Imní léirithe roimhe seo faoi bhaol tine sa bhloc árasán a dódh aréir i Londain

Maraíodh ar a laghad dáréag sa tine mhór i mbloc árasán Túr Grenfell i dtuaisceart Kensington i Londain aréir agus meastar go bhféadfadh líon na marbh a bheith níos airde

Imní léirithe roimhe seo faoi bhaol tine sa bhloc árasán a dódh aréir i Londain

Tá ráite ag an gcomhlacht bainistíochta atá ag plé leis an mbloc árasán i Londain a chuaigh trí thine aréir go raibh siad ar an eolas faoi “imní” a bheith ar dhaoine a bhí ina gcónaí ann faoi bhaol tine.

“Táimid ar an eolas gur chuir áitritheoirí a gcuid imní in iúl roimhe seo,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Eagras Bainistíochta Tionóntaí Kensington agus Chelsea.

Tuairiscítear chomh maith gur lorg ball de bhord stiúrtha an chomhlachta fiosrúchán neamhspleách faoi shábháilteacht na n-árasán nuair a deineadh athchóiriú ar an túr i mí an Mhárta.

Dúirt an comhlacht go gcaitear go “dáiríre” lena leithéid de ghearáin agus go mbeidh an scéala go raibh imní ar thionóntaí ina chuid “lárnach” dá bhfiosrúchán faoin tine.

Maraíodh ar a laghad dáréag sa tine mhór i mbloc árasán Túr Grenfell i dtuaisceart Kensington i Londain aréir. Meastar go bhféadfadh líon na marbh a bheith níos airde agus tuairiscítear go bhfuil 18 duine eile go dona san ospidéal.

Cuireadh fios ar na seirbhísí dóiteáin go gairid roimh 1am agus tháinig 40 briogáid dóiteáin agus 200 fear dóiteáin ar an láthair. Táthar fós ag iarraidh an tine a cheansú.

Meastar go raibh na céadta duine sa bhloc árasán nuair a thosaigh an tine agus níl scéala faighte fós faoi chuid de na daoine sin.

Ní fios go fóill cad ba chúis leis an tine agus tá fiosrúchán curtha ar bun ina taobh.

Dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May gur chúis mhór bróin di an “tragóid” agus tá ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn ag éileamh go mbeadh díospóireacht faoin scéal i bParlaimint Westminster amárach.

Tá an fógra a bhí le déanamh inniu i dtaobh an mhargaidh idir an DUP agus an Páirtí Caomhach maidir le rialtas nua a bhunú curtha ar athlá i bhfianaise na tragóide.

Fág freagra ar 'Imní léirithe roimhe seo faoi bhaol tine sa bhloc árasán a dódh aréir i Londain'