go leor impleachtaí a bheith i gceist don ghnó idir an Eoraip agus na Stáit Aontaithe.

D’fhéadfadh go mbeadh impleachtaí móra ag baint le cinneadh an lae inniu ó thaobh na polaitíochta de in Éirinn freisin, go háirithe má dhéanann an Rialtas iarracht gan glacadh leis an aisíocaíocht tráth a bhfuil pinginí fós gann sa státchiste.

Agus an rialú á dhéanamh inniu, thug an Coimisiún le fios gur sheachain Apple cáin a íoc ar bhrabach a rinne an comhlacht i margadh an Aontais Eorpaigh. Rinneadh é seo trí earraí a díoladh i dtíortha eile san Eoraip a lua le hÉirinn seachas leis na tíortha ina díoladh iad. Dúradh gur bhain Apple feidhm as ‘ceannáras’ in Éirinn “nach raibh aon fhostaithe, áitreabh ná gnó dáiríre ar bun ann”.

Thug an cleachtas seo “buntáiste suntasach” do Apple thar chomhlachtaí eile, a dúradh sa ráiteas a d’eisigh an Coimisiún inniu.

“Ní ceadmhach do bhallstáit buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach a thabhairt do chomhlachtaí áirithe seachas comhlachtaí eile – tá sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit,” a dúirt an Coimisinéir Margrethe Vestager.

Dúirt lucht Apple go mbeidh achomharc á dhéanamh acu faoi chinneadh an lae inniu agus go bhfuil muinín acu go gcuirfear an cinneadh ar ceal. Dúirt an comhlacht chomh maith go bhféadfadh go mbeadh “impleachtaí tromchúiseacha” ag an gcinneadh do chúrsaí fostaíochta agus infheistíochta san Eoraip.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook, cheana gur “political crap” a bhí san fhiosrúchán.

Tá séanta ag Rialtas na hÉireann agus Apple go bhfuil margadh speisialta acu ó thaobh cúrsaí cánach de agus meastar go gcuirfidh an Rialtas i gcoinne chinneadh an lae inniu.

Tá caidreamh Apple le hÉirinn maidir le cúrsaí cánach á fhiosrú ag an gCoimisiún ó Mheán Fómhair 2014, agus margaí a rinneadh i 1991 agus 2007 go háirithe á bhfiosrú acu.

Deir an Coimisiún gur sárú a bhí sna margaí cánach sin ar rialacha an Aontais Eorpaigh. De réir fiosrúcháin a rinne Seanad Stát Aontaithe Mheiriceá in 2013, is ar éigean a d’íoc Apple aon cháin ar $74 billiún thar thréimhse ceithre bliana.

Ní bhfuarthas aon fhianaise san fhiosrúchán sin go raibh aon rud as bealach i gceist.

Fág freagra ar 'Impleachtaí móra ag baint leis an gcinneadh go gcaithfidh Apple €13 billiún a aisíoc le hÉirinn'

  • padraig

    Seo buille maraithe na muice ar fad, Noonan agus a mhaidríní lathaí agus an dorn dúnta á speáint acu do bhilliúin Apple a goideadh ó mhuintir na hÉireann. Agus vótálfaimid dóibh arís amach anseo. Nach cloíte basctha an dream sinn. (is mar mhaithe leis na ‘na fiacha a dhíscríobh’ a rachaidh an Eoróip sa tóir ar an airgead seo dála an scéil, ní chun cuidiú linne caoire iarthar na hEorpa)