Imní faoi vóta Brexit abhus agus leathshúil ar Trump leis

Beidh tionchar nach beag ar Éirinn ag na roghanna a dhéanfaidh vótóirí sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe

Trump Brexit

Dúirt fear stuama gnó leis an scríbhneoir seo fadó nach dteastaíonn ach rud amháin dáiríre ó lucht gnó agus polasaithe rialtais á bplé.

“Is breá linn cáin íseal i gcónaí, laghdú ar chaiteachas de ghnáth, agus srian ar rialacháin go minic. Ach fiafraigh dínn céard é an rud is mó a theastaíonn uainn, agus tabharfaimid an freagra céanna i gcónaí: cinnteacht.”

Níor chuir na cainteanna fada leadránacha faoi bhunú an rialtais nua ró-imní ar lucht gnó. Bhí sé soiléir ó thosaigh na cainteanna nach dtiocfadh aon athrú bunúsach ar léargas gnó na tíre mar gheall ar an margadh a dhéanfaí faoi dheireadh.

Ní féidir leo a bheith baileach chomh cinnte faoin tionchar a bheidh ag an reifreann sa Ríocht Aontaithe ar bhallraíocht san AE ar an 23 Meitheamh ar chúrsaí na hÉireann. Ná faoin tionchar a bheadh ag an toghchán uachtaránachta sna Stáit Aontaithe ar an 8 Samhain, dá dtoghfaí Donald Trump.

Donald Trump

Samhlaigh, mar shampla an éiginnteacht idirnáisiúnta a spreagfaí dá dtoghfaí Trump ina Uachtarán. Ní bhíonn cur chuige uachtaráin ar bith i Washington soiléir go hiomlán sula dtosaíonn a thréimhse in oifig, ach is doimhne an easpa eolais i gcás Trump. Ní léir go bhfuil a fhios aige féin fiú amháin conas a chuirfeadh sé a gheallúint (“We’re gonna make America great again”) i gcrích dá mbeadh sé i gcumhacht.

Is treise an imní atá ar lucht gnó abhus, áfach, faoi vóta atá níos cóngaraí dúinn – reifreann Eorpach na Breataine. Dúirt stiúrthóir Retail Ireland Thomas Burke Dé Céadaoin go bhfuil an éiginnteacht atá á cothú ag an reifreann ag cur isteach ar mhiondíoltóirí cheana féin. Ní fios, a dúirt sé, cé mar a chuirfí isteach ar chúrsaí gnó abhus dá vótálfaí i bhfabhar aistarraingt ón AE.

Ní dhéanfadh Breatimeacht nó Brexit ár n-aimhleas ar gach bealach. Mar shampla, d’fhoilsigh Bloomberg tuairisc Dé Céadaoin ar chomhráite atá ar bun idir feidhmeannaigh ón IDA agus bainc éagsúla faoi aistriú oifigí ón mBreatain i gcás na Breatimeachta.

Ach is líonmhaire na húdair imní, mar shampla, maidir le caidreamh trasteorann den uile chineál.

Níl claonadh soiléir sna pobalbhreitheanna thall i bhfabhar ná in aghaidh bhallraíocht san AE. Níl aon rogha mar sin ag rialtas na hÉireann ach dlús a chur le ‘Plean B’.

Céard é, i mbeagán focal? Athmhachnamh ó bhonn ar gach gné de pholasaí eacnamaíochta an rialtais. Agus ní bheadh sa ghnó sin ach tús na hoibre.

Láimhseáil na meán

D’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt tuairisc an bhreithimh Kevin O’Higgins ar mhí-iompar a cuireadh i leith Gardaí áirithe i gCabhán-Muineachán maidin Dé Céadaoin.

Sin ráite, ba léir gur ‘foilsíodh’ an cháipéis ar dhóigh a chuir bac ar chur síos cruinn agus ar chíoradh tomhaiste sna meáin, ar thrí chúis.

 

  1. Cuireadh moill ar fhoilsiú na tuairisce ar feadh breis agus coicís tar éis don bhreitheamh í a chur faoi bhráid Frances Fitzgerald ar an 25 Aibreán.
  2.  Níor tugadh ach fógra leathuaire d’iriseoirí roimh lánfhoilsiú na tuairisce Dé Máirt, cé gur sceitheadh sleachta di roimh ré.
  3.  Mar gheall ar an bhfógra gairid, ní raibh deis ag iriseoirí an cháipéis 362 leathanach a léamh go hiomlán sular labhair Frances Fitzgerald ag preas-ócáid ghairid, sula ndeachaigh sí chun na Ginéive, áit ar fhreastail sí ar chruinniú le coiste cearta daonna na Náisiún Aontaithe.

Bhí bainistíocht nuachta den chineál céanna ar bun nuair a foilsíodh tuairisc Fennelly anuraidh.

Má tá ré nua pholaitiúil buailte linn, tá sean-nós rialtais amháin ar a laghad á chleachtadh i gcónaí.

 

Is láithreoir ar Morning Ireland ar RTE Raidió a hAon é Cathal Mac Coille