Imní léirithe ag Adams sa Dáil faoi sholáthar múinteoirí don pholasaí oideachais Gaeltachta

Deir ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams gur údar imní dó nach bhfuil tús curtha fós ag an Roinn Oideachais leis an bpróiseas tairisceana do chlár oiliúna i nGaeilge d’ábhar oidí

Imní léirithe ag Adams sa Dáil faoi sholáthar múinteoirí don pholasaí oideachais Gaeltachta

Tá sé curtha in iúl don Taoiseach ag ceannaire Shinn Féin Gerry Adams gur údar imní dó nach bhfuil tús curtha fós ag an Roinn Oideachais leis an bpróiseas tairisceana do chlár oiliúna i nGaeilge d’ábhar oidí.

Seoladh an Polasaí Oideachais Gaeltachta ar an gCeathrú Rua i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite. Faoin straitéis, bronnfar stádas ‘scoil Ghaeltachta’ ar scoileanna sa Ghaeltacht a bhíonn ag teagasc go hiomlán i nGaeilge.  Chuige sin, le cur le líon na múinteoirí atá in ann teagasc i nGaeilge, agus le feabhas a chur ar chaighdeán an teagaisc sin, tá foráil sa Pholasaí le clár nua oiliúna a chur ar fáil.

Níl tús curtha ag an Roinn leis an bpróiseas tairisceana don chlár nua oiliúna sin go fóill, áfach. Fágann sé sin nach mbeidh aon mhúinteoir breise á chur ar fáil do scoileanna Gaeltachta faoin bPolasaí don scoilbhliain 2017/18. Gealladh sa Pholasaí go mbeadh 30 múinteoir bunscoile agus 30 múinteoir iarbhunscoile breise ar fáil do scoileanna Gaeltachta ón scoilbhliain 2018/19 ar aghaidh.

Níl ach clár amháin ann, faoi láthair, a chuireann oiliúint i nGaeilge ar fáil do mhúinteoirí iarbhunscoile, an Mháistreacht Ghairmiúil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

D’fhiafraigh Gerry Adams den Taoiseach, Enda Kenny sa Dáil an raibh sé sásta leis an tréimhse ama a bhí leagtha amach ag an Roinn Oideachais don soláthar múinteoirí.

“The Department of Education and Skills, however, has yet to commence the drafting of a tender process for this. When that is done the successful provider has to turn the programme into action. This will mean that the additional teachers will not be available before September 2018. Is the Taoiseach satisfied with this timeframe?

“I have a real concern that the delay will undermine the ability of schools to meet the targets set by the Gaeltacht education policy. Will the Taoiseach indicate the current status of the tender process and will he update the Dáil on the overall policy?,” a d’fhiafraigh ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams.

Dúirt an Taoiseach gur polasaí ‘radacach’ a bhí sa pholasaí Gaeltachta agus gur chuir an pobal fáilte roimhe.

Ní dúirt an Taoiseach bealach amháin nó bealach eile an raibh sé “sásta” le clár ama na Roinne Oideachais ná níor thagair sé ina fhreagra don phróiseas tairisceana.

Tá ceist curtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Oideachais faoi cén uair a bhfuil sé i gceist acu tús a chur leis an bpróiseas tairisceana.

Tá imní léirithe cheana ag an eagraíocht Gaeloideachas faoin scéal nach mbeadh múinteoirí breise á gcur ar fáil do scoileanna Gaeltachta i mbliana.

Cháileoidh 34 múinteoir iarbhunscoile ón gcúrsa Máistreachta Gairmiúla i nGaillimh don scoilbhliain 2017/18. Deir Gaeloideachas nach leor an méid sin le freastal ar an éileamh atá ann i scoileanna Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Imní léirithe ag Adams sa Dáil faoi sholáthar múinteoirí don pholasaí oideachais Gaeltachta'