Imní faoi laghdú foirne i Saotharlann Taighde Mara Charna

Rinneadh obair cheannródaíoch sa tSaotharlann Mara i Maínis i gCarna san aimsir a caitheadh ach is beag scéim taighde eile atá ar bun anois ann

nuig-carna

Is údar imní agus éadóchais é in iarthar Chonamara go bhfuil baol ann go ndéanfar tuilleadh laghdaithe ar an bhfoireann sa tSaotharlann Taighde Mara atá ag Ollscoil na hÉireann i Maínis i gCarna.  Bhíodh cuid mhaith de scór fostaithe go buan ansin sna 1990dí ach níl ach seisear ann go buan anois.  Tá Ollscoil na hÉireann i nGaillimh ag déanamh staidéir anois ar an tsaotharlann agus tá scéalta ann go bhféadfadh tuilleadh postanna a bheith i mbaol. 

Níor cuireadh bainisteoir nua ar bith isteach sa tSaotharlann i Maínis ó d’imigh an té a bhí ann sé mhí ó shin. Tuigtear do Tuairisc.ie go ndúradh nach raibh an t-airgead ann le tuarastal bainisteora a íoc.  As Gaillimh atá ceannas bainistíochta ar an tsaotharlann anois.  Cé is moite de thaighde a bhaineann le cineálacha éisc a bheadh in ann smacht a chur ar mhíola farraige thart ar chliabháin feirmeoireachta bradán, is beag eile scéim taighde atá ar bun sa tSaotharlann anois. 

An comhlacht feirmeoireachta bradán, Marine Harvest Ireland, atá ag coinneáil cuid mhór den airgead leis an taighde sin.

Tá cosúlachtaí ann go bhfuil lagan ag teacht ar stádas na Saotharlainne – nó an ‘Lab’ mar a thugtar air sa gceantar – le tamall fada blianta.   

Rinne coistí pobail in Iorras Aithneach iarrachtaí le béim a chur in athuair ar fhorbairt na Saotharlainne Mara agus bhíodh cruinnithe rialta acu le bainistíocht na Saotharlainne agus le hionadaithe as an Ollscoil i nGaillimh.  Tarraingíodh anuas forbairt na Saotharlainne freisin le hÚdarás na Gaeltachta.

Roinnt blianta ó shin, shocraigh an tÚdarás i gcomhar leis an Ollscoil go ndéanfaí forbairt mhór ar an láthair i Maínis agus d’fhógair an tÚdarás go mbeadh €4 milliún ar fáil uathusan lena aghaidh sin.

Bheadh roinnt ionad fiontraíochta a bhainfeadh le táirgí cladaigh agus farraige suite ansin. Ach fiú agus gur choinnigh coistí sa gceantar brú ar chaon dream acu, d’imigh an plean i léig.  Ba é an scéal ba mhinice a chloistí ná nach raibh Ollscoil na hÉireann i nGaillimh agus Údarás na Gaeltachta in ann a theacht ar shocrú faoi phíosa talún gar don tSaotharlann, a bhí i seilbh na hOllscoile agus a bhí ceaptha a bheith ina láthair don fhorbairt. Ba dá bharr sin, a dúradh, nach bhféadfaí an scéal a chur níb fhaide.   

Tharla cúpla teip eile a bhí ina n-údar díomá sa gceantar cé nach ar an obair thaighde a bhí an locht.  Bhí an tSaotharlann bainteach leis an scéim forbartha trosc in iarthar Chonamara a raibh an-bharúil di os cionn deich mbliana ó shin.  Seoladh an tionscnamh seo agus rabharta poiblíochta agus pictiúir sna meáin.  Bhí  Údarás na Gaeltachta istigh go láidir ann agus iad páirteach sa gcomhlacht taighde. Ach sa deireadh, scoireadh an comhlacht sin agus níor tháinig mórán borrtha faoi thionscal na dtrosc.

In 2003, tugadh duais náisiúnta fiontraíochta Ernest and Young do bheirt eolaithe a rinne obair mhór ar shíolrú Eachanna Mara sa tSaotharlann ach ní raibh aon tionscal feiceálach sa réimse sin i gConamara ina dhiaidh sin.

Bhí scéim taighde ar fheamainn ar bun sa tSaotharlann le riar blianta agus tá sé críochnaithe agus tá an t-eolaí a bhí ina bhun ag obair san Ollscoil i nGaillimh cuid mhaith den am anois. 

Rinneadh obair cheannródaíoch sa tSaotharlann Mara i Maínis i gCarna san aimsir a caitheadh.  Bunaíodh é faoi scáth Ollscoil na hÉireann i nGaillimh sna 1970dí.  Bhí ceangal ag na heolaithe le Comharchumann na nIascairí sa gceantar agus bhí lámh acu i bhforbairt na feirmeoireachta bradán.  Ba in iarthar Chonamara a cuireadh bonn faoin tionscal sin in Éirinn an chéad lá riamh.  Bhí saothar agus oibreacha eile ar bun ann – an obair a rinneadh ar shíolrú an abalone ina measc.  Chuireadh Ollscoil na hÉireann i nGaillimh a bhuiséad féin ar fáil don tSaotharlann, ar feadh scór bliain thar éis a bunaithe.  Tugadh isteach díreach faoi chóras airgid na hOllscoile é níos deireanaí.

Bhíodh cuid mhaith de scór ag obair go buan ann agus bhí cuid de na heolaithe a tháinig ann ina gcónaí i gceantar Charna agus lonnaigh cuid acu go buan ansin.  Bhí lorg eacnamaíochta agus sóisialta na Saotharlainne le feiceáil ar an bpobal in iarthar Chonamara.

Tá sé mar pholasaí ag Ollscoil na hÉireann go gcaithfidh an tSaotharlann tionscnaimh taighde agus airgead as cistí taighde agus ó chomhlachtaí a tharraingt chuici féin.  Ó tharla teorainneacha Eorpacha a bheith ar an iascaireacht thraidisiúnta,  agus ó tharla an fheirmeoireacht éisc a bheith ag cúlú sa tír seo, tuigtear gur beag fonn atá ar dhream ar bith acu sin airgead a chaitheamh anois ar thaighde agus ar fhorbairt a bhaineann leis an gcladach agus leis an bhfarraige.

Fág freagra ar 'Imní faoi laghdú foirne i Saotharlann Taighde Mara Charna'