Imní ar lucht pleanála teanga i nGaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a mbíonn Béarla acu sa bhaile

Rinne Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt suirbhé ar staid na Gaeilge sa cheantar mar chuid de phlean teanga atá á dhréachtú acu

Imní ar lucht pleanála teanga i nGaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a mbíonn Béarla acu sa bhaile

Tá imní léirithe ag lucht pleanála teanga i nGaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a bhfuil an Béarla in uachtar acu sa bhaile.

Dúirt Aodh Mac Ruairí ó Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt, an grúpa atá ag tabhairt faoin bpleanáil sa limistéar pleanála teanga ina bhfuil Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir, go bhfuil sé “go holc” go léiríonn suirbhé teanga nua gur Béarla is mó a bhíonn á labhairt sa bhaile ag 56% de pháistí an cheantair.

Dúirt sé gur “údar misnigh” atá ann, áfach, go labhraíonn 86% de dhaltaí scoile an cheantair an Ghaeilge gach lá lena gcuid múinteoirí ar scoil.

Rinne an Mheitheal suirbhé ar staid na Gaeilge sa cheantar mar chuid de phlean atá á dhréachtú i láthair na huaire le dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an nGaeilge mar theanga phobail.

Fuarthas amach sa suirbhé go bhfuil Gaeilge líofa ag 69% den phobal sa cheantar agus go labhraíonn 68% an teanga ar bhonn laethúil.

“Tá na figiúirí sin ag teacht leis an dá mhórstaidéar a rinneadh in 2007 agus in 2014 – an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch agus an tUasdátú a rinneadh air. Bhí na torthaí iontach cosúil lenár bhfigiúirí féin agus tá muid muiníneach, mar sin, gur suirbhé iontaofa atá déanta againn. Léiríonn na staidéaracha agus figiúirí ar fad go bhfuil bhfuil an Ghaeilge i mbaol,” a dúirt Mac Ruairí le Tuairisc.ie.

Dúirt sé go bhfuil “cuid mhór taighde” déanta ar an ábhar sa cheantar agus go bhfuil plean á dhréachtú anois a chuirfear faoi bhráid Údarás na Gaeltachta i gceann trí seachtaine.

“Dhírigh muid ar 13 réimse sa phobal, idir mhúinteoirí, eagrais, sheirbhísí, naíonraí agus rudaí eile. Tá gach aon réimse Gaeilge sa cheantar clúdaithe agus chuireamar ceistneoirí amach. Tá an t-eolas uilig bailithe againn anois agus an plean á dhréachtú.

“Cuirfear os comhair an Údaráis é i gceann cúpla seachtain agus déanfaidh siad é a cheadú nó a dhiúltú. An chéad chéim eile ina dhiaidh sin ná an plean a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Tá 40 moladh, atá “measartha uaillmhianach” sa phlean ina leagtar síos na bealaí a thabharfaidh an Mheitheal faoin bpleanáil teanga a chur i bhfeidhm “mar is ceart”.

Dúirt Mac Ruairí go bhfuil dúshláin roimh an Meitheal agus go gcaithfear an pobal a thabhairt leo má táthar leis an bplean a chur i bhfeidhm. Dúirt sé go gcaithfeadh an meon ceart a bheith ag na ranna éagsúla Rialtais agus na heagraíochtaí eile a bheidh ag plé leis an bpleanáil teanga in iarthuaisceart Thír Chonaill.

“Is minic nach dtuigtear an tábhacht eacnamaíochta agus eile a bhaineann leis an nGaeilge sa cheantar. Ní thuigeann cuid den phobal na buntáistí ar féidir a bhaint aisti agus sin ceann de na mórdhúshláin atá romhainn.

“Nuair a bhíonn cruinnithe poiblí faoi cheisteanna eile, na táillí uisce agus an cineál sin ruda, bíonn an teach lán go doras. Ní mar sin a bhíonn sé i gcónaí leis an bpleanáil teanga. Ní fheictear do roinnt daoine go mbaineann an Ghaeilge leis an bpóca,” a dúirt Aodh Mac Ruairí ó Mheitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt.

Beidh dhá chruinniú pleanála teanga sa cheantar ar an 17 Samhain agus ar an 23 Samhain.

Fág freagra ar 'Imní ar lucht pleanála teanga i nGaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a mbíonn Béarla acu sa bhaile'

  • Lillis Ó Laoire

    Obair thábhachtach os bhur gcomhair leis an mhuintir óga a thabhairt i dtreo na teanga. Ádh mór oraibh.