‘Imní’ faoi easpa eolais maidir le hAonad Gaeltachta nua na Roinne Oideachais

Níl an Roinn Oideachais sásta a rá cé acu an mbeidh gá le daoine nua a fhostú don Aonad atá le bunú an bhliain seo chugainn nó an daoine atá fostaithe sa Roinn a bheidh ina bhun

‘Imní’ faoi easpa eolais maidir le hAonad Gaeltachta nua na Roinne Oideachais

Níl an Roinn Oideachais sásta a rá cé acu an earcófar daoine nua le bheith ag obair san Aonad nua Gaeltachta atá le bunú an bhliain seo chugainn nó an daoine atá fostaithe sa Roinn cheana féin a chuirfear ag obair ann.

Dúirt an Roinn Oideachais le Tuairisc.ie go bhfuil siad “sásta” go mbeidh sé ar a gcumas teacht ar an bhfoireann don Aonad Gaeltachta “mar is cuí” ach dhiúltaigh siad aon eolas breise a thabhairt faoi cén chaoi a d’earcófaí an fhoireann sin ná faoi cén leagan amach a bheadh ar an Aonad.

“Tá an Roinn i mbun oifig nua a bhunú agus beidh tuilleadh eolais in am trátha,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne.

Bunófar an tAonad Gaeltachta nua sa Roinn Oideachais go luath in 2017 chun an polasaí nua Gaeltachta a chur i bhfeidhm agus bunófar seirbhís sainchigireachta le tacú leis an Aonad sin monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an pholasaí.

Tá an easpa eolais faoin leagan amach a bheidh ar an Aonad nua ag déanamh imní do lucht an Ghaeloideachais agus do pholaiteoirí Gaeltachta. Ní léir go fóill cá mbeidh an tAonad lonnaithe, cé mhéad duine a bheidh ag obair ann, nó cén struchtúr a bheidh air, nó cé na hacmhainní a bheidh aige.

Chuir Leas-Uachtarán na heagraíochta Gaeloideachas, Anna Ní Chartúir, ceisteanna faoin mbealach a n-oibreoidh an tAonad nua Gaeltachta le linn cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo.

“Ba mhaith linn go mbeadh tuiscint níos fearr againn ar an Aonad Gaeltachta. Cé a bheidh [ag obair] ann? Céard iad na dualgais a bheidh orthu? Ba mhaith linn go mbeadh ceannasaíocht láidir san Aonad sin, agus go mbeadh tuiscint ar leith acu ar an oideachas Gaeltachta agus ar scoileanna Gaeltachta,” a dúirt sí.

Dúirt daoine eile a bhíonn ag plé le cúrsaí oideachais Gaeltachta agus lánGhaeilge le Tuairisc.ie go gcaithfear a bheith cinnte gurb í an Ghaeilge teanga oibre an Aonaid nua agus go mbeidh saineolas acu siúd a bheidh ag obair ann ar an ngaeloideachas.

“Tá an t-eolas againn cheana féin ón iarChoimisinéir Teanga faoina laghad daoine le Gaeilge atá fostaithe ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Cé mhéad duine a bheidh ag obair san Aonad nua seo agus cé mhéad acu a mbeidh Gaeilge líofa acu?”

“Tá scéalta ann go mbeidh duine nó beirt fostaithe san ionad leis na fóin a fhreagairt agus gurb í sin an tseirbhís Ghaeilge a bheidh á cur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. D’fhéadfadh sé nach mbeadh Gaeilge ag duine ar bith eile ann agus gurb é an Béarla a bheidh ina theanga oibre ann. Ní hin an tuiscint atá agamsa ar Aonad Gaeltachta,” a dúradh.

Dúirt urlabhraí na Roinne go bhfuiltear “sásta” gurbh í an Ghaeilge a bheidh ina teanga oibre san Aonad sin.

Dúirt an t-iarChoimisinéir Teanga in óráid a thug sé i dTithe an Oireachtais roinnt blianta ó shin, gur thug an Roinn Oideachais le fios dó nach raibh a ndóthain Gaeilge ach ag 1.5% d’fhoireann riaracháin na Roinne lena gcuid oibre a dhéanamh i nGaeilge. 

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie ar fhigiúirí a fuarthas i mbliana, ní raibh oiread agus post amháin sainaitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna mar phost a bhfuil an Ghaeilge riachtanach dó.

Níl an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív “muiníneach” go bhfuil aon pholasaí ag an Roinn Oideachais le daoine le Gaeilge a fhostú le freastal ar lucht labhartha na teanga.

“Ní bheathaíonn na briathra na bráithre. Ní bheadh mé muiníneach go bhfuil polasaí ar bith ag an Roinn chun seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil do dhuine ar bith. Níor léir, ó cheisteanna Dála atá curtha agam cheana, go raibh aon pholasaí acu ag aon am.

“Níor léir gur aithin siad go raibh gá lena leithéid de pholasaí nó go gcaithfí freastal ar chainteoirí Gaeilge i nGaeilge. Má tá sé le déanamh acu anois ba cheart é a dhéanamh do na gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí ar fud na tíre. Ach ní bheadh muinín agam go bhfuil aon pholasaí acu,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Imní’ faoi easpa eolais maidir le hAonad Gaeltachta nua na Roinne Oideachais'